Fad a chur leis an bhfulaingt – faraor d’fhéadfadh gurb é an bealach ab fhearr do Vladamir Putin

Tá an Rúis ar cheann de na tíortha is éagothroime ar domhan ó thaobh rachmais de

Fad a chur leis an bhfulaingt – faraor d’fhéadfadh gurb é an bealach ab fhearr do Vladamir Putin

Is fíric mhíchaoithiúil é do chumannaigh Éireannacha a thacaíonn leis an Rúis go bhfuil an Rúis ar cheann de na tíortha is éagothroime ar domhan ó thaobh rachmais de, agus go bhfuil sé i bhfad níos éagothroime ná na tíortha is mó a cháineann siad. Úsáidtear Comhéifeacht Gini mar shlat tomhais chun éagothroime rachmais a thomhas agus de réir na slaite tomhais seo tá an Rúis agus an Bhrasaíl ar comhscór mar na tíortha is éagothroime as liosta 32 tír i dTuarascáil Rachmais Dhomhanda UBS 2025. Fágann seo go bhfuil an Rúis níos éagothroime fiú ná Stáit Aontaithe Mheiriceá atá sa 7ú háit ar an liosta agus i bhfad níos éagothroime ná an Ghearmáin sa 12ú háit, an Fhrainc sa 21ú háit, An Ríocht Aontaithe sa 22ú háit agus an Pholainn sa 24ú háit. Insíonn slat tomhais níos simplí – an líon den rachmas náisiúnta atá ag an 1% is saibhre – an scéal céanna. Is leis an 1% is saibhre tuairim is leath de rachmas na Rúise i gcomparáid le 30-35% ag an 1% is saibhre sna Stáit Aontaithe, 26% sa Ghearmáin, 24% sa Fhrainc agus 20-25% sa Ríocht Aontaithe. 20-25% de rachmas na hÉireann atá i seilbh an 1% is saibhre.

Tá seo ar ceann de na cúiseanna go bhfuil sé deacair go polaitiúil ag Vladamir Putin an cogadh i gcoinne na hÚcráine a stopadh. Tá an cogadh tar éis airgead breise a chur i bpócaí an chuid is boichte de chosmhuintir na Rúise. Tagann formhór na n-earcach don chogadh ó na réigiúin is boichte, iad meallta ag na tuarastail mhíleata atá ard i gcomparáid le haon rud eile atá ar fáil dóibh. Agus sna ceantracha is iargúlta atá go leor de na monarchana airm lonnaithe, polasaí a théann siad go dtí an ré Shóivéadach.

Má chuirtear deireadh leis an gcogadh agus má fhilleann formhór na saighdiúirí ar an ngnáthshaol, ní bheidh mórán i ndán dóibh ach dífhostaíocht nó fostaíocht ar bheagán pá.

Agus ag an am céanna caillfear jabanna i dtionscal na n-arm, a bhformhór sna réigiúin is boichte den tír freisin. Ba í taithí na Rúise tar éis an chogaidh san Afganastáin go ndeachaigh a lán de na saighdiúirí díshlógtha le coiriúlacht eagraithe, agus go raibh méadú mór ar choiriúlacht dá bharr.

Mar sin beidh cosmhuintir na Rúise, go háirithe sna réigiúin is boichte, níos measa as ná mar bhí siad cheana agus bheadh sé nádúrtha ansin go dtosófaí ag cur na ceiste – ‘cad chuige ar throideamar an cogadh seo ar an gcéad dul síos’? Dar ndóigh is treise a bheidh na ceisteanna sin mar nár baineadh amach aidhmeanna an chogaidh ná fiú an aidhm níos teoranta a fógraíodh nuair a bhí sé soiléir nach bhféadfaí an chéad aidhm a bhaint amach, sé sin réigiún iomlán an Donbas a ghabháil. Tá eolas maith ag Vladamir Putin ar stair na Rúise agus tá a fhios go maith aige gur am baolach do cheannairí Rúiseacha is ea an tréimhse tar éis cogadh nach raibh rath air.

Ar an dtaobh eile den scéal ní féidir leis ligint do rudaí leanúint ar aghaidh mar atá. Tá an Rúis ag troid chun tuilleadh críocha Úcránacha a ghabháil ach den chéad uair tá siad anois ag cailliúint níos mó saighdiúirí ná mar is féidir leo a earcú agus ní féidir leo bealach ar bith a oibriú amach chun briseadh trí fhalla drón na hÚcráine.

Is é an toradh a bheidh air leanúint ar aghaidh leis an gcur chuige seo go n-éireoidh an Rúis níos laige agus níos laige. Tá na seabhaic i measc lucht rialaithe na Rúise ag moladh coinscríobh a dhéanamh ar líon mór fear óg in ollslógadh mór nua. Ach beidh a fhios ag Putin gur baol polaitiúil é seo.

Tá míshuaimhneas á léiriú cheana féin faoi na slite ina bhfuil an conradh neamhscríofa idir Putin agus an pobal nach gcuirfeadh an cogadh isteach ar a ngnáthshaol á shárú: ionsaithe dróin ar fud na Rúise, scuainí i gcomhair artola sa Chrimé, agus srianta ar an idirlíon atá ag cur as do ghnóthaí agus do ghnáthdhaoine. D’fhéadfadh ollslógadh an lasair a chur i mbarrach an mhíshuaimhnis pholaitiúil sin. Ghéaródh ollslógadh freisin ar an nganntanas oibrithe atá ag cur as don gheilleagar. Tá formhór saineolaithe míleata san iarthar agus san Rúis ar aon intinn gur cuma cé mhéad saighdiúir a chaithfidh an Rúis le falla drón na hÚcráine gurb é an toradh céanna a bheidh air.

Tá rogha eile ann seachas deireadh a chur leis an gcogadh nó géarú ar an gcogadh agus sé sin an cogadh a ‘reo’. An fáth go bhfuil na Rúisigh ag cailliúint níos mó saighdiúirí ná mar is féidir leo a earcú faoi láthair ná go bhfuil siad i gcónaí ag iarraidh a bheith ar an ionsaí. Má éiríonn siad as sin réiteoidh sé an fhadhb sin láithreach.

Má tá an dá thaobh ag cailliúint tuairim is an méid céanna saighdiúirí, tugann sin buntáiste don Rúis mar go bhfuil daonra i bhfad níos mó acu. D’fhéadfadh sé a bheith mar chuid den rogha sin go nglacfadh an Rúis le tairiscint Zelensky ar shos cogaidh teoranta d’infreastruchtúr fuinnimh. Stopfadh an Rúis ag ionsaí ionaid chumhachta na hÚcráine agus stopfadh an Úcráin ag ionsaí scaglanna ola na Rúise, ach leanfadh ionsaithe ar spriocanna míleata ar aghaidh.

Dar leis an tráchtaire míleata Danmhargach Anders Puck Nielson, bheadh an rogha seo ar an rogha is measa don Úcráin mar gur ‘cogadh gan chríoch’ a bheadh ann agus mar go gcuirfí straitéis na hÚcráine chun an cogadh a bhuachan ó mhaith. Deir sé gurbh iad an dá rud a bhí ag croí na straitéise sin ná an Úcráin a bheith ‘ag baint buntáiste as toilteanas na Rúise a bheith ar an ionsaí ar an líne thosaigh’ agus ionsaithe ar infreastruchtúr fuinnimh na Rúise sa chúlra. Ní thabharfadh an cur chuige seo bua míleata sa ghearrthéarma don Rúis. Ach d’fhéadfadh buntáiste thar thréimhse níos faide ama i gcogadh mar seo a bheith ag tír mhór uathlathach i gcoinne tír atá níos lú agus atá in ainm is a bheith ina tír dhaonlathach. Bheadh sé an-deacair toghchán féaráilte a reáchtáil san Úcráin.

Bheadh an tír spleách go fadtéarmach ar chúnamh eachtrannach. Ní fhéadfaí bogadh chun tosaigh i dtreo ballraíocht san Aontas Eorpach. Ní bheadh ar chumas na hÚcráine an cogadh a bhuachan nó deireadh a chur leis.

Dar ndóigh ní bheadh an straitéis seo go maith ar bhonn fadtéarmach do gheilleagar ná do shochaí na Rúise, ach d’fhéadfadh sí a bheith ar an rogha pholaitiúil ab fhearr do Putin. Níl aon chinnteacht ann go gclisfeadh ar an Úcráin i ndeireadh na dála ach bheadh seans níos fearr ag an Rúis bua a bhaint amach leis an gcur chuige seo ná le ceann ar bith eile. Agus idir an dá linn cé nach mbeadh an cogadh buaite ag an Rúis, ní bheadh sé caillte aici ach an oiread.

Fad a chur leis an bhfulaingt – d’fhéadfadh gurbh é sin an bealach ab fhearr do Vladamir Putin a chumhacht agus a cheannaireacht fhéin ar an Rúis a chosaint sna blianta romhainn amach.

Fág freagra ar 'Fad a chur leis an bhfulaingt – faraor d’fhéadfadh gurb é an bealach ab fhearr do Vladamir Putin'