‘Meon an Mhoncaí’ agus conas é a chiúnú

Is coincheap é an 'meon moncaí' a thagann ó thraidisiún an mhachnaimh agus tá bealaí ann a moncaí a chiúnú 

‘Meon an Mhoncaí’ agus conas é a chiúnú

Tá sé ar eolas againn go léir, fiú mura an t-ainm sin air i gcónaí. An ‘meon moncaí’, an sruth míshuaimhneach smaointe a léimeann ó rud go rud gan stopadh. Nóiméad amháin tá tú dírithe ar obair, agus an chéad nóiméad eile tá tú ag athfhilleadh ar chomhrá, ag déanamh imní faoin lá amárach, nó ag rith trí liosta de rudaí atá le déanamh agat nach bhfuil aon deireadh leis.

I gcás go leor den lucht saothair, is cuid lárnach den saol laethúil é.

Is coincheap é an ‘meon moncaí’ a thagann ó thraidisiúin an mhachnaimh, agus a úsáidtear go forleathan anois chun cur síos a dhéanamh ar intinn atá róghníomhach, agus a bhíonn ag léim ó smaoineamh amháin go smaoineamh eile gan stad.

Ní rud é le cáineadh ná le troid ina aghaidh. Is éard atá ann go simplí ná an intinn nuair atá sí lán, tuirseach agus gan mórán spáis inti.

Sa saol atá againn inniu, is beag an deis a fhaigheann an intinn socrú síos i gceart. Bogaimid ó scáileáin go cruinnithe go teachtaireachtaí gan stad.

Fiú nuair a cheapaimid go bhfuil muid chun scíth a ligean, bíonn muid fós ag glacadh isteach tuilleadh eolais. Le himeacht ama, fanann an corp ar an airdeall, nó i staid airdeallach i gcónaí. Leanann an intinn é sin – éiríonn sí gnóthach, tapa, agus deacair a chiúnú.

De réir a chéile, tugaimid faoi deara go mbíonn deacrachtaí againn le fócas, go mothaíonn muid scaipthe, nó go bhfuil an intinn ‘ar siúl’ an t-am ar fad agus gan tú i láthair i ndáiríre. Le himeacht ama, d’fhéadfadh sé seo cur leis an mothú go bhfuil tú tugtha traochta, nó dóite amach mar a deirtear, imníoch agus tuirse mhothúchánach buailte ort.

Feicim é seo go minic ar na daoine a n-oibrím leo, agus aithním é i mo shaol féin freisin. Tá laethanta ann fós nuair a mhothaím an intinn ag rith romham, agus mé ag iarraidh coinneáil suas léi. Fiú agus blianta caite agam ag obair leis an anáil agus leis an gcóitseáil, aithním an mothú sin – a bheith sáinnithe i dtorann na hintinne.

Mar sin, cén chaoi a gciúnaímid an meon moncaí?

Ní le fórsa a dhéanfar é. Ní trí iarracht stop a chur leis na smaointe. Go minic, déanann sin níos measa é. Tosaíonn an t-athrú le feasacht.

 

Tá rud simplí ach cumhachtach ann gur féidir linn a dhéanamh – sin díreach ‘meon an mhoncaí’ a thabhairt faoi deara nuair a tharlaíonn sé agus a rá leat féin ‘tá an intinn gnóthach anois’.

Uaireanta cabhraíonn sé an méid atá ag tarlú a ainmniú agus  ‘intinn ghnóthach’ nó ‘intinn imníoch’ a thabhairt air mar go gcruthaíonn sé sin beagán faid idir tú féin agus an smaoineamh.

Mar a deir Jon Kabat-Zinn, Ollamh Emeritus le Leigheas agus bunaitheoir The Stress Reduction Clinic, “Ní féidir leat na tonnta a stopadh, ach is féidir leat foghlaim conas surfáil orthu.”

Ní gá dúinn na smaointe a chur ar ceal. Foghlaimímid cén chaoi a bheith leo ar bhealach difriúil.

Ansin, cabhraíonn an corp linn filleadh ar an láthair. Mothaigh do chosa ar an talamh. Scaoil leis an teannas i do ghiall. Lig do na guaillí titim. Is comharthaí beaga iad seo don néarchóras go bhfuil sé ceart go leor sos a thógáil.

Tá an anáil ar cheann de na huirlisí is simplí agus is cumhachtaí atá againn le strus a bhainistiú sa chorp. Análaigh isteach go mall tríd an tsrón, agus amach arís beagán níos moille. Ní gá é a dhéanamh díreach ceart, is leor spás beag a chruthú duit féin.

Cuidíonn sé freisin na smaointe a chur amach as an gceann. Is féidir ‘brain dump’ a dhéanamh ar pháipéar freisin. Nuair a fheiceann tú na smaointe scríofa síos os do chomhair, éiríonn siad níos éadroime, níos soiléire duit.

Déanann siúlóid ghairid amuigh faoin aer, nó sos beag ón bhfón nó ón ríomhaire difríocht mhór. Uaireanta, níl ann ach níos lú torainn a bheith thart ort.

Ní hí an sprioc deireadh a chur leis an meon moncaí. Is éard atá i gceist ná an caidreamh leis a athrú, é a thabhairt faoi deara níos luaithe, agus teacht ar ais chugat féin níos tapúla.

Ní thagann soiléireacht chugainn ó bheith ag déanamh níos mó oibre. Tagann sí ón sos a thógáil. Agus sa sos sin bíonn ciúnas beag, spás duit féin chun teacht ar ais chugat féin agus b’fhéidir gurb é sin an rud is mó atá de dhíth orainn. Seachas a bheith ag déanamh tuilleadh, filleadh orainn féin.

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar '‘Meon an Mhoncaí’ agus conas é a chiúnú'