‘An baol ann go ligfear don Ghaeilge cúlú arís sna háiteanna a bhfuil dúshraith nua curtha fúithi’

Pléadh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna cás na teanga sa Tuaisceart agus an obair atá ar siúl ag grúpaí atá ag iarraidh pobal Gaeilge a thógáil lasmuigh den Ghaeltacht

‘An baol ann go ligfear don Ghaeilge cúlú arís sna háiteanna a bhfuil dúshraith nua curtha fúithi’

Tá an baol ann go ligfear don Ghaeilge cúlú arís sna háiteanna a bhfuil dúshraith nua curtha fúithi cheal maoinithe, a dúradh i dTeach Laighean tráthnóna inné.

Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir an Fhoclóra Béarla- Gaeilge agus gníomhaí pobail as Carn Tóchair, a tharraing aird ar cheist mhaoiniú grúpaí teanga ar fud na tíre.

Bhí Ó Mianáin i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge ag ar pléadh cás na teanga sa Tuaisceart agus an obair atá ar siúl ag grúpaí atá ag iarraidh pobal Gaeilge a thógáil lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Ó Mianáin chomh maith nach leor an Gaeloideachas ann féin chun an teanga a athbhunú́ mar theanga bheo agus gur gá pobal Gaeilge a bhunú timpeall ar scoileanna lán-Ghaeilge.

“Is é atá foghlamtha ag Coiste Forbartha Charn Tóchair le tríocha bliain anuas ná nach leor an Gaeloideachas leis féin chun an teanga a athbhunú mar theanga bheo,” arsa Pádraig Ó Mianáin.

“Is gá pobal Gaeilge a bhunú timpeall ar na haonaid Ghaeloideachais sin, idir naíscoil, bhunscoil agus mheánscoil; is gá an dúrud oibre a dhéanamh leis an óige taobh amuigh de gheataí na scoile leis an teanga a normalú mar mheán cumarsáide ina measc; agus is gá tacaíocht leanúnach a thabhairt do na teaghlaigh sin atá ag tógáil páistí le Gaeilge.”

Dúirt sé go raibh foghlamtha chomh maith ag lucht athbhunaithe na Gaeilge i gceantar Charn Tóchair/Sleacht Néill “go bhfuil géarghá le tacaíocht mhaoinithe sheasmhach le bonn inmharthana a chur faoi iarrachtaí na ndaoine atá ag saothrú go díograiseach agus go dílis ar son athbhunú na teanga ar fud na tíre”. 

Dúirt sé go mbíonn “éiginnteacht” ag baint go minic le maoiniú earnáil na Gaeilge “faoin státchóras ó thuaidh go háirithe”.

Bhí an baol ann dá bharr, a dúirt sé, go dtiocfadh deireadh cheal maoinithe le togra nó le grúpa “a bheadh ag saothrú agus ag fónamh go héifeachtach don teanga”. 

D’iarr Pádraig Ó Mianáin go gcuirfí “bonn slán bunmhaoinithe agus buanmhaoinithe” faoin obair atá ar siúl ar son na Gaeilge ag grúpaí ar fud na tíre. 

Ba ghá maoiniú dá leithéid “lena chinntiú nach ligfear don teanga cúlú arís sna háiteanna sin a bhfuil dúshraith nua curtha fúithi iontu”. 

Timpeall 2,000 duine a chónaíonn i gCarn Tóchair/ Sleacht Néill, atá ag bun Shliabh Charn Tóchair in aice le Machaire Rátha i gcontae Dhoire. A bhuíochas le Coiste Forbartha Charn Tóchair, tá an ceantar aitheanta mar cheann de na ceantair is láidre sa tír ó thaobh na teanga. Ní raibh ach cúpla Gaeilgeoir sa cheantar tríocha bliain ó shin, ach sa lá atá inniu ann tá 35 páiste ag freastal ar an dá naíscoil atá sa cheantar agus tá 182 ag freastal ar thaobh Gaeilge Bhunscoil Naomh Bríd, i gcomparáid le 70 dalta sa taobh Béarla den scoil. 272 dalta atá ag freastal ar Ghaelcholáiste Dhoire.

Dúradh go raibh an Coiste Forbartha anois ag díriú isteach ar an ngnó agus ar an bhfiontar sóisialta ar mhaithe le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus fostaíocht a chruthú do Ghaeilgeoirí. Chuige sin bhí siopa, caifé, tithe lóistín féinfhreastail agus dhá mhuileann gaoithe tógtha sa cheantar. 

Ag an gcruinniú céanna i dTeach Laighean inné, labhair an grúpa teanga as iarthar Bhéal Feirste, Glór na Móna, faoina gcuid oibre ar son na Gaeilge sa chathair sin. Tá Glór na Móna i bhfeighil ar Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste agus dúradh gurb í an sprioc atá ag an líonra ná “mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú”.

Dúirt an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Ghlór na Móna go raibh cur chun cinn na teanga mar chuid d’iarracht níos mó pobal iarthar Bhéal Feirste a neartú agus a mhisniú.

“Páirteachas, polaitíocht agus pobail atá mar eocharfhocail na heagraíochta agus nuair a deir muid polaitiúil, níl muid ag caint ar an pholaitíocht pháirtí chúng, ach a mhalairt ar fad agus muid ag athshealbhú an sainmhíniú is leithne don fhocal. Is poblachtánachas den tsamhail is daonna agus is daonlathaí a chuireann muid chun cinn, ar samhlaíodh é den chéad uair i Réabhóid na Fraince agus ar athmhúnlaíodh le hÉirí Amach na bhFininí in 1867 agus Éirí Amach na Cásca in 1916, a chuir béim ar an ‘leas choiteann’ seachas suim leithleasach an duine aonair,” arsa an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh.

Fág freagra ar '‘An baol ann go ligfear don Ghaeilge cúlú arís sna háiteanna a bhfuil dúshraith nua curtha fúithi’'

  • Dóchas

    Teastaíonn páirc campála le haghaidh daoine le Gaeilge. Seo ceantair a bheadh íontach dá leithéid agus an méid sin áiseanna acu agus áiteacha bhreátha le cuairt a thabhairt urthu.