Cuntas ealaíonta cuimsitheach snasta ar stair na caide

Cuireann an tsraith Hell for Leather – The Story of Gaelic Football tine ar an gcraiceann.

Cuntas ealaíonta cuimsitheach snasta ar stair na caide

In 2018 chuir an tsraith faisnéise The Game an lucht féachana faoi dhraíocht. Thug trí chlár an tsaothair cuntas ealaíonta ar stair agus ar shainiúlacht na hiománaíochta. Tosaíodh ag caint láithreach ar a mhacasamhail peile agus seacht mbliana níos déanaí, agus cúig bliana ó tosaíodh ag obair ar an tsraith, seo chugainn an mheitheal chéanna le Hell for Leather – The Story of Gaelic Football (RTÉ1, Dé Luain).

Le breis agus 80 aoi, raidhse ábhar cartlainne agus go leor seantanna aeir is ealaíonta tugann an tsraith seo faoi scéal na caide a reic. I gcead do shaoithíní na hiomána d’fhéadfaí a mhaíomh gur cúram níos cigiltí é seo ná scéal na hiomána óir go bhfuil soiscéal na caide craobhscaoilte níos leithne ar fud an oileáin.

Tá a scéal féin ag mórán contaetha: Ciarraí, Baile Átha Cliath, An Dún, Maigh Eo, An Ghaillimh, Tír Eoghain, Ard Mhacha, Dún na nGall, Lú, Uíbh Fhailí agus a lán eile nach iad. Cá dtosnaíonn tú agus cá gcríochnaíonn tú? Cén téama a fhaigheann tús áite? Cén scéal a fhágtar in áit na leathphingine? Mar Chiarraíoch mhaífínn go bhféadfaí cúig chlár a chaitheamh ag móramh na Ríochta agus fágamis sin mar atá.

Fuaireas ana-bhlas ar fad ar an gcuntas a tugadh ar conas mar a d’éirigh leis an gcaid cneácha an Chogaidh Chathartha a chneasú i dtosach na bhficheadú i gCiarraí. Ba dheargnaimhde ar pháirc na polaíochtaí iad John Joe Sheehy agus Con Brosnan ach ba chompánaigh chogaidh iad ar pháirc na himeartha. Sí an chaid a thug le chéile iad agus a chruthaigh dílseacht do gheansaí na Ríochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

Labhraíodh faoi conas mar a tugadh an spórt nua ar an bport agus é bunaithe ar an an seanchluiche caide, cluiche ársa, fiáin. Tugadh cuntas ar thábhacht an raidió, na bpáipéar agus na traenach i bhforás an chluiche agus tugadh éachaint ar chluichí agus pointí cinniúnacha i stair an chluiche; bua na gCiarraíoch n 1955, bua cinniniúnach an Dúin i 1960 san áireamh.

Ligtear do ghuthanna na rannpháirtithe an scéal a insint agus mise á rá leat mura bhfuil meitheal bhreá cloigne cainte againn anseo ní lá fós é: Brian Fenton, Jack O’Shea, Dara Ó Cinnéide, Darragh Ó Sé, Liam Sammon, Seán Ó Neill, Louise Ní Mhuircheartaigh, Paul Rouse agus a lán, lán eile nach iad. Go deimhin tá seachtar den mheitheal imithe ar shlí na fírinne ó tosnaíodh ar an bhfiontar, Mick O’Dwyer, John O’Mahony agus Micheál Ó Muircheartaigh in measc.

Is mó focal a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar shainiúlacht na caide; fiántas, scil, aclaíocht, dílseacht, treibheachas. Sé Colm Cooper is fearr a thug cur síos. “Bhí an chaid alraight sara dtána, bhí sé alraight i mo dhiaidh. Nílimid ach a’ gabháil thar bráid.”

Cuntas ealaíonta, cuimsitheach, snasta ar stair na caide.

Fág freagra ar 'Cuntas ealaíonta cuimsitheach snasta ar stair na caide'