Ní bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge san Aontas Eorpach murach an t-iarthaoiseach Bertie Ahern, dar leis an iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.
Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh ag cur in aghaidh an rúin go ndéanfaí teanga oifigiúil den Ghaeilge in institiúidí an Aontais ach go ndearna Ahern idirbheartaíocht, agus é ina Thaoiseach, ag cruinniú i mBaile Átha Cliath agus gur éirigh leis meon na dtíortha sin a athrú.
“Tá sé fíor le rá, ag an deireadh, gur tháinig an Ostair agus an Spáinn go láidir ina aghaidh [stádas oifigiúil] ag an nóiméad deiridh. Lena cheart a thabhairt do Bhertie Ahern, ag an gcruinniú mór mullaigh sin a bhí i mBaile Átha Cliath an t-am sin, d’éirigh leis a chur ina luí orthu a gcuid cur in aghaidh a tharraingt siar agus tugadh an stádas di,” a dúirt Ó Cuív agus ag labhairt le baill Chumann Barra na Gaeilge i gCois Fharraige an tseachtain seo.
Bhí Ó Cuív ina aoichainteoir ag Dinnéar Chomhdháil Chumann Barra na Gaeilge, comhdháil atá á reáchtáil i nGaeltacht na Gaillimhe an tseachtain seo.
Nuair a chuaigh Éire isteach sa Chomhphobal Eorpach den chéad uair i 1973, beartaíodh gan stádas oifigiúil a lorg don Ghaeilge toisc go raibh stádas oifigiúil á lorg ag an Ríocht Aontaithe don Bhéarla.
D’fhág sé sin nach raibh teanga oifigiúil ag Éirinn san Aontas go dtí gur bronnadh an stádas sin ar an nGaeilge os cionn 30 bliain níos déanaí, in 2005.
Bhí feachtas mór ar siúl ag tús na mílaoise le stádas oifigiúil a fháil don teanga san Aontas, feachtas a raibh Conradh na Gaeilge agus daoine eile páirteach ann.
Is i Meitheamh 2005 a d’fhógair an tAE go raibh glactha le hiarratas ó Rialtas na hÉireann go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge. Bronnadh an stádas oifigiúil ar an teanga dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ach fágann easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge san AE i láthair na huaire nach bhfuil Parlaimint na hEorpa in ann lánseirbhís a chur ar fáil sa teanga. Fógraíodh go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.
Vótáil Parlaimint na hEorpa mí an Mhárta 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais. Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear.
Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.
In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022.
Cinneadh síneadh a chur leis an maolú, áfach, go dtí deireadh théarma seo na Parlaiminte in 2029 ach tá athbhreithniú le déanamh ar an gcinneadh gach sé mhí. Deir Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh polaiteoirí anseo agus san Eoraip ag déanamh a ndíchill chun lánseirbhís a chinntiú chomh luath agus is féidir.
Tá ráite cheana ag an bhFeisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú, a bhí i láthair ag Dinnéar Chomhdhail Chumann Barra na Gaeilge, gur cheart deireadh a chur “láithreach” leis an maolú ar an nGaeilge, riail a deir sí “a thugann neamhaird ar ár dteanga náisiúnta in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil”.
Tá stádas na Gaeilge pléite ag Ní Mhurchú le feisirí eile, le hoifigigh san AE agus le hUachtarán Choimisiúin na hEorpa, Ursula Von Der Leyen, ach níl lánseirbhís i nGaeilge ar fáil sa bParlaimint go fóill.
Chuaigh an t-iarfheisire de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada ar ‘stailc teanga’ in 2015 nuair nár labhair sí ach Gaeilge amháin sa bParlaimint mar agóid i gcoinne mhaolú na Gaeilge san AE agus chun a míshástacht faoi easpa dea-thola Rialtas na hÉireann i leith na teanga a léiriú.
Dúirt Parlaimint na hEorpa gur easpa foirne le Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhís iomlán a chur ar fáil sa teanga. Dúradh go raibh iarrachtaí leanúnacha ar bun chun cur le líon na n-aistritheoirí agus ateangairí ach gur margadh “an-teoranta” a bhí ann agus go raibh iomaíocht ghéar ann do dhaoine cáilithe.
Fág freagra ar '‘Ní bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge san AE murach Bertie Ahern’ – Ó Cuív'