Tá sé ráite ag an Roinn Oideachais go bhféadfaí scoileanna nua lán-Ghaeilge a oscailt nó a bhunú sna blianta amach romhainn “má tá an t-éileamh ann”.
Rinneadh cáineadh ar an méid a bhí le rá ag an Aire Oideachais Hildegarde Naughton le gairid nuair a thug sí le fios nach raibh aon phlean ag a roinn aon Ghaelscoil nó Gaelcholáiste nua a bhunú idir seo agus 2031.
Ag cruinniú de choiste Oireachtais i dTeach Laighean inné, dheimhnigh oifigeach ón Roinn Oideachais nach raibh aon phlean ag an roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil as seo go gceann cúig bliana ach dúradh go bhféadfadh sé sin athrú.
“Ní hé go ndúramar nach mbeidh aon Ghaelscoil bunaithe nó oscailte ar feadh cúig bliana. Is é an rud a dúirt an tAire ná nach bhfuil aon phlean faoi leith chun Gaelscoil nua a bhunú, ach tá an solúbthacht ann…má tá an t-éileamh ann…gur féidir linn [scoil nua a bhunú],” a dúirt Gavan O’Leary, Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais.
Dúirt an Teachta Dála Shonagh Ní Raghallaigh ó Shinn Féin go raibh sé soiléir go bhfuil an t-éileamh ann. Tá tuismitheoirí i mbun feachtais i roinnt ceantair timpeall na tír chun Gaelscoil nó Gaelcholáiste a thógáil ina gceantar ach gan mórán sásamh faighte acu ón Roinn.
Rinneadh tagairt do thorthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile le linn an chruinnithe, suirbhé a léirigh gur thart ar 13% de thuismitheoirí bunscoile atá ag iarraidh go n-athrófaí teanga teagaisc a scoile ó Bhéarla go Gaeilge.
Léirigh eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis an teanga sa gcóras oideachais imní faoin bhfoclaíocht a úsáideadh sa suirbhé áfach agus dúirt an Ní Raghallaigh go raibh sí buartha go n-úsáidfí na torthaí mar leithscéal gan scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú.
Dúirt Gavan O’Leary go raibh an Roinn Oideachais ar an eolas faoin imní a bhí ann maidir leis an suirbhé agus go raibh níos mó oibre le déanamh ar na torthaí. Tá tuilleadh torthaí ón suirbhé le foilsiú an mhí seo chugainn agus dúirt sé go dtabharfadh na torthaí sin eolas níos fearr maidir leis an éileamh atá i gceantair ar an oideachas lán-Ghaeilge.
“Is cuid de phróiseas é an suirbhé, ní céim dheireanach é agus beidh níos mó oibre le déanamh sna pobail áitiúla. Na sonraí atá eisithe, mar a thuigimse iad, is ar bhonn náisiúnta atá siad. Tá níos mó le déanamh le pobail i scoileanna áirithe nó in áiteanna áirithe maidir leis an éileamh atá ann agus conas go mbeadh an soláthar in ann an t-éileamh a shásamh,” ar sé.
“Beidh sé mar chuid d’obair na Roinne chun pleanáil conas oideachas ag an mbunleibhéal a sholáthar agus a chur ar fáil.”
Thagair Shonagh Ní Raghallaigh do thorthaí mórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge a foilsíodh níos luaithe an tseachtain seo.
44% de na rannpháirtithe ó dheas a dúirt go mbeidís sásta a gcuid páistí a chur go dtí gaelscoil ach a leithéid a bheith ar fáil ina gceantar agus 40% a chuirfeadh a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
Méadú mór a bhí i gceist ansin ar 2013 nuair a dúirt 23% go gcuirfidís a bpáistí go dtí bunscoil lán-Ghaeilge agus nuair a dúirt 12% go gcuirfidís a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
84% ó dheas aa dúirt gur cheart scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil sna háiteanna a bhfuil éileamh orthu.
Dúirt Gavan O’Leary nach raibh deis aige staidéar ceart a dhéanamh ar na torthaí ach go mbeadh siad “á mheas agus á anailísiú” ag a chomhghleacaithe sa Roinn “chun go mbeadh pictiúr níos leithne acu maidir leis an éileamh atá ann.”
Dúirt an Foras Pátrúnachta, an pátrún scoileanna lán-Ghaeilge is mó sa tír, nach féidir leis an Roinn Oideachais “neamhaird” a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé agus an fianaise atá ann maidir le héileamh ar oideachas lán-Ghaeilge.
“Tá sé soiléir anois go bhfuil an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i bhfad níos airde ná mar atá aitheanta ag an Roinn Oideachais & Óige go dtí seo. Ní féidir neamhaird a dhéanamh a thuilleadh ar an bhfianaise neamhspleách atá ag teacht chun cinn ó iliomad taighde éagsúil,” a dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra.
Dúirt Ó hEaghra go gcaithfidh an tAire Oideachais “plean cinnte” a chur i bhfeidhm chun freagairt don éilimh atá léirithe sa suirbhé is déanaí.
“Má tá an Rialtas dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus faoi rogha oideachais a chur ar fáil do theaghlaigh, caithfear bogadh anois ó thaighde agus ó phleanáil go dtí gníomhartha nithiúla.
“Tá géarghá le hinfheistíocht i scoileanna nua lán-Ghaeilge agus le straitéis shoiléir chun freastal ar an éileamh atá ag fás.”
Fág freagra ar 'Impí déanta ar an Roinn Oideachais aird a thabhairt ar fhianaise faoin ngaeloideachas i mórshuirbhé nua'