‘Cogar’ – ardán sóisialta úr do phobal na Gaeilge beo ar líne

Dúirt bunaitheoir Cogar go raibh sé ag iarraidh 'spás áirithe atá fáilteach agus oscailte' a chruthú don Ghaeilge ar líne

‘Cogar’ – ardán sóisialta úr do phobal na Gaeilge beo ar líne

Tá Cogar, aip úr shóisialta i nGaeilge inar féidir leat scríobh, postáil, comhrá a dhéanamh le daoine, pobail a aimsiú agus go leor eile, ar fáil anois ar an App Store agus ar Google Play.

I measc na bpríomhspriocanna atá ag Cogar, tá “níos mó muiníne” a thabhairt do dhaoine sa teanga sa ghnáthshaol digiteach agus é a dhéanamh “níos éasca” do dhaoine an Ghaeilge a úsáid go sóisialta.

Dúirt Rónán Ó Laoire, Cruthaitheoir Cogar, gur thosaigh sé an tionscadal anuraidh mar go raibh sé ag iarraidh an dá ábhar is mó a bhfuil grá aige dóibh, an Ghaeilge agus cúrsaí forbartha ar líne, a thabhairt le chéile in aon áit amháin.

Ag labhairt dó le Tuairisc dúirt sé gur theastaigh uaidh “spás áirithe atá fáilteach agus oscailte” do phobal na Gaeilge a chruthú ar líne sa dóigh is go mbeadh sé “níos éasca” do dhaoine sóisialú as Gaeilge agus teacht ar ábhar as Gaeilge ar líne.

Thug Ó Laoire le fios go raibh sé ag iarraidh go mbeadh eispéireas an úsáideora “níos nádúrtha” ar an ardán seo “beag beann ar an leibhéal Gaeilge” atá ag na húsáideoirí.

“Ní coincheap nua amach is amach é agus d’fhéadfá a rá go bhfuil sé díreach cosúil le hardáin eile ar nós Bluesky nó Mastodon.

“Is féidir le daoine próifíl a chruthú, ábhar a phostáil, daoine a leanúint agus ‘likes’ a thabhairt do phostálacha,” a dúirt Ó Laoire.

Mhaígh sé nach raibh sé ag iarraidh “dul in iomaíocht” leis na heagraíochtaí Gaeilge nó “spásanna Gaeilge atá ar líne cheana féin” ach gur mhaith leis na scileanna agus na huirlisí a bhfuil teacht againn orthu sa lá atá inniu a úsáid ar mhaithe leis an Ghaeilge.

“Tá uirlisí agus eolas againn sa lá atá inniu againn nach raibh againn ariamh agus ní fheicim aon dochar má úsáideann muid na huirlisí sin ar mhaithe leis an Ghaeilge, chun an teanga a chur os comhair an phobail mar theanga bheomhar nua-aimseartha.”

Dúirt Ó Laoire, gur mhaith leis a thaispeáint do dhaoine go bhfuil sé “indéanta” ardán a fhreastalaíonn ar phobal na Gaeilge a chruthú agus gur mhaith leis aipeanna eile a chur ar fáil amach anseo.

Tá Cogar á fhorbairt ag Cogar Teicneolaíochta Teoranta le ceadúnas bogearraí agus táirgí ón chomhlacht ‘Busy Little Pixles’. Is é Ronán Ó Laoire an t-aon duine atá páirteach sa tionscadal san am i láthair.

Deirtear go bhfuil sé mar sprioc ag an chomhlacht ‘Busy Little Pixels’ teicneolaíocht a thógáil do theangacha mionlaigh, do theangacha atá faoi ghannionadaíocht, agus do theangacha nach mbíonn spás ceart acu i saol digiteach an lae inniu agus gurbh é Cogar an chéad sampla de seo.

Go dtí seo, tá roinnt úsáideoirí ag cogarnaí agus ag athchogarnaí ar Cogar.

Fág freagra ar '‘Cogar’ – ardán sóisialta úr do phobal na Gaeilge beo ar líne'