Stormont – níl éinne ag siúl amach ach an mbeifear in ann é a leasú?

Cé nach bhfuil dul chun cinn déanta ar ‘thosaíochtaí’ Shinn Féin - bóthar an A5 nó Páirc Mhic Easmuinn, cuir i gcás, níl buntáiste ar bith le baint acu as siúl amach

Stormont – níl éinne ag siúl amach ach an mbeifear in ann é a leasú?

“Ní ligfimid don DUP sinn a shaighdeadh chun tarraingt amach as Stormont,” arsa ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Bhí sí ag caint tar éis an achrainn idir an dá phríomhpháirtí faoi stop a chur le maoiniú do thionscadal logainmneacha Thuaisceart Éireann tar éis beagnach 40 bliain.

Díol suntais é gur thagair sí do tharraingt amach as an gcóras díláraithe fiú is gur ag tabhairt an eiteachais dó a bhí sí. Bhí go leor sioscadh ar chúla téarmaí le tamall faoina laghad tairbhe a bhí le baint ag lucht tacaíochta Shinn Féin as a bheith mar phríomhpháirtí sa bhFeidhmeannas agus san Tionól. Bhí roinnt ag rá os íseal gur cheart tarraingt amach mar go raibh an DUP ag satailt orthu, a thuilleadh ina choinne ach ag iarraidh ar an bpáirtí aghaidh a thabhairt ar an DUP.

Bhí daoine eile fós den bharúil go bhfeilfeadh sé go maith d’fheachtas toghcháin an DUP dá n-éireodh Sinn Féin chomh tuirseach den phairilis in Stormont go siúlfaidís amach.

Ba léir ó óráid an Chéad-Aire, Michelle O’Neill ag Ard-Fheis Shinn Féin an mhí seo caite gur thuig ceannairí an pháirtí go raibh a vótóirí míshuaimhneach. Cuireadh tús leis an gcosaint nó athionsaí ag an Ard-Fheis agus chonacthas samplaí eile ó shin, go háirithe sa bhfeachtas in aghaidh Gordon Lyons faoin bhfaillí ar thionscadal na logainmneacha.

Cé nach bhfuil dul chun cinn déanta ar ‘thosaíochtaí’ Shinn Féin – bóthar an A5 nó Páirc Mhic Easmuinn, cuir i gcás, níl buntáiste ar bith le baint acu as siúl amach. Aitheantas air sin ab ea ráiteas Mary Lou McDonald a dúirt nach raibh sé ar intinn acu a bheith místuama, go ndéanfaidís a ndícheall fóint ar an bpobal agus má shíl “daoine eile go ngríosóidís Sinn Féin chun a bheith meargánta” go raibh dul amú orthu.

Tháinig sé seo sna sála ar dhíospóireacht a spreag an colúnaí gríosaitheach Brian Feeney, staraí. Dúirt sé ina alt rialta san Irish News gur cheart do SF diúltú Stormont a choinneáil sa tsiúl. Baineadh an bhrí as go raibh sé ag moladh dóibh tarraingt amach láithreach. Is minic a léiríonn sé drochmheas ar Stormont, nach fiú a leasú, dar leis.

Shoiléirigh Feeney in alt eile gurb é a mholadh go ndiúltódh Sinn Féin filleadh ar Stormont i ndiaidh an toghcháin i gceann bliana mura socródh an dá rialtas clár ama le haghaidh an reifrinn faoin teorainn. Tá Feeney gníomhach sa ngluaiseacht ‘Todhchaí na hÉireann’ a ritheann imeachtaí chun coinníollacha in Éire Aontaithe/nua a scrúdú.

‘Amaideach agus contúirteach’ a dúirt ceannaire an fhreasúra in Stormont, an Teachta Matthew O’Toole an SDLP faoi mholadh go n-éireodh an páirtí náisiúnach is mó as Stormont.

Tá ceannaire Shinn Féin ar aon intinn leis is cosúil. D’fhéadfadh tuaiplis éicint tarlú ar ndóigh idir seo agus an Bhealtaine seo chugainn ach faoi láthair, i bhfianaise mhíshástacht an phobail tá formhór na bpolaiteoirí ag caint ar leasuithe.

Den chéad uair gheall Michelle O’Neill ag Ard-Fheis Shinn Féin go nochtfadh a páirtí moltaí chun an córas in Stormont a leasú. Deirtear go bhfoilseofar iad go luath. Bhí moltaí fógartha ag an SDLP agus Alliance roimhe seo agus gan aon aird tugtha ag Sinn Féin orthu go poiblí. Tá Alliance ag iarraidh leasuithe le blianta agus SDLP le cúpla bliain. Athrú is ea é Sinn Féin a bheith ag rá go bpléifear na moltaí ó pháirtithe eile.

Nuair a athbhunaíodh Stormont tar éis bhaghcat an DUP ní raibh Sinn Féin ná an DUP toilteanach ceisteanna sa Tionól a fhreagairt nuair a iarradh orthu barántas a thabhairt nach siúlfadh siad amach arís. Bhí an córas athraithe faoin am sin áfach agus ní thitfeadh Stormont go ceann sé mhí dá bhfágfadh ceann acu. Leanfadh cineál meath-Fheidhmeannas agus Tionól. Ní hé freagra na faidhbe é agus is léir go bhfuil athbhreithniú riachtanach.

Luíonn sé le réasún gurb iad na páirtithe arb é a raison d’être an tAontas Ríoga a chaomhnú a bheadh ag iarraidh go mbeadh rath ar Stormont. Ligeann an DUP dá gcol le Sinn Féin a theacht salach ar an obair, go speisialta ó airíonn siad faoi bhrú ón TUV.  N’fheadar cé na hathruithe a mbeadh glacadh ag an DUP leo. Léirigh an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly amhras faoin bplé ar leasuithe, ba chosúil gur mheas sí gur chapall na Traí a bheadh iontu.

Dúirt sí go dtuigeann Aontachtaithe céard atá taobh thiar d’éilimh ar athchóiriú ar roinnt na cumhachta. Tá comhghuaillíocht de mhóramh náisiúnach, poblachtánach agus Alliance ag iarraidh cosaintí [d’aontachtaithe] a chealú, ar sí. Diúltú as éadan nó glaoch san idirbheartaíocht?

Cibé, ní mór do Stormont a bheith níos éifeachtaí. Conas is féidir a dhéanamh? Gnó do na páirtithe go cinnte ach don dá rialtas freisin cé go bhfuil dúshláin go leor acu, go háirithe ag rialtas Westminster.

Fág freagra ar 'Stormont – níl éinne ag siúl amach ach an mbeifear in ann é a leasú?'