LÉAMHTHUISCINT: Brad Pitt sa Daingean

Gníomhaíochtaí bunaithe ar alt ó Tuairisc

LÉAMHTHUISCINT: Brad Pitt sa Daingean

Gníomhaíocht 1: Tobsmaointeoireacht

  • Ar bhuail tú riamh le duine cáiliúil?
  • Déan cur síos ar an eachtra.
    • Ábhar machnaimh: Cé hé nó hí a bhí i gceist? Cá raibh sibh? Cén fáth a bhfuil an duine seo cáiliúil?
    • Úsáid an pictiúr thíos mar spreagadh don mhothúchán.

  • B’fhéidir go mbeadh na focail/nathanna seo cabhrach:
    • Baineadh geit asam
    • Bhí an chaint bainte díom
    • Laoch
    • Réalta
    • Bhí mo chroí ag preabadh
    • Fíorú brionglóide
    • Neirbhíseach
    • Gealgháireach
    • Cairdiúil

Gníomhaíocht 2 – Léitheoireacht

Anois, léigh an t-alt thíos.

 

Brad Pitt sa Daingean

  1. Bhí ráflaí go leor ann ag an deireadh seachtaine go raibh réalta mhór Hollywood, Brad Pitt, i mbun scannánaíochta i gCorca Dhuibhne. Rinne Tuairisc an-iarracht na ráflaí a dheimhniú, ach má bhí an t-aisteoir cáiliúil ann, ní fhaca duine ar bith de theagmhálacha Tuairisc lena dhá shúil féin sa leithinis Ghaeltachta Pitt. Tá a fhios againn go cinnte go raibh sé in Éirinn, agus tá muid cinnte gur sa Ríocht a bhí sé ach is ansin a chaill muid a lorg. An ag fanacht in Óstán na Sceilge a bhí sé? An bhfacthas ag trá Chom Dhíneoil é, nó os a cionn ag Ceann Sléibhe? Arbh in thall é i measc na dtrucailí móra a bhí timpeall ar Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin?
  2. B’fhéidir gurbh é an chaoi go bhfuil muintir Chorca Dhuibhne i dtaithí chomh mór sin ar réaltaí scannán ag tarraingt ar an dúiche faoin am seo nach n-aithníonn siad thar aon Mheiriceánach eile iad. Is túisce ar na saolta seo a chloisfeá ‘cut! cut!’ an stiúrthóra as Hollywood ná ‘crek! crek!’ an traonaigh bhoicht in Iarthar Dhuibhneach. Más fíor do spiairí Tuairisc, ní raibh sna ráflaí ach sin. Deirtear linn gur comhlacht léiriúcháin as an bhFrainc a bhí ag fanacht in Óstán na Sceilge agus gurbh iad ba chúis leis an mbac bóthair ar an gConair ag tús na seachtaine. Ag obair ar shraith teilifíse a bhí siadsan, más fíor. Ba iad na Francaigh a facthas istigh i dTigh an tSaoirsigh ar an mBuailtín chomh maith, a deirtear.
  3. Is minic, áfach, a chumtar scéal leis na sluaite a chur ó dhoras agus scannán mór á thaifeadadh. Blue Harvestan t-ainm a tugadh ar Star Wars: Return of the Jedi le hiriseoirí agus an pobal a chur amú, mar shampla, agus Group Hug an teideal a baisteadh ar Avengers Marvel le nach gcuirfeadh duine ar bith suntas ann. Rinne Brad Pitt cúram chomh maith sin den Iodáilis in Inglorious Basterds, cá bhfios nach é féin a bhí ag Frainciseoireacht i dteach tábhairne Dhiarmuid Sayers ar an mBuailtín. Une bière, saibhiúiplé, Jérémy!
  4. Tá aisteoirí Hollywood ag tarraingt ar Chorca Dhuibhne le fada an lá, ar ndóigh. Ba ann a rinneadh an scannán rómánsúil Ryan’s Daughtersa bhliain 1969. Chaith lucht déanta an scannáin sin fanacht ar feadh bliana sular tháinig stoirm sách láidir isteach don radharc cáiliúil nuair a tháinig armlón agus gunnaí i dtír tar éis bá loinge. Os cionn fiche bliain ina dhiaidh sin, bhí an t-aisteoir clúiteach Tom Cruise i gCorca Dhuibhne agus é ag taifeadadh don scannán Far and Away a eisíodh sa bhliain 1991. Tá an baile fearainn Fán le feiceáil i radhairc thosaigh an scannáin sin agus Tom Cruise i mbun feirmeoireachta ann. Rinneadh scannánaíocht ag Ceann Sratha freisin, mar ar tógadh baile bréige don scannán.
  5. Ar ndóigh, le deich mbliana anuas, is é an scannán – nó an tsraith scannán – is mó a shamhlaítear le Corca Dhuibhne ná Star Wars. Rinneadh scannánaíocht ar an gcéad dá scannán sa tríológ is nua den tsraith iomráiteach i gCorca Dhuibhne. Taifeadadh cuid de Star Wars: The Force Awakensagus Star Wars: The Last Jedi timpeall ar Cheann Sibéal agus cúpla áit eile i gCorca Dhuibhne.

Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Tuisceana agus Léirthuisceana

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cé na ráflaí a bhí ann ag an deireadh seachtaine? (alt 1)
  2. Ar éirigh le Tuairisc na ráflaí a dheimhniú? (alt 1)
  3. Cén fáth a luaitear an t-éan an traonach? (alt 2)
  4. Cén fáth a luaitear Óstán na Sceilge? (alt 2)
  5. Cén fáth ar tugadh Blue Harvest ar an scannán Star Wars? (alt 3) Cad a tharla i gCorca Dhuibhne i 1969? (alt 4)
  6. Cén fáth a raibh orthu fanacht ar feadh bliana? (alt 4)
  7. Cad atá Tom Cruise a dhéanamh sa chéad radharc den scannán Far and Away? (alt 4)
  8. Cé mhéad scannán Star Wars a deineadh i gCorca Dhuibhne? (alt 5)
  9. Déan achoimre a scríobh ar alt 5.

Gníomhaíocht 4 – Deis Taifeadta

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
  • Déan iarracht an fhoghraíocht a rá i gceart.
  • Is féidir úsáid a bhaint as abair.ie le cabhrú leat. Úsáid pé canúint atá cuí duit.

Gníomhaíocht 5 – Nathanna Cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • Réalta
    • Táim cinnte…
    • An-iarracht
    • Muintir
    • Is túisce
    • Comhlacht
    • Ag tús/deireadh na seachtaine
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa. Cabhróidh an pictiúr leat leis an gcéad cheann.

  • Ag tarraingt ar…
  • i mbun oibre/agóide/cainte (cuireann “i mbun” gníomh in iúl agus tagann an tuiseal ginideach ina dhiaidh go minic).
  • Leithinis
  • Tá siad i dtaithí ar…
  • Deirtear (briathar saor san aimsir láithreacht)
  • Os cionn (cuir tréimhse ama isteach)
  • Tús na seachtaine (tá an tuiseal ginideach san abairt seo).

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
    • Dhá ainmfhocal
    • Briathar sa mhodh coinníollach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Aidiacht bhriathartha.

Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Gníomhaíocht 7

  • Lig ort go bhfuil tú ag obair do TG4 agus go bhfuil tú chun agallamh a chur ar Brad Pitt agus é sa Daingean,
  • Tá nathanna le fáil thíos má bhíonn siad uait. Cabhróidh siad leat le smaointe agus le teanga.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Brad Pitt sa Daingean'