Tá “fáilte mhór” curtha ag Cumann Húicéirí na Gaillimhe roimh an moladh go mbronnfadh an Rialtas “stádas oidhreachta náisiúnta” ar na báid thraidisiúnta seoil.
Dúirt cathaoirleach Chumann Húicéirí na Gaillimhe, Dónal Greene, le Tuairisc gur “cuid d’oidhreacht Chonamara agus cuid d’oidhreacht na tíre” iad na báid a bhfuil ceangal láidir stairiúil acu le Gaeltacht na Gaillimhe.
Is é an Seanadóir Seán Kyne an duine is deireanaí a mhol go mbronnfaí stádas UNESCO ar na húicéirí. Dúirt an Seanadóir de chuid Fhine Gael go bhfuil siad tar éis iarraidh ar an Aire Gaeltachta “tús a chur le próiseas foirmiúil” chun aitheantas oifigiúil a thabhairt do húicéirí na Gaillimhe “de réir Choinbhinsiún UNESCO maidir le Cosaint na hOidhreachta Cultúrtha Dochtaithe”.
Thug Dónal Greene le fios do Tuairisc go bhfuil Cumann Húicéirí na Gaillimhe ag obair cheana féin ar a n-iarracht féin “stádas náisiúnta agus stádas UNESCO” a bhaint amach do na báid.
“Is cuid mhór d’oidhreacht na tíre agus d’oidhreacht Chonamara iad. Is siombail iad atá aitheanta ar fud na tíre agus ar fud an domhain agus iad in úsáid sa margaíocht. Is siombail iad do Chonamara, do Ghaillimh, agus d’iarthar na hÉireann. Is iarsmaí iad atá beo, agus níl áit ar bith eile ar domhan a bhfuil oidhreacht mar seo ann,” a dúirt Greene.
Dúirt sé go “gceanglaíonn [na báid] oirthear na tíre na hiarthar na tíre” agus go “gcruthaíonn siad nascanna” ar fud Chonamara agus níos faide i gcéin. Luaigh sé an húicéir Naomh Crónán a bhíodh ag seoltóireacht i mBaile Átha Cliath agus an bád atá á tógáil aige féin i gcontae na Mí mar shamplaí de na bealaí a nascann na báid thraidisiúnta pobail éagsúla le chéile in Éirinn.
Dúirt sé go raibh na húicéirí “chomh tábhachtach céanna leis na leacracha ársa” do chultúr na hÉireann agus do chultúr Chonamara.
“Cuireann siad go mór le hoidhreacht na háite, le cultúr na háite, agus leis an teanga. Tá na scileanna seoltóireachta agus na scileanna saoirseachta bád á dtabhairt síos ó ghlúin go glúin agus is ceart aitheantas a thabhairt don tábhacht chultúrtha sin,” a dúirt sé.
Dúirt Greene gur mhaith leis féin go mbeadh stádas UNESCO ní hamháin ag na báid féin ach “ag an dream atá á dtógáil” freisin mar gheall ar an tábhacht chultúrtha a bhaineann leis an gceird.
Cé go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas stádas oifigiúil a bhaint amach do na báid, dúirt Greene nach bhfuil an Cumann “ach tosaithe ar an mbóthar” agus go dtógfadh sé “scaitheamh fada” é a bhaint amach.
“Tuigeann muid gur obair fhadtéarmach é. Tá an coiste láidir, tá an cumann láidir mar eagraíocht agus tá muid fadbhreathnaitheach. Tá muid díreach tosaithe air seo i ndáiríre ach is iontach an rud é polaiteoir náisiúnta a chloisteáil ag tacú linn.
“Tháinig an tUachtarán Catherine Connolly ar cuairt againn cheana, bhí a hathair ina shaor bád agus páirt lárnach aige sna báid. Tá muid ag imeacht le cóir anois, shílfeá, agus rudaí ag athrú de réir a chéile. Fáiltíonn muid go mór roimh an méid a bhí le rá ag Seán Kyne faoin stádas,” a dúirt sé.
Dúirt an Seanadóir Kyne gur “mó atá sa ‘bhád mór’ ná bád oibre” do mhuintir Chonamara agus gur “siombail bheo” iad na báid de “chultúr muirí na bpobal feadh chóstaí Chonamara agus Oileáin Árann.
“Tá Húicéir na Gaillimhe ar cheann de na híocóin is so-aitheanta agus is ansa le muintir iarthar na hÉireann. D’iompair sí móin go hOileáin Árann, chothaigh sí pobail iascaireachta feadh chósta Chonamara, agus sa lá atá inniu ann bíonn sí ag seoladh fós ag rásaí bád ar nós Chruinniú na mBád i gCinn Mhara.
“Is cuid dár bhféiniúlacht an bád seo agus tá sé tuillte aici a bheith ina chuid oifigiúil dár n-oidhreacht náisiúnta,” a dúirt sé.
Dúirt Kyne go bhfuil sé “thar am anois” go n-aithneodh an stát na húicéirí go hoifigiúil agus go dtabharfadh stádas oidhreachta náisiúnta “comhartha soiléir” go bhfuil “meas ag an stát” ar thraidisiún na mbád agus go bhfuil an stát “tiomanta” a chinntiú go mairfidh an traidisiún.
“Thabharfadh sé tacaíocht freisin do na ceardaithe, do na seoltóirí agus do na pobail a choimeádann an traidisiún seo beo, agus d’osclódh sé doirse do mhaoiniú breise agus d’aitheantas idirnáisiúnta,” a dúirt an seanadóir.
Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Cumann Húicéirí na Gaillimhe roimh mholadh go mbronnfaí stádas UNESCO ar na báid seoil'