Filí agus scríbhneoirí Chorcaí Chorcaí ag caint ag Dinnseanchas sa Taibhdhearc. Togra é Dinnseanchas, a d'eagraigh na foilsitheoirí Có Iar-Chonnacht, a dhéanann nascadh idir an litríocht nua-aimseartha agus an dinnseanchas sa litríocht. Lorraine Ní Chathasaigh agus Seán Óg Ó Duinnín a labhair. Bhí ócáidí Gaeilge eile ar siúl timpeall chathair na Gaillimhe mar chuid d'fhéile Cúírt. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Na scríbhneoirí Lorraine Ní Chathasaigh agus Seán Óg Ó Duinnín leis an scríbhneoir agus cathaoirleach Dinnseanchas, Micheál Ó Conghaile, sa Taibhdhearc
Lorraine Ní Chathasaigh, as Lios Ardachaidh, idir Ceann Mhaí agus Cill Mhuire, i gContae Chorcaí
Seán Óg Ó Duinnín, údar na gceoldrámaí aitheanta An tÉalú agus AnTuairínDubh
Lorraine agus Seán Óg taobh amuigh den Taibhdhearc
Seán Óg Ó Duinnín ag caint ar a thábhachtaí agus atá Múscraí dó
Micheál Ó Conghaile, cathaoirleach Dinnsheanchas
Lorraine Ní Chathasaigh ag léamh a cuid filíochta
Ceisteanna ón slua á bhfreagairt ag na filí
Amano De Londra Miura ag Seisiún Filíochta i siopa leabhar Charlie Byrne. Amhránaí, file agus scríbhneoir amhrán í Amano de bhunadh na Seapáine agus Chiarraí
Amano De Londra Miura
Amano ag gabháil fhoinn
Ola Majekodunmi, scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir cruthaitheachta
Ola Majekodunmi agus Amano De Londra Miura, beirt a fuair Sparánachtaí Síolta Taibhsín
Celia de Fréine ag comhrá faoina saothar le Áine Ní Ghlinn
File, drámadóir agus scríbhneoir próis í Celia de Fréine, a labhair faoin bpróiseas a bhaineann le dráma a thionlacan ón leathanach go dtí an stáitse
Tá dráma Celia, Cóirín na dTonn, molta do shiollabas na hArdteistiméireachta
Ciara Ní Chathail agus Áine Ní Bhreisleáin ag Dinnseanchas
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scríbhneoirí Chorcaí i lár an aonaigh ag Dinnseanchas sa Taibhdhearc ag Féile Cúirt'