‘Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh maidir le sprioc earcaíochta Gaeilge an stáit’

Deir sochtheangeolaí aitheanta gur gá aghaidh a thabhairt 'go práinneach' ar na fadhbanna soláthair a bhaineann leis an nGaeilge ‘ag gach leibhéal den chóras oideachais’

‘Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh maidir le sprioc earcaíochta Gaeilge an stáit’

 Níl “aon fhianaise” ann go bhfuil aon dul chun cinn “suntasach” á dhéanamh ag an státchóras maidir leis an sprioc earcaíochta go mbeadh 20% d’earcaigh chun na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoin mbliain 2030, a dúradh ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inné.

Dúirt an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh gur gá aghaidh a thabhairt “go práinneach” ar na fadhbanna soláthair a bhaineann leis an nGaeilge “ag gach leibhéal den chóras oideachais” más faoin Rialtas an fhadhb a réiteach.

Mhaígh Walsh go bhfuil “laigí suntasacha struchtúrtha” sa chóras oideachais “ag cur bac ar an mórchuspóir earcaíochta” agus nach mbainfear an cuspóir sin amach mura gcuirfear athruithe suntasacha i bhfeidhm.

“Gan cur chuige córasach i leith earcú fostaithe poiblí le Gaeilge mar chéim shuntasach i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, ní bhainfear amach bunchuspóir na reachtaíochta. Tá an cuspóir sin ag brath cuid mhór ar stádas reatha na Gaeilge sa chóras oideachais ón mbunscolaíocht go dtí an ollscolaíocht,” a dúirt an Dr Walsh, Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.

Thagair Walsh don suirbhé a rinneadh ar 112 comhlacht poiblí roimh fhoilsiú Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, suirbhé inar frítheadh nach raibh ach idir 9-11% d’fhostaithe na státseirbhíse inniúil sa Ghaeilge. Dúirt sé nach bhfuil aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil “aon dul chun cinn suntasach déanta ó shin” maidir le daoine breise le Gaeilge a earcú.

Dúirt sé gur “ag obair ó thúsphointe an-íseal” atá an Rialtas agus iad ag iarraidh go mbeadh 20% d’earcaigh chun na Státseirbhíse ina gcainteoirí Gaeilge faoi cheann ceithre bliana agus go gcaithfear “brath ar an gcóras oideachais” chun go leor de na cainteoirí Gaeilge sin a aimsiú.

Ach dúirt sé go bhfuil “fadhbanna tromchúiseacha struchtúrtha ag gach leibhéal a chuireann bac ar an soláthar daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu” agus gur céim ar gcúl, mar shampla, cinneadh na Roinne Oideachais go mbainfí leathuair an chloig eile de mhúineadh na Gaeilge gach lá sna bunscoileanna.

“Tá sé ráite ag an saineolaí oideachais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, go bhfuil titim 37% sa mhéad ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil le 20 bliain anuas. Ní chun leas na Gaeilge é sin.

“Tuigeann an Coiste seo go maith an díobháil atá á déanamh go leanúnach ag an díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge atá ag beagnach 70,000 dalta anois – 7% de dhaltaí an stáit nó 13% de dhaltaí iar-bhunscoile,” a dúirt Walsh.

Cháin an tOllamh Walsh moladh na Roinne Gaeltachta gur trí mhodúil aonair seachas cúrsaí iomlána céime den chuid is mó a chuirfí oiliúint ar dhaoine le go mbeidís in ann seirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge.

“B’údar imní dom go ndúirt Roinn na Gaeltachta níos luaithe i mbliana go bhféadfaí brath ar mhodúil aonair i nGaeilge chun céimithe a ullmhú do phoist Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí. Ní aontaím leis sin,” a dúirt sé.

Dúirt Walsh go dtiocfadh sé le ráiteas an Choimisinéara Teanga Séamas Ó Concheanainn go raibh “gá le beart náisiúnta ollscolaíochta chun dóthain céimithe inniúla sa Ghaeilge a sholáthar” i réimsí éagsúla.

“Ó mo thaithí féin ar an bpolasaí teanga in Éirinn agus i dtíortha eile, ní fheictear dom go bhfuil dóthain á dhéanamh ag an státchóras anseo chun é féin a chur sa riocht go mbainfear amach an sprioc earcaíochta 20% in am.

“Mar chuid de réiteach na faidhbe sin, is gá aghaidh a thabhairt go práinneach ar na fadhbanna soláthair a bhaineann leis an nGaeilge ag gach leibhéal den chóras oideachais, go háirithe ó thaobh na hollscolaíochta,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh maidir le sprioc earcaíochta Gaeilge an stáit’'

  • Páraic

    Roinn an Oideachais is cúis le teipeadh na spriocanna a bhaint amach! An Ghaolainn mar ábhar roghnach dá mbarr agus a bhfuath don Ghaolainn spriocanna Roinn an Oideachais.