Mar sin, táimid ag druidim leis an deireadh seachtaine sin roimh dheireadh seachtaine deireanach na mbabhtaí cáilithe, agus i ndáiríre, seachas Corcaigh agus Gaillimh, ní dóigh liom go bhfuil aon chontae eile cinnte go hiomlán fós go mbainfidh siad na trí áit ar bharr amach.
Ar ndóigh cé go bhfuil roinnt contaetha in áit láidir ach ó thaobh na matamaitice de, tá seans fós ag gach contae, rud atá thar a bheith sásúil don lucht tacaíochta sna cluichí atá fágtha.
Leanann cúrsaí ar aghaidh an deireadh seachtaine seo le trí chluiche i gCúige Laighean agus péire i Mumhain agus Corcaigh saor.
Bhí bua Chorcaí ar Phort Láirge Dé Sathairn cinniúnach maidir le todhchaí na nDéise.
Ciallaíonn an bua sin nach ina lámha féin atá cinniúint Phort Láirge níos mó. Bheadh orthu Luimneach a bhualadh amárach chun aon dóchas a choinneáil beo, agus ansin bheadh siad ag brath ar thorthaí eile, mar shampla dhá bhua ag an gClár.
Má éiríonn le Corcaigh an Clár a bhualadh nó comhscór a fháil ina gcluiche deireanach, beidh siad i gcluiche ceannais na Mumhan don dara bliain as a chéile. Má chailleann nó má fhaigheann an Clár comhscór i gcoinne Thiobraid Árann an tseachtain seo chugainn, beidh na Reibiliúnaigh sa chluiche ceannais chomh maith.
Leis an mbua a fuair Corcaigh ar Phort Láirge, tá cluiche Thiobraid Árann in aghaidh an Chláir thar a bheith tábhachtach anois maidir leis an troid don tríú háit, má ghlactar leis go ndéanfaidh Luimneach an gnó in aghaidh Phort Láirge .
Má bhuaileann an Clár Tiobraid Árann agus ansin Corcaigh agus má bhuaileann Luimneach Port Láirge agus Tiobraid Árann sa dá chluiche dheireanacha acusan, chríochnódh na trí fhoireann ar shé phointe, agus thiocfadh an difríocht scóir i gcesit. Sa chás sin, d’fhéadfadh an greadadh a fuair an Clár in Inis in aghaidh Luimnigh a bheith thar a bheith costasach dóibhsean.
Má bhuaileann Tiobraid Árann an Clár agus má bhuaileann Luimneach Port Láirge, beidh an-suim sa lá deireanach, agus sé phointe ag Corcaigh, Luimneach ar cheithre phointe agus Tiobraid Árann ar thrí phointe. Bheadh cluiche Luimnigh in aghaidh Thiobraid Árann cosúil le cluiche ceannais beag na Mumhan ann féin.
Agus tá an lasair sa bharrach fós i gCúige Laighean freisin. Tá Uíbh Fhailí tar éis a ndóchas d’áit sna trí fhoireann ar bharr a choinneáil beo go fóill.
Tháinig Baile Átha Cliath agus Cill Chainnigh, a d’imir i gcluichí leathcheannais na hÉireann anuraidh, go Tulach Mhór an samhradh seo agus níor éirigh leo na pointí go léir a bhí ar fáil a thabhairt leo. Cé gur dea-scéal iomaíochas Uíbh Fhailí do chuid mhór de lucht leanúna Chraobh Laighean, tá dream amháin nach n-aontódh leis sin, lucht iománaíochta Chill Dara.
Tá siad ag dul go Páirc Uí Nualláin chun aghaidh a thabhairt ar Chill Chainnigh níos déanaí um thráthnóna , agus iad i bhfad chun deiridh ó thaobh difríocht scóir de i gcomparáid leis na contaetha eile atá thart orthu.
Beidh bua Loch Garman ar Uíbh Fhailí ag teastáil uathu, agus ansin caithfidh siad féin Uíbh Fhailí a bhualadh ar an lá deireanach chun titim amach as craobh Laighean 2027 a sheachaint.
Má ghlactar leis go gcaillfidh siad in aghaidh Chill Chainnigh, bheadh comhscór idir Uíbh Fhailí agus Loch Garman ina chúis len iad a cur as an gcomórtas, fiú roimh an gcluiche deireanach. Tá Uíbh Fhailí anois ar dhá phointe, agus Cill Chainnigh ar thrí phointe.
Fáilteoidh Uíbh Fhailí roimh Loch Garman go dtí an Tulach Mhór ar a sé inniu, agus is cluiche ollmhór é sin anois don dá chontae. Choinneodh bua ag ceachtar acu a ndóchas d’áit sna trí ionad ar bharr agus iad ag déanamh ar an lá deireanach.
Cheapfá go mbeadh Cill Chainnigh, ar chúig phointe roimh thuras go Páirc Parnell ar an lá deireanach.
Agus sinn ag féachaint beagán chun cinn ar na cúrsaí seo, an bhféadfadh sé tarlú go bhfágfaí na Cait gan áit i gcluiche ceannais Laighean?
Agus céard faoi Áth Cliath agus Liam Rushe ar ais ag uimhir a sé acu an Satharn seo caite ? Beidh cluiche mór ag teastáil uaidh féin agus ó na Dubs ar fad agus iad i mBóthar na Trá ag leathuair tar éis a ceathair inniu. D’fhéadfadh gach scór a bheith thar a bheith tábhachtach sa choimhlint sin.
Fág freagra ar 'An lasair sa bharrach i gcónaí i gCúige Mumhan agus Cúige Laighean'