Is é an cluiche idir seaimpíní na hÉireann, Ciarraí agus Ard Mhacha cluiche mór an deireadh seachtaine seo agus an tarraingt déanta do Bhabhta 3 de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann.
Beidh suim mhór freisin sa gcluiche idir Dún na nGall agus Áth Cliath agus foireann Jim McGuinness ag taisteal aduaidh chun na príomhchathrach sa tóir ar áit i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann.
Imreoidh Maigh Eo sa mbaile in aghaidh chontae na Mí agus rachaidh fir na hIarmhí chuig Muineachán sna cluichí eile.
Is i gCill Airne ar an Satharn ag 4.00in a bheidh an cluiche idir Ciarraí agus Ard Mhacha agus ag 6.15in ar an lá céanna a bheidh an cluiche idir Maigh Eo agus contae na Mí. Craolfar an dá chluiche sin beo ar GAA+.
Cé gur dhúirt bainisteoir Átha Cliath Ger Brennan go mb’fhearr leis dá mbeadh an chéad chluiche eile acu i bPáirc Parnell is i bPáirc an Chrócaigh a bheidh cluiche mór an Domhnaigh idir Áth Cliath agus Dún na nGall. Beidh sé le feiceáil beo ar RTÉ ag 1.15in. Ar GAA+ a bheidh an cluiche idir Muineachán agus an Iarmhí ag 4.00in i gCluain Eois.
Cloíodh Ard Mhacha agus Dún na nGall gan choinne an deireadh seachtaine seo agus an ceann is fearr faighte ag contae Lú agus Corcaigh faoi seach ar fhathaigh Uladh. Tá buaiteoirí na gcluichí sin anois tríd slán go dtí babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann, mar atá Gaillimh agus Tír Eoghain tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Iarmhí agus Maigh Eo faoi seach.
D’fhág seaimpíní Chonnacht Ros Comáin, an Cabhán, Cill Dara agus Doire slán le craobh na bliana seo ag an deireadh seachtaine agus iad uilig sáraithe i mBabhta 2B.
Imreofar babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann ar an 27 agus 28 Meitheamh. Déanfar an tarraingt do na cluichí sin Dé Luain seo chugainn. Déanfar iarracht foirne a d’imir a chéile i gcluichí ceannais na gcúigí nó i mbabhtaí a 1 nó a 2 a choinneáil óna chéile, socrú a d’fhágfadh mar shampla nach bhféadfadh Corcaigh agus Ciarraí a bheith tarraingthe le chéile dá n-éireodh le Ciarraí in aghaidh Ard Mhacha.
Rinneadh an tarraingt freisin ar maidin do chluichí leathcheannais Chorn Tailteann. Imreoidh contae an Dúin in aghaidh Fhear Manach agus casfaidh Uíbh Fhailí ar Chill Mhantáin. Is i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn a bheidh na cluichí sin á n-imirt.
Fág freagra ar 'Ard Mhacha ag triall ar Chiarraí agus Dún na nGall ag taisteal chun na hardchathrach'