In éineacht le Bridget agus Darren ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá Dara Ó Cinnéide ó Raidió na Gaeltachta agus Orlaith Ruiséal ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.
Agus an dara heagrán de ‘100 bliain na Gaeltachta’, ár sraith nua físeán, seolta againn, pléitear an geábh seo cás na teanga sa Ghaeltacht. Pléitear an rogha chasta a bhíonn ag tuismitheoirí Gaeltachta maidir le páiste a thógáil trí Ghaeilge.
Déantar trácht ar an gcoimhlint idir sealbhú agus saibhriú teanga i scoileanna Gaeltachta agus fiafraítear an leagtar ualach róthrom ar an scoil maidir le slánú na teanga. Labhraítear ar chomh hait is atá sé a bheith ag rá gur gníomh dána agus neamhghéilliúil atá anois ann an Ghaeilge a labhairt sa Ghaeltacht. Ach b’fhéidir gurb in a theastaíonn má táthar leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail? A bheith dána, neamhghéilliúil agus sásta troid go deireadh na himeartha?
Is féidir féachaint ar an dara físeán sa tsraith anseo.
Is féidir féachaint ar an gcéad fhíseán sa tsraith anseo.
Fuair Tuairisc tacaíocht do ‘100 Bliain na Gaeltachta’ ón Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Bímis dána, misniúil, neamhghéilliúil, bímis sásta troid ar son ár dteanga’ – 100 bliain na Gaeltachta'