Níl mé an-siúráilte cén áit a leagann Joxer a chloigeann ar an bpiliúr na hoícheanta seo agus é ag súil le néal codlata. Dá gcuirfí go snaidhm an rópa mé bheinn den bharúil gur thuas staighre i dteach a mháthar in Inse Chór atá sé i gcónaí.
Ba as siúd a thug sé aghaidh ar Chraobhacha Sacair na hEorpa sa nGearmáin ag tarraingt ar dhá scór bliain ó shin, de réir amhrán Christy Moore.
Rud a bhfuil mé dearfa faoi is ea go mba chloíte an fear a bhí i Joxer an oíche i ndeireadh an Mhárta seo caite inar chuir an tSeicia deireadh le seans na hÉireann áit a bhaint amach i mbabhtaí ceannais Chorn Sacair an Domhain a thosós ceithre seachtaine ó Dhéardaoin seo chugainn – roinnte idir na Státaí, Ceanada agus Meicsiceo.
Bhí sé de cháil ariamh air nach bhfágadh Joxer an cúr féin in aon phionta a cheannaíodh sé.
Ach an oíche údaí nuair a chinn ar Alan Browne cic éirice a scóráil, tá sé ráite gur thug an fear bocht an doras amach air féin agus gan bainte as an ngloine aige ach cúpla súmóg.
Éide an bhróin a bhí air go ceann fada ina dhiaidh ach le seachtain nó dhó tá sé tugtha faoi deara acu siúd is fearr aithne air go bhfuil scaipeadh ar chuid den scamall a bhí ina thimpeall.
A bhfuil léite sna nuachtáin le gairid aige an t-údar is mó atá leis sin, a deir siad – scéal i ndiaidh scéil ag cur síos ar an gcostas as compás a bheas ar lucht leanta dul chomh fada le Cluichí Chorn an Domhain 2026, praghsanna ticéid imithe ó smacht, lucht lóistín agus cothaithe ag cur ardú céadach ar a gcuid táillí féin.
Tuigeann Joxer faoi seo dá mba é cúl na heangaí a bhí bainte amach ag Alan Browne agus dá gcáileodh Éire do na babhtaí ceannais ina dhiaidh sin nach bhfuil bealach ar bith a mbeadh sé féin in acmhainn freastal a dhéanamh orthu. Ní hé go ndíbríonn sin an phian, ach go ndéanann sé í a laghdú.
Céad slán leis an veain Transit bhí lochtaithe le tochtanna agus le flagúin cheirtlise nuair a thrasnaigh sí Muir Éireann agus Muir nIocht, céad slán freisin le hionaid champála Hanover agus Gelsenkirchen agus le binsí páirce Stuttgart. Slán freisin leis an mbricfeasta breá Bratwurst nach n-ití go ham lóin agus an dinnéar Schnitzelbrötchen a slogadh théis an mheán oíche.
Is ar thalamh an ‘Dollar Uilechumhachtach’, an Dow Jones, Silicone Valley agus Hollywood a imreofar an chuid is mó de bhabhtaí Ceannais Chorn Sacair an Domhain. Talamh ina bhfuil cara eile de chuid Christy Moore, ‘Ordinary Man’, siar go maith ar an ord tosaíochta.
Le cothrom na Féinne a thabhairt ní bheadh sé cóir an mhéar a dhíriú go hiomlán ar na Státaí. Níl ann ach gur fúthusan anois atá riaradh na mórócáide spóirt is fearr go dtí seo a thugann léiriú ar an gcíocras chun airgid a bhaineann agus a bhainfidh lena leithéid as seo amach.
Le blianta beaga is minic míchlú tarraingthe ag FIFA orthu féin – líomhaintí faoi bhreabaireacht ó 2008 i leith, a neamhaird ar chearta an duine agus liosta fada eile dá sórt.
Ceann de na seacht gceannpheaca marfach atá le cur ina leith anois – saint.
‘Qu’ils mangent de la brioche’ a deir Marie Antoinette, (má dúirt).
Leagan eile atá le cloisteáil ó fhormhór ábhal-eagraíochtaí idirnáisiúnta spóirt na linne seo : ‘Bíodh an pobal taobh leis an teilifís, nó mura bhfuil a luach sin acu déanadh siad dá uireasa.’ Tabhair faoi deara gur ‘ábhal-eagraíochtaí’ a thug mé orthu agus go bhfuil an focal ‘idirnáisiúnta’ luaite.
Eagraíochtaí móra spóirt iad Cumann Lúthchleas Gael, an IRFU, Cumann Sacair na hÉireann agus fiú Eagraíochtaí Stiúrtha na spórtanna éagsúla san Eoraip, ach is mór eatarthu agus an dream atá i gceist agamsa.
Dé Domhnaigh seo caite fuair mé ticéad seastáin do Chluiche Ceannais Peile Chonnacht ar €35 agus cead isteach do mo gharmhac ar €5. Ní aontaím go hiomlán leis an méid dá gcluichí atá á gcraoladh anois ar GAA+, ach is fiú a choinneáil i gcuimhne i gcónaí go ndeachaigh 83 cent as gach euro a shaothraigh CLG anuraidh ar ais chuig na cúigí, contaetha, clubanna agus scoileanna.
Costas tuairim €150 an ceann ag baint le ticéid do chluichí Craoibhe na 6 Náisiún a imrítear san Aviva. Bhí siad ar díol ar €100 an ceann do Chluiche Ceannais na Seaimpíní idir Cúige Laighean agus Bordeaux fad agus a bhí fáil orthu.
Thabharfadh €22 duine fásta isteach chuig an gcluiche sacair idir Ruagairí Shligigh agus Gaillimh Aontaithe ar Pháirc an Seó aréir tú. €292 ar meán an praghas atá ar thicéad séasúir ag foirne Príomhroinne Sacair na tíre seo.
Tá sé in am filleadh ar Joxer bocht agus léargas a thabhairt ar an gcúis a fhágann nach bhfuil baileach chomh cráite anois ag an bpian a chuir an tSeicia air.
Dá mba iad foireann na hÉireann a bheadh ag taisteal ina mbróga siúd ba i Zapopan i lár Mheicsiceo a d’imreodh siad an cluiche ba thúisce acu – in aghaidh na Cóiré Theas. As sin thiocfadh siad to Atlanta, Georgia, áit a n-imreodh siad féin agus an Afraic Theas a chéile agus as sin ar ais go Cathair Mheicsiceo go n-imreodh siad foireann na tíre sin.
D’fhágfadh sin go mbeadh costas tuairim €3,000 ar a chuid aerthaistil. Nuair a thosaigh FIFA ag díol ticéid do na cluichí éagsúla ag deireadh na bliana seo caite €150 a bhí ar an gceann ba shaoire agus beagnach €7,000 ar na cinn ba dhaoire.
Tá lucht óstaíochta agus taistil chomh santach céanna leis an eagraíocht eagair – prochóga d’óstáin ghruama, shalacha a bhíodh le fáil ar thuairim €45 in aghaidh na hoíche ag éileamh €300 anois ar fud na Státaí.
I gceann de nuachtáin Shasana le gairid léigh mé gur cheart do lucht leanta na tíre sin a bheith ag súil go gcaithfeadh siad €3,500 ar thicéid agus €5,700 ar lóistín.
Ag go leor de na hócáidí móra spórt ar a ndearna mé freastal – ceithre cinn de Chluichí Oilimpeacha san áireamh, bhí saorthaisteal ag dul dóibh siúd a raibh ticéid do na himeachtaí spórt acu. Bhí sin fíor freisin i chuile chathair sa nGearmáin inar imríodh cluichí de chuid Euro 2024. Is í Philadelphia an t-aon chathair ina mbeidh a leithéid á thairiscint ag Corn an Domhain.
Imreofar 7 gcluiche i mBostún – ina measc siúd a bheas ag imirt ann beidh Sasana, Albain agus an Fhrainc. Tuairim 35km as lár na cathrach sin (i Framingham) atá an staid. €17 a bhíonn ar thicéad traenach de ghnáth. Beidh €70 air le linn Chorn an Domhain.
Coinníonn FIFA 15% den mhéid a thugann an ceannaitheoir ar thicéid agus gearrann siad 15% eile ar an díoltóir. €8,000 atá siad a iarraidh ar an ticéad is saoire atá fanta acu don bhabhta ceannais agus €1.15 milliún ar an gceann is daoire.
Ní mise amháin atá i mbun gearáin faoi seo ar fad. An lá faoi dheireadh dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe féin nach mbeadh sé sásta $1,000 a íoc ar thicéad a thabharfadh isteach é chuig an gcluiche is túisce a imreoidh a thír sa gcomórtas (in aghaidh Pharagua) ar an 12 Meitheamh.
Ariamh cheana ní raibh mé féin ná Domhnall ar aon intinn – Joxer ach an oiread, cheapfainn.
Fág freagra ar 'Céad slán le Joxer agus an veain Transit, níl fáilte roimhe níos mó'