Deir grúpa feachtais ar son an oideachais lán-Ghaeilge go bhféadfaí réiteach a fháil ar fhadhb an tsoláthair múinteoirí le Gaeilge trí mhúinteoirí atá ann cheana féin a spreagadh chun múineadh trí Ghaeilge.
Dúirt Aidan Kinsella ón ngrúpa Imeasc go léiríonn anailís atá déanta ag an ngrúpa go mbeidh farasbarr ann sa soláthar múinteoirí amach anseo agus gur chóir don Roinn Oideachais cuid den na múinteoirí sin a chumasú le dul ag múineadh trí Ghaeilge.
“Bhreathnaigh muid ar an tuar atá déanta ag an Roinn Oideachais maidir le líon na múinteoirí a bheidh ag teastáil amach anseo…agus breathnaíonn sé go bhféadfadh go mbeadh farasbarr sa soláthar múinteoirí sa tír sna blianta amach romhainn,” a dúirt Kinsella ag cruinniú de choiste oideachais an Oireachtais le déanaí.
“Dá spreagfaí fiú cuid díobh siúd múineadh trí Ghaeilge, d’fhéadfadh muid an soláthar oideachais lán-Ghaeilge a mhéadú faoi dhó go héasca laistigh de 10-12 bliain gan costas ar bith, ag úsáid an tsoláthair múinteoirí a bheidh ann.”
Tá fadhb aitheanta le fada maidir le soláthar múinteoirí chun dul ag múineadh trí Ghaeilge, go háirithe ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Tá cúrsaí sa mhúinteoireacht trí Ghaeilge tosaithe in Ollscoil na Gaillimhe agus in Institiúid Marino agus d’fhógair an tAire Oideachais Hildegarde Naughton le gairid go raibh cead tugtha dhá chúrsa eile a bhunú i nGaillimh agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Tá Imeasc ag éileamh go dtabharfaí isteach reachtaíocht faoina mbeadh dualgas ar an Roinn Oideachais an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus soláthar a chur ar fáil don éileamh atá ann.
Dúirt sé go bhfuil “tuairisc mhaicreacnamaíoch” coimisiúnaithe ag Imeasc chun léargas ginearálta a thabhairt ar an gcostas a bhainfeadh lena leithéid de reachtaíocht.
Dúirt Kinsella go mbaineann formhór an chaiteachais ar chúrsaí oideachais le soláthar múinteoirí agus go raibh an costas céanna ar mhúinteoir a mhúineann trí Bhéarla is atá ar mhúinteoir a mhúineann trí Ghaeilge.
“Bheadh costas beag ann maidir le buiséad caipitil ach thar shaolré scoile, 40 bliain, is beag a bheadh ann i ndáiríre. Breathnaíonn sé nach mbeadh aon bhuiséad breise ag teastáil,” a dúirt sé.
Dúirt Uachtarán Gaeloideachas, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, gurb é cumas Gaeilge múinteoirí “an eilifint sa seomra”. Dúirt sise go gcaithfí infheistíocht a dhéanamh chun tacú le múinteoirí a gcuid Gaeilge a fheabhsú.
“Tá dúshlán ansin. Feiceann muid na múinteoirí ag teacht isteach. Níl an mhuinín acu, níl b’fhéidir an cumas labhartha acu dul i mbun Gaeilge a mhúineadh mar theanga trí mheán na Gaeilge. Go minic feictear daoine ag múineadh Gaeilge trí Bhéarla,” a dúirt Ní Mhaoilchiaráin.
Dúirt sí go raibh plean ag teastáil anois chun dul i ngleic leis an bhfadhb seachas í a chur ar an méar fhada.
“Tá plean straitéiseach le spriocanna intomhaiste agus spriocanna ama de dhíth chun cumas na múinteoirí a chur chun cinn. Rinneadh i dTír na mBascach é, cuireadh maoiniú ar fáil do mhúinteoirí chun a gcumas teanga a fheabhsú agus chuaigh múinteoir, maoinithe, chun é sin a dhéanamh.
“Tá an infheistíocht sin de dhíth sa chóras anseo in Éirinn. Ní ghlacfaí le múinteoir bunscoile nach raibh in ann Mata a mhúineadh sa rang, ní ghlacfaí le múinteoir i rang bunscoile nach raibh in ann Béarla a mhúineadh, nó stair nó aon cheo eile. Cén fáth go bhfuil muid ag glacadh le múinteoirí nach bhfuil sé ar a gcumas Gaeilge a mhúineadh?”
Fág freagra ar '‘Beidh farasbarr múinteoirí ann amach anseo, ba chóir iad a chumasú chun múineadh trí Ghaeilge’ – Imeasc'