Cónaitheoirí faoi réir le haistriú amach as teach altranais nuair a scaip tine mhór ar an gCeathrú Rua

Ní fios fós céard ba shiocair leis an tine ach tá an talamh i ndeisceart Chonamara triomaithe stálaithe faoi láthair agus gan braon báistí feicthe le trí seachtaine anuas

Cónaitheoirí faoi réir le haistriú amach as teach altranais nuair a scaip tine mhór ar an gCeathrú Rua

Cuireadh plean éigeandála i bhfeidhm agus ullmhaíodh cónaitheoirí ionas go mbeidís réidh lena n-aistriú amach as teach altranais nuair a scaip loscadh mór aitinn ar an gCeathrú Rua inné.

D’fhreastail cúig aonad den bhriogáid dóiteáin agus trí thancaer uisce ón gCeathrú Rua, An Clochán agus Gaillimh ar an láthair agus an baol ann go rachadh an tine ó smacht i gceantar Chuileáin sa bhaile.

Ní fios fós céard ba shiocair leis an tine ach tá an talamh i ndeisceart Chonamara triomaithe stálaithe faoi láthair agus gan braon báistí feicthe le trí seachtaine anuas.

Deir lucht na seirbhíse dóiteáin gur chuidigh an stolladh gaoithe a bhí ansin inné leis an tine aitinn a scaipeadh go tobann.

Deatach ar fud Chuileáin

Luaithreach dhubh atá i gcuid mhór de thírdhreach an Chuileáin inniu agus garrantaí agus criathrach dóite. Is measa fós an tubaiste don fhiadhúlra agus scrios iomlán déanta ar neadacha éan agus gnáthóga ainmhithe, tráth goir is síolraithe.

Rinne na seirbhísí dóiteáin a seacht ndícheall na tinte a chur faoi smacht agus é ina imní faoi na lasracha a bhí ag druidim i dtreo eastáit tithíochta timpeall an Chuileáin. Tháinig an pobal amach le sluasaidí le scaipeadh na tine a stopadh nó a mhoilliú.

Sa teach altranais, Áras Mhic Dara, d’ordaigh lucht na seirbhísí dóiteáin do na bainisteoirí na cónaitheoirí a bhogadh go dtí seomra ar leith fad a bhí an bhriogáid i ngleic leis an tine ar chúl an árais agus an deatach ina údar imní do shláinte na n-aosach agus na n-easlán.

Bhí baol ann chomh maith do Dhroim an Bháire, eastát beag taobh thiar den teach tábhairne, Réalt na Maidine. Thug an bhriogáid dóiteáin seanduine slán as a theach agus tugadh foláireamh do na háitritheoirí ar fad imeacht as a dtithe.

Is beag nár scriosadh an teach ósta taobh leis nuair a phléasc dabhach ola tí. Bhí fear an tí, Micheál Beag Mac Donncha, sa teach nuair a thug sé faoi deara an deatach taobh amuigh.

Micheál Beag Mac Donncha agus damáiste na tine ar chúl a thí

“Léim an tine thar an gclaí agus fuair greim ar bhothán mo chomharsan,” a deir Micheál. “Bhí sé dóite go talamh taobh istigh de shoicindí. Bhí mo dhabhach ola taobh leis agus ansin phléasc sé.”

Tá ballaí theach Mhichíl dubh leis an deatach ach tháinig na seirbhísí dóiteáin in am leis an teach féin a shábháil. Le titim an tráthnóna tuigeadh go raibh an loscadh ceansaithe agus bail shábháilte curtha ar an áit. Tugadh cead do na háitritheoirí filleadh ar a dtithe. Cuireadh an plean éigeandála ar ceal i gcás Áras Mhic Dara chomh maith agus an fhoireann agus na cónaitheoirí slán sábháilte.

Táthar ag fanacht ar thuairisc oifigiúil faoi cad ba chúis leis an tine.

Criathrach Chuileáin loiscthe

Fág freagra ar 'Cónaitheoirí faoi réir le haistriú amach as teach altranais nuair a scaip tine mhór ar an gCeathrú Rua'