Sraith bheag shnasta atá ann mar SpeakGaelic (BBC Alba) atá ar an fhód le tamall, í dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge na hAlban. Sraith a ceathair atá os mo chomhair faoi láthair agus tá sí ag cur eagla agus iontas orm.
Is í Joy Dunlop atá ag cur na sraithe i láthair ón tús agus léiritheoir cumasach í; í ag déanamh a díchill an lucht féachana a mhealladh léi ar aistear an léinn agus bóthar na tuigse. Le cois threoir Dunlop, bíonn míreanna taobh amuigh den stiúideo le Calum Maclean; é ag tabhairt cuairteanna ar áiteacha – àitichean! – stairiúla spéisiúla. Mar dhlaoi mhullaigh ar an rud ar fad, bíonn ‘sobaldráma’ beag ann a chuireann an teanga laethúil i láthair ar mhodh úsáideach nádúrtha.
Ní iontas ar bith é go raibh béim sna cláracha ba luaithe ar fhuaimniú agus nathanna deasa simplí. Mar sin a d’fhoghlaim mórán againn an teanga seo againne an chéad lá riamh. Más de réir a chéile a thógtar na caisleáin, is de réir a chéile a thógtar foghraíocht agus foclóir fosta.
Ní ligfeadh an náire dom a rá go raibh ‘cúpla focal’ Gàidhlig féin agam. Chan fhuil. Ach is breá liom súil a thabhairt anonn thar Sruth na Maoile le fáil amach cad é mar atá cúrsaí ag dul. In Albain a tháinig athair mór mo mháthara ar an tsaol, Edward McDonald, breis agus céad go leith bliain ó shin agus dáimh, dá réir sin agam, leis an tír.
Tá SpeakGaelic uaillmhianach gan cheist agus, fiú ag foghlaimeoir fánach mar mise, mothaíonn tú go bhfuil tú ag cur aithne agus eolas ar an Ghàidhlig, rud nach ionann agus a rá go bhfuil baol ar bith ann go mbeadh máistreacht ar an teanga go luath ná go deo agam.
Bhí Meg Bateman, file agus ollamh, faoi agallamh ag Dunlop ar an chlár ar na mallaibh. Arís, ní saineolaí ar fhilíocht Ghaeilge na hAlban mé ach tá cúpla leabhar dá cuid ar an tseilf agam agus mheall an t-ainm chun féachana mé.
Cúrsaí fealsúnachta a bhí i gceist agus gan iomrá ná iomrá ar fhotheidil, rud a d’fhág an foghlaimeoir seo san fhaopach. Bhí an t-am ann díriú ar an chomhrá as mo stuaim féin agus – a Thiarna – an báidín teanga a chur ar snámh ar abhainn na teanga. Focal ná focal níor thuig mé; ní raibh mo bháidín teanga ábalta ag an dúshlán agus níorbh fhada go ndeachaigh sí go tóin na habhann. Tá sracadh annamh sna foghlaimeoirí Albanacha seo thall, nach bhfuil, go bhfuil siad ábalta a leithéid de chomhrá a leanstan?
Ach, bíodh is nach bhfuil mé chomh díograiseach i mbun foghlama agus a ba cheart dom a bheith, bainim sult as an chlár; bainim sult as an chúpla focal féin a thuiscint anois agus arís. Cur i gcuimhne tráthúil a bhí ann dom ar an obair a bhain le teanga a fhoghlaim agus greim a choinneáil uirthi.
Ar an ábhar sin, rith sé liom fosta gur fada ó bhí a leithéid de shraith ar TG4. Tá Foghlaim TG4 ar líne, ach an bhfuil an t-am ann clár nua a léiriú do lucht Ardteiste/A-leibhéil agus foghlaimeoirí fásta? Níl mé á rá go mbeidh foghlaimeoirí na Gaeilge ag plé cúrsaí fealsúnachta le Biddy Jenkinson i gceann tamaill bhig ach, ar son Chroim, ba chóir dúinn iarracht a dhéanamh.
Amharc ar na hAlbanaigh!
Stiofán Mac Gabhann
Níl a dhotháin acmhainní ar fáil do dhaoine a bhfuil leibheál A1 – B1 acu sa teanga. Ba cheart fotheidil Ghaeilge a bheith ar fáil ar tuilleadh cláir TG4 freisin!
Tomás Ó Póil
Tá Vifax atá ar fáil ó Ollscoil Mhá Nuad iontach.
Ceachtanna bunaithe ar Nuacht TG4 atá i gceist agus na ceachtanna ag freastal ar gach leibhéal foghlaimeora