Ba chóir breis ceamaraí sábháilteachta a úsáid chun bac a chur ar thiomáint chontúirteach

Tá an ráta báis ar na bóithre ag ardú ach ní léir an toil a theastaíonn lena ísliú go luath

Ba chóir breis ceamaraí sábháilteachta a úsáid chun bac a chur ar thiomáint chontúirteach

Ní go minic a chuireann pobalbhreith leithéid na ceiste a cuireadh ar dhaoine don suirbhé a rinneadh thar ceann Nuacht TG4 agus an Irish Times i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir.

Fiafraíodh de dhaoine mar shampla an raibh tionchar pearsanta ag an ngéarchéim thithíochta orthu. Dúirt 49 faoin gcéad go raibh agus 49 faoin gcéad nach raibh – cothromaíocht a léiríonn deighilt thromchúiseach idir an chúis sásaimh atá ag a leath beagnach den phobal agus an t-údar mór míshásaimh atá ag an leath eile.

Ní cothromaíocht ach a mhalairt a léirigh freagraí eile. Dúirt 33 faoin gcéad gur chuir coireacht isteach orthu go pearsanta agus dúirt 64 faoin gcéad nár chuir.

Is dócha nach gcuirfidh freagraí dá leithéid iontu féin iontas ar mhórán. Tarraingíonn siad aird áfach ar an toil agus ar an gcomhthuiscint a theastaíonn i dtír ar bith ina bhfuil an daonlathas folláin – go háirithe má dhéantar neamhaird de.

Ní foláir do rialtas fóirithint ar dhaoine atá i gcruachás nó faoi bhrú agus beartais á gcur i bhfeidhm acu nach bhfuil de dhíth in aon chor ar dhaoine eile.

Is soiléire dualgas dá leithéid i gcás sábháilteacht ar na bóithre. Ní mharaítear agus ní ghortaítear ach mionlach i dtimpistí bóthair. Faoi láthair, glacann polaiteoirí ar chaon taobh leis – i bprionsabal – go bhfuil beartais bhreise sábháilteachta riachtanach agus figiúirí ar fáil a léiríonn ardú ar an ráta báis.

Maraíodh 188 duine ar bhóithre an stáit anuraidh – níos mó ná mar a maraíodh bliain ar bith ó 2025 nuair a maraíodh 162 duine.

Níl aon ísliú ar an ráta báis i mbliana. Tá líon na marbh ón gcéad lá d’Eanáir go dtí Dé hAoine (59) bord ar bhord beagnach le líon na ndaoine a maraíodh sa tréimhse chéanna anuraidh (60). Nó, i bhfigiúirí eile, tá duine amháin ar a laghad ag fáil bháis de bharr timpiste bóthair gach trí lá.

Tá an claonadh marfach céanna follasach ar bhóithre an Tuaiscirt. Léiríonn cuntas an PSNI gur maraíodh 29 duine go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 15 sa tréimhse chéanna anuraidh agus 23 sa tréimhse chéanna in 2024.

Fógraíodh mar aidhm sa straitéis sábháilteachta ar bhóithre a d’fhoilsigh an rialtas in 2021 go mbainfí amach laghdú caoga faoin gcéad ar an ráta báis faoi 2030. Faraor tá an ráta ag ardú ó shin.

Pléadh plean rialtais eile, an straitéis ceamaraí sábháilteachta a fógraíodh an mhí seo caite, sa Dáil Dé Céadaoin. Ní chuirfeadh an plé daoine a bhfuil súil acu le gníomh gan mhoill ar a suaimhneas.

Nóta soiléirithe: ní bhaineann an straitéis seo le ceamaraí luais. Úsáidtear ceamaraí sábháilteachta chun sárú ar rialacha agus tiomáint chontúirteach a thaifeadadh ionas gur féidir an dlí a chur ar an té a bhí freagrach as. Moltar ceamaraí sábháilteachta a lonnú chun faire ar thiomáint in aice le soilse tráchta, lánaí bus, crosbhóithre, trasrianta coisithe agus gar d’ionaid eile ina gcuireann neamhaird tiománaithe daoine i mbaol.

Rinne an t-aire stáit sa roinn iompair Seán Canney cur síos ar thaighde a léirigh éifeacht ceamaraí sábháilteachta. Sna hionaid inar cuireadh suas iad, tháinig laghdú thart ar fiche faoin gcéad ar thimpistí ina mbuaileann feithiclí faoina chéile nó faoi dhaoine. Tháinig laghdú 56 faoin gcéad ar thimpistí inar maraíodh daoine nó inar gortaíodh daoine go dona.

Cuireadh naoi gceamara sábháilteachta ag faire ar ionaid i naoi gcontae ó 2024, a dúirt sé, agus tá ceamaraí soghluaiste á n-úsáid in áiteanna eile.

Níl aon amhras ar Sheán Canney faoi éifeacht na gceamaraí sábháilteachta. Ba léir freisin a thuairim go rachaidh iompar tiománaithe i bhfeabhas de réir mar a úsáidtear iad.

Níor cheil Teachtaí ó Shinn Féin, ón Lucht Oibre agus ón gComhaontas Glas a d’éist leis an t-amhras a bhí orthu toisc nár thug an t-aire stáit sonraí maidir leis an méid ceamaraí a úsáidfear, maidir leis na hionaid ina gcuirfear suas iad, ná cén uair a bheidh siad á n-úsáid.

Dúirt Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas nach leor tacaíocht an aire do cheamaraí, teastaíonn sonraí chomh maith le deimhniú go gcuirfear airgead ar fáil lena gcur suas.

Thagair Pa Daly ó Shinn Féin don laghdú ar líon na nGardaí atá i mbun póilíneacht bóithre mar chomhartha amhrais eile.

Ar ndóigh oireann sé don fhreasúra caiteachas breise a mholadh chun fadhb a réiteach, ach ní beag an míshuaimhneas a dhúisíonn caint róghinearálta an aire. Fiú más idirbheartaíocht roimh an mbuiséad idir a roinn agus an t-aire caiteachais phoiblí Jack Chambers is cúis leis.

Chuir Emer Currie ó Fhine Gael ceist a spreag tost an aire maidir le sonraí tar éis dó a rá go bhfeabhsaíonn ceamaraí iompar thiománaithe:

“Cén fáth go bhfuiltear ag gluaiseacht go faichilleach,” a dúirt sí, “más eol dúinn go n-oibríonn siad?”

Go deimhin. Más maith is mithid, go háirithe agus líon na marbh ag méadú i gcónaí.

Fág freagra ar 'Ba chóir breis ceamaraí sábháilteachta a úsáid chun bac a chur ar thiomáint chontúirteach'