€300,000 curtha ar fáil chun oibrithe óige a fhostú ar Oileáin Árann

Tacóidh an maoiniú le triúr oibrithe óige a fhostú go páirtaimseartha ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr

€300,000 curtha ar fáil chun oibrithe óige a fhostú ar Oileáin Árann

Tá triúr oibrithe óige le fostú ar Oileáin Árann chun seirbhís óige a chur ar fáil as Gaeilge ar na trí oileán.

Tá maoiniú €300,000 le cur ar fáil don togra píolótach ceithre bliana, atá á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige i gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Údarás na Gaeltachta agus Muintearas,

Tacóidh an maoiniú le triúr oibrithe óige a fhostú go páirtaimseartha ar Inis Mór, ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr.

Deir an Roinn Oideachais gur “cloch mhíle shuntasach” é an tionscnamh do dhaoine óga atá ina gcónaí ar Oileáin Árann agus go gcinnteoidh sé gur féidir leo rochtain a fháil ar thacaíochtaí óige comhsheasmhacha, atá fréamhaithe i gcultúr a bpobail féin agus trína gcéad teanga.

“Is é cuspóir an tionscnaimh seo a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar Oileáin Árann ar na deiseanna agus na tacaíochtaí céanna agus atá ag a gcomhghleacaithe ar fud na tíre, agus ag an am céanna láidreachtaí uathúla shaol an oileáin agus na Gaeilge a aithint agus a cheiliúradh,” a dúirt an tAire Hildegarde Naughton agus an tionscnamh seolta.

“Cuidíonn obair óige a sholáthar trí Ghaeilge le folláine, féiniúlacht agus nasc a neartú, agus ag an am céanna déantar forbairt ar an muintearas láidir atá ann cheana féin ar fud na n-oileán.

“Mar thoradh ar infheistíocht a dhéanamh in oibrithe óige atá lonnaithe san áit, táimid ag cruthú spásanna sábháilte agus cuimsitheacha inar féidir le daoine óga nascadh le chéile, muinín a fhorbairt agus tacaíocht a fháil laistigh dá bpobail féin.”

Forbraíodh an tionscnamh píolótach tar éis dul i gcomhairle le scoileanna, seirbhísí áitiúla agus páirtithe leasmhara sa phobal.

Bunphrionsabal den tionscnamh seo is ea go ndéanfar gach gníomhaíocht a bhaineann le hobair óige ar na hoileáin agus trí mheán na Gaeilge.

San áireamh sa chlár freisin tá próiseas meastóireachta a thabharfaidh léargas luachmhar ar sholáthar seirbhísí oibre óige trí Ghaeilge i bpobail oileánda amach ón gcósta agus a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt beartais amach anseo.

Ba é BOOGRC a stiúraigh an t-iarratas maoinithe i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na
Gaeltachta agus Muintearas, tar éis riachtanais shonracha i measc daoine óga ar na
hoileáin a aithint.

Dúirt David Leahy, Príomhfheidhmeannach BOOGRC, go léiríonn an tionscnamh
“tiomantas fiúntach” do dhaoine óga atá ina gcónaí ar Oileáin Árann
agus cuireann sé leis an obair atá ar siúl sa trí iar-bhunscoil de chuid BOOGRC ar na hoileáin.

“Trí bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na
Gaeltachta agus le Muintearas, agus trí sheirbhísí a sholáthar i nGaeilge, tacóidh an
tionscnamh seo le comhthéacs cultúrtha uathúil shaol na n-oileán agus an tábhacht
a bhaineann le cothromaíocht a chinntiú ar sheirbhísí óige ar ardchaighdeán, beag
beann ar thíreolaíoch,” a dúirt Leahy.

Fág freagra ar '€300,000 curtha ar fáil chun oibrithe óige a fhostú ar Oileáin Árann'