Tá síneadh cúig bliana curtha leis an gconradh idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan chun craobhacha idirchontae na mban a thaispeáint.
Ní raibh deireadh le teacht leis an gcomhaontú craolta agus urraíochta idir na heagraíochtaí go dtí an bhliain seo chugainn ach fógraíodh tráthnóna go bhfuil síneadh curtha leis go dtí 2032.
Is in 2001 a cuireadh tús leis an gcaidreamh stairiúil idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan agus ceiliúradh 25 bliain á dhéanamh air i mbliana. Tá an stáisiún Gaeilge ina phríomhurraitheoir ar chraobhacha idirchontae Pheil na mBan ó 2002.
Rinneadh an chomhpháirtíocht nua a fhógairt ag seoladh oifigiúil Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2026 i bPáirc an Chrócaigh.
Sé chluiche sa gcomórtas a craoladh in 2001 ach déantar gach cluiche a chraoladh anois. Craoladh beagnach leathchéad chluiche anuraidh ar ardáin TG4.
Chuir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, fáilte roimh an socrú nua.
“Agus TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer in 2026, táimid an-bhródúil go bhfuil Peil na mBan ina cuid fhíorthábhachtach dár scéal. Tá méadú ollmhór tagtha ar phróifíl, ar chlúdach agus ar uaillmhian Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 le 25 bliain anuas, agus chuidigh clúdach TG4 le scil, paisean agus pearsantachtaí na n-imreoirí a thabhairt chuig daoine sa bhaile agus chuig pobail ar fud na hÉireann agus thar lear.”
Dúirt Trina Murray, Uachtarán Chumann Pheil na mBan gur “chuidigh gealltanas TG4 leis na glúnta imreoirí agus lucht tacaíochta a spreagadh, agus leis an bpaisean, an scil agus an scleondar a bhaineann go mór lenár spórt a léiriú ag an am céanna.”
Cuirfear tús le craoladh TG4 ar Chraobh Shinsir na hÉireann an tseachtain seo chugainn nuair a chraolfar cluiche idir seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, agus Maigh Eo, ar an 7 Meitheamh. Craolfar cluiche idir Corcaigh agus Ard Mhacha an tráthnóna céanna.
Beidh cluichí ceannais na hÉireann i gcomórtais na sinsear, idirmheánach agus na sóisear ar siúl ar an 2 Lúnasa.
Fág freagra ar 'Síneadh cúig bliana curtha le hurraíocht TG4 ar Chraobhacha Pheil na mBan'