Srianta ar thithíocht a ligean ar bhonn gearrthéarmach molta ag iarrthóirí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar

Scaip an grúpa feachtais Bánú suirbhé i measc na n-iarrthóirí chun a dtuairim a fháil ar roinnt ceisteanna a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht

Srianta ar thithíocht a ligean ar bhonn gearrthéarmach molta ag iarrthóirí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar

Tá sé ráite ag leath na n-iarrthóirí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar go bhfuil siad i bhfabhar srianta a thabhairt isteach maidir le tithe a ligtear go gearrthéarmach.

Scaip an grúpa feachtais Bánú suirbhé i measc na n-iarrthóirí chun a dtuairim a fháil ar roinnt ceisteanna a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht, ról Údarás na Gaeltachta, cumhachtaí Aire na Gaeltachta agus tithe a ligtear ar cíos gearrthéarmach ina measc.

Ochtar den 16 iarrthóir a thug freagra ar an suirbhé faoin Aoine seo caite, sin iad Mark Lohan (Sinn Féin); Orla Nugent (Aontú); Míde Nic Fhionnlaoich (Na Daonlathaithe Sóisialta); Denman Rooke (Pobal Seachas Brabús) agus triúr iarrthóirí neamhspleácha, Sheila Garrity, Thomas Welby agus Michael Ryan.

Ní bhfuair Bánú freagra ón ochtar eile, sin iad Seán Kyne (Fine Gael), Cillian Keane (Fianna Fáil), Helen Ogbu (Páirtí an Lucht Oibre), Noel Thomas (Éire Neamhspleách), Niall Murphy (Comhaontas Glas), Mike Cubbard (Neamhspleách), AJ Cahill (Irish People’s Party) agus Patrick Feeney (Neamhspleách).

Dúirt Mark Lohan go bhfuil rialacháin d’earnáil na dtithe a ligtear ar cíos ar bhonn gearrthéarmach á éileamh ag Sinn Féin le breis is deich mbliana agus gur chóir go mbeadh ar úinéirí na tithe sin a chlárú. Dúirt sé gur chóir gach iarracht a dhéanamh tithíocht a ligtear ar bhonn gearrthéarmach sa nGaeltacht a chur ar fáil do dhaoine a mbeadh cónaí orthu iontu go fadtéarmach mar nach bhfuil soláthar ann do mhuintir na háite.

Dúirt Míde Nic Fhionnlaoich go mba cheart a chinntiú go bhfuil tithíocht ar cíos gearrthéarmach ag cloí le rialacha pleanála, rud nach bhfuil ag tarlú, dar léi.

Tá Aontú ag moladh go gcuirfí cosc ar feadh trí bliana ar thithíocht nua a chur ar cíos ar bhonn gearrthéarmach i mbailte agus cathracha agus dúirt Orla Nugent go raibh an páirtí ag smaoineamh go gcuirfí an cosc sin i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta chomh maith.

Dúirt Denman Rooke ó Phobal Seachas Brabús gur chóir cosc a chur ar thithe iomlána a chur ar fáil ar cíos gearrthéarmach i bhfianaise na géarchéime tithíochta atá ann i láthair na huaire. Dúirt sé nach bhfuil an reachtaíocht á cur i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla.

D’aontaigh Sheila Garrity nár chóir ach seomraí i dtithe a chur ar fáil ar cíos ar bhonn gearrthéarmach seachas teach iomlán agus go dtacódh sin le tithe a chur ar fáil do theaghlaigh sa nGaeltacht. Dúirt sí go raibh an ghéarchéim thithíochta níos measa sna ceantair Ghaeltachta mar go raibh drochthionchar aici ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin agus ar úsáid na Gaeilge mar theanga phobail. Dúirt sí nach foláir a bheith cruthaitheach le linn na géarchéime agus bealaí a aimsiú le fáil réidh leis na bacanna atá sa mbealach ar dhaoine atá ag iarraidh teaghlaigh a thógáil.

Dúirt Thomas Welby gur chóir srianta a thabhairt isteach maidir le cíosanna gearrthéarmacha ach gur cheart d’aon duine atá ag ligean teach ar cíos ar bhonn gearrthéarmach le breis is cúig bliana a bheith saor ó na srianta sin. Dúirt sé go gcaithfí a chur san áireamh freisin go mbíonn úinéirí na dtithe siúd ag brath go hiomlán ar an ioncam sin.

Dúirt Michael Ryan go dtacódh sé le córas clárúcháin and meicníocht a shocrú leis na rialacháin a chur i bhfeidhm. Dúirt sé chomh maith go mbeadh sé i bhfabhar srianta sa nGaeltacht seachas mura mbeadh an teach á úsáid le scoláirí Gaeilge a choinneáil le linn an tsamhraidh.

Dé hAoine beag seo, 22 Bealtaine, lá an fhothoghcháin i nGaillimh Thiar.

Fág freagra ar 'Srianta ar thithíocht a ligean ar bhonn gearrthéarmach molta ag iarrthóirí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar'