Mhothaigh mé dáimh le Pádraig Chaitríona agus mé ag fanacht ar leac de ghlaschloch na hOstaire

Fearacht Chaitríona Pháidín ní raibh leac ar uaigh mháthair ár gcolúnaí go fóill, agus bhí sé céasta ag na comhráite a shamhlaigh sé a bheadh ag na comharsana ina thaobh

Mhothaigh mé dáimh le Pádraig Chaitríona agus mé ag fanacht ar leac de ghlaschloch na hOstaire

Ní raibh mórán cosúlachtaí, ar ámharaí an tsaoil, idir mo mháthair (nach maireann) agus Caitríona Pháidín, banlaoch Cré na Cille, (nach maireann ach oiread.)

Ach bhí rud amháin i gcoitinne acu.

Fearacht Chaitríona Pháidín i mórshaothar an Chadhnaigh, ní raibh leac ar uaigh mo mháthar go fóill. Cros de ghlaschloch an oileáin a theastaigh ó Chaitríona; leac de ghlaschloch na hOstaire a d’ordaigh mé féin agus mo dheartháir óg d’uaigh ár máthar.

Ach bhí fanacht fada ar an gcloch sin a theacht ón Ostair, chuaigh rud éigin mícheart leis na litreacha, agus idir chuile útamáil chuaigh trí ráithe thart.

Ar feadh an ama sin uilig is minic, agus mé ar cuairt chuig mo mham sa reilig, gur mhothaigh mé dáimh le Pádraig Chaitríona, aonmhac Chaitríona.

‘Tá an leac ordaithe againn a mhamaí,’ a deirinn os íseal. ‘Níl ann ach go bhfuil moill ar an saor cloiche.’

Gaineamh lom a bhí san uaigh, caisearbhán nó dhó agus cúpla neantóg ag fás ann nach mbaininn go hiondúil toisc go mbíodh cion ar leith ag mo mham ar fhiailí (‘plandaí iad sin ar nós chuile phlanda eile, bíodh a fhios agat.’) Ach i m’aigne chloisinn a mbeadh le rá ag na comharsana (an dream os cionn talún chomh maith leis an dream atá curtha timpeall ar mo mham.)

‘Bean ar leith a bhí inti riamh, ní mharódh sí seangán ná cuileog.’

‘Tá go breá, ach an cuimhin leat na lusanna pléisce a chuir sí san fhiántas sin de ghairdín aici bliain amháin? An chéad bhliain eile bhí siad ag gobadh aníos ag chuile theach sa chomharsanacht. Speiceas ionrach …’

‘Meas tú an bhfuil sé i gceist ag na mic sin aici aon leac a chur ar an uaigh? Tar éis a bhfuair siad d’airgead ar an bhfothrach sin de theach?’

Sa deireadh thiar thall, fuair mé glaoch an tseachtain seo caite ó chomhlacht na saor cloiche. Bhí an leac curtha ar an uaigh acu an mhaidin sin.

Ar mo bhreithlá féin.

Bronntanas breithlae saghas aisteach. Duairc fiú. Chaith mé an chuid eile den lá ag iarraidh a oibriú amach ar chomhtharlúint amháin a bhí ann, nó comhartha éigin. Agus más comhartha a bhí ann, céard sa diabhal í an teachtaireacht?

Sa deireadh, shocraigh mé glacadh leis an gcomhtharlúint mar chlabhsúr siombalach ar chaibidil atá anois dúnta. Céard eile, dáiríre, an fheidhm a bhíonn le leac uaighe? A bheith in ann aghaidh a thabhairt ar an gcuid eile de mo shaol gan gnó neamhchríochnaithe ar mo choinsias, ba é sin a bhí sa bhronntanas.

Meas tú an bhfuair Pádraig Chaitríona an faoiseamh sin riamh?

Fág freagra ar 'Mhothaigh mé dáimh le Pádraig Chaitríona agus mé ag fanacht ar leac de ghlaschloch na hOstaire'