Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta á fhéachaint le chéile do shuíochán Bhaile Átha Cliath Láir

Sa tríú háit atá an neamhspleách Gerry Hutch, an Monk, agus vóta réasúnta ard aige, de réir na pobalbhreithe de chuid TG4 agus an Irish Times

Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta á fhéachaint le chéile do shuíochán Bhaile Átha Cliath Láir

Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta is láidre a bheidh san iomaíocht do shuíochán Dála fhothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir, de réir pobalbhreith nua.

De réir na pobalbhreithe de chuid TG4 agus an Irish Times, tá Janice Boylan Shinn Féin sa chéad áit sa toghchán i ndáilcheantar a ceannaire, Mary Lou MacDonald, agus 21% aici.

Sna sála uirthi tá Daniel Ennis, iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, a bhfuil 18% aige.

Sa tríú háit tá an t-iarrthóir neamhspleách Gerry Hutch, an Monk, agus é iomaíoch go maith. 14% de dhaoine a dúirt go dtabharfaidís a vóta céad rogha don iarrthóir ar luadh i gcás cúirte é in 2023 mar cheann feadhna ar bhuíon coirpeach. Ray McAdam Fhine Gael atá sa cheathrú háit agus 13% aige agus é píosa maith chun cinn ar Janet Horner an Chomhaontais Ghlais atá ar 8%, sa chúigiú háit.

Tá Malachy Steenson, iarrthóir neamhspleách ar an eite fhíordheis, sa séú háit le 7% agus é chun cinn ar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Ruth O’Dea, a bhfuil 6% aici, agus John Stephenson Fhianna Fáil a bhfuil 4% aige. Ina dhiaidh sin, tá Eoin Ó Ceannabháin, cainteoir Gaeilge agus amhránaí ar an sean-nós de bhunadh Chonamara, atá ag seasamh do Phobal seachas Brabús agus 3% aige de vótaí céad rogha de réir na pobalbhreithe.

Daniel Ennis, iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta is fearr atá ag cruthú ó thaobh na vótaí aistrithe agus 13% de vótaí dara rogha aige. De réir na pobalbhreithe tá Ennis chun cinn ar éigean ó thaobh vótaí dara rogha ar Janet Horner an Chomhaontais Ghlais a bhfuil 12% aici. Ina ndiaidh sin, tá an neamhspleách Malachy Steenson (9%), Janice Boylan Shinn Féin (8%), Ray McAdam Fhine Gael (7%) agus Gerry Hutch (6%). De réir na pobalbhreithe, 6% chomh maith a thabharfadh vóta dara rogha d’Eoin Ó Ceannabháin agus d’iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Ruth O’Dea.

An costas maireachtála an cheist is mó atá ag dó na geirbe ag vótóirí Bhaile Átha Cliath Láir agus é ar bharr an liosta ag duine as gach triúr. Costas tithíochta a bhí sa dara háit (24%) agus cúrsaí inimirce a bhí sa tríú háit (12%).

 

Fág freagra ar 'Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta á fhéachaint le chéile do shuíochán Bhaile Átha Cliath Láir'