Admhaithe ag Údarás na Gaeltachta go ndearnadh botún i bhfigiúirí i dtuarascáil faoin AI

Dúirt an Phríomh-Oifig Staidrimh nach raibh aon bhunús leis na figiúirí a bhí luaite i dtuarascáil a réitigh Ernst and Young d’Údarás na Gaeltachta faoin AI

Admhaithe ag Údarás na Gaeltachta go ndearnadh botún i bhfigiúirí i dtuarascáil faoin AI

Tá sé admhaithe ag Údarás na Gaeltachta go raibh botún sa tuarascáil a d’fhoilsigh an eagraíocht faoin Intleacht Shaorga an tseachtain seo caite agus leagan leasaithe di réitithe.

Maíodh sa tuarascáil IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara gur “tharla 72,000 comhrá Gaeilge” in 2022, agus luadh figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh mar fhoinse.

Foilsíodh leagan nua den tuarascáil i ndiaidh do Tuairisc bailíocht cuid den na figiúirí agus meastacháin ann a fhiosrú.

Tá glactha ag an Údarás leis nach raibh “bunús” leis an maíomh maidir le comhráite Gaeilge, mar a dheimhnigh urlabhraí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh.

Dúirt urlabhraí de chuid Ernst and Young leis an Údarás go raibh “ceartú” le déanamh ar an tuarascáil inar maíodh gur tharla “~72,000 comhrá Gaeilge taobh amuigh den timpeallacht oideachais” agus go raibh an maíomh sin bunaithe ar an daonáireamh.

Dúradh sa ráiteas gur chóir go mbeadh “cainteoirí laethúla Gaeilge” luaite leis an tsuim 72,000 seachas “comhrá Gaeilge”.

An líne leasaithe atá anois sa tuarascáil ná “Bunaithe ar dhaonáireamh 2022, bhí ~72,000 cainteoir Gaeilge taobh amuigh den timpeallacht oideachais (cso.ie).”

Tagann an ráiteas sin le figiúr an CSO go raibh 71,968 cainteoir Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais in Éirinn in 2022.

Bhain an chuid den tuarascáil ar luadh an 72,000 cainteoir ann le moladh de chuid an Údaráis ‘bota comhrá’ don tSeirbhís Phoiblí a chruthú a d’fhéadfadh glaonna i nGaeilge a thógáil ón bpobal in áit fostaithe a mbeadh Gaeilge acu.

Maíodh sa mhír chéanna sa tuarascáil go bhféadfaí “níos mó ná €440,880 a shábháil gach bliain” dá mbeadh “córas IS uathoibrithe” i bhfeidhm in áit “foireann freagartha glaonna”.

Oibríodh an tsuim sin amach trí mheasúnú a dhéanamh ar líon na nglaonna fóin i nGaeilge a chuirtear ar an tSeirbhís Phoiblí gach bliain. Measann an tÚdarás go gcuirtear 1,440 glao i nGaeilge ar an tSeirbhís Phoiblí gach lá, agus go gcosnaíonn gach glao €1.37.

Is cosúil go bhfuil na figiúirí sin bunaithe ar mheastachán Ernst and Young go mbíonn 2% den 72,000 duine a thug le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh Gaeilge acu ag glaoch ar an tSeirbhís Phoiblí gach lá.

Ní luaitear sa ráiteas cén bunús a bhí leis an meastachán sin agus fiú má ghlactar leis tá neamhréir i gcónaí i bhfigiúirí na tuarascála.

Thug Ernst and Young le fios go measann siad go gcuirtear 316,800 glao i nGaeilge ar an tSeirbhís Phoiblí gach bliain. Dúradh freisin go maireann na comhráite sin “cúig nóiméad ar an meán”. Tagraítear don “mheánráta pá in aghaidh na huaire a íoctar le fostaí in ionad teagmhála in Éirinn” sa tuarascáil – €16.70/uair – agus luaitear chomh maith payscale.com mar fhoinse leis an eolas sin.

Is ar na figiúirí seo atá an tsuim €440,880 bunaithe.

Ní léir, áfach, cé as a dtáinig meastachán Ernst and Young go dtarlaíonn 316,800 comhrá Gaeilge idir an pobal agus an tSeirbhís Phoiblí sa bhliain, fiú bunaithe ar a bhfigiúr féin “1,440 comhrá sa lá”.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc ar mheastachán Ernst and Young faoi líon na na nglaonna i nGaeilge a dhéantar gach bliain leis an tseirbhís phoiblí, ní léir cén chaoi ar tháinig siad ar an 316,800 comhrá.

Maítear sa tuarascáil go gcuireann an easpa cainteoirí líofa Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí “srian” leis na seirbhísí a bhíonn ar fáil trí Ghaeilge agus go bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb sin leis an AI.

“Is féidir an dúshlán seo a mhaolú, go pointe áirithe, trí chomhráite IS trí Ghaeilge ar líne theilfeafóin chun déileáil le gnáthfhiosrúcháin a bhíonn ag saoránaigh le haghaidh comhlachtaí earnála poiblí difriúla.

“Trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht guth-go-guth, is féidir le IS éisteacht le fiosrúcháin úsáideoirí, freagraí a chur ar fáil agus freagairt ar an teilfeafón, díreach cosúil le duine daonna,” a deirtear sa cháipéis.

Fág freagra ar 'Admhaithe ag Údarás na Gaeltachta go ndearnadh botún i bhfigiúirí i dtuarascáil faoin AI'