Os cionn £1 milliún caite ó thuaidh ar sheirbhísí aistriúcháin i 91 teanga, ach níl an Ghaeilge ina measc

Chaith an Roinn Dlí agus Cirt ó thuaidh breis is £1 milliún ar sheirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta le cúig bliana anuas

Os cionn £1 milliún caite ó thuaidh ar sheirbhísí aistriúcháin i 91 teanga, ach níl an Ghaeilge ina measc

Tá breis is £1 milliún caite ag an Roinn Dlí agus Cirt ó thuaidh chun seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i mbeagnach 100 teanga le cúig bliana anuas, ach ní raibh an Ghaeilge ina measc.

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an Aire Dlí agus Cirt Naomi Long, d’íoc a roinn as seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta i 91 teanga ar fad idir 2020 agus 2025.

Tá mionteangacha ar nós na Tigréise, na Teitimise agus an Criól Mhuiríseach i measc na dteangacha atá ar liosta a d’fhoilsigh an roinn ach níl an Ghaeilge.

Íocann an Roinn Dlí agus Cirt as seirbhísí aistriúcháin do dhaoine a bhíonn ag plé leis an gcóras dlí choiriúil ó thuaidh agus nach bhfuil Béarla acu.

Tugadh an t-eolas mar fhreagra ar cheist ón gcomhalta Stephen Dunne ón DUP. Dúirt an roinn nach bhféadfaí briseadh síos a thabhairt ar an gcostas aistriúcháin a bhain le gach teanga.

Os cionn £250,000 a caitheadh ar sheirbhísí aistriúcháin anuraidh de réir figiúirí na roinne.

Chuir Rialtas na Breataine deireadh anuraidh le dlí a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt, dlí a bhí i bhfeidhm ó aimsir na bPéindlíthe.

Tá polasaí maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna fós le forbairt ag an Aire Dlí agus Cirt, áfach. Tá an dualgas sin atá uirthi pléite ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Naomi Long cheana agus deir an eagraíocht teanga go bhfuil siad anois tar éis scríobh cuig an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh.

Diúltaíodh mí Lúnasa anuraidh d’iarratas fir a bhí cúisithe as a bheith ag tiomáint róthapa go n-éistfí lena chás i nGaeilge. Dúirt an breitheamh i gCúirt Dúiche Aontroma “nár úsáid mhaith ar airgead poiblí” a bheadh ann ateangaire a chur ar fáil.

De réir na reachtaíochta, ní raibh “aon cheart ann” go n-éistfí le cás in aon teanga eile seachas an Béarla, nuair is féidir “leis an chosantóir Béarla a léamh agus a labhairt”, a dúirt an breitheamh ag an am.

Fág freagra ar 'Os cionn £1 milliún caite ó thuaidh ar sheirbhísí aistriúcháin i 91 teanga, ach níl an Ghaeilge ina measc'