Ar an 16 Bealtaine 1926, céad bliain ó shin, bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil an páirtí is mó a bhí i gcumacht ó bunaíodh an stáit. San eagrán speisialta seo tá an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, garmhac de Valera, agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra agus Cathal Mac Coille in éineacht le Bridget chun plé a dhéanamh ar stair an pháirtí ar na rudaí a bhain siad amach le 100 bliain anuas agus ar na botúin a rinne siad.
Pléitear chomh maith cá bhfuil a dtriall sa lá atá inniu ann agus an gá dóibh filleadh ar a ndúchas chun teacht slán.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: 100 bliain FF – ar thréig an chosmhuintir Fianna Fáil nó ar thréig Fianna Fáil an chosmhuintir?'