Dlí nua teanga i gCeanada a chuirfidh iallach ar chomhlachtaí seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil

Beidh na rialacha i bhfeidhm in áiteanna i gCeanada a mheastar a mbeadh éileamh áirithe ar sheirbhísí i bhFraincis iontu, bunaithe ar staitisticí daonáirimh

Dlí nua teanga i gCeanada a chuirfidh iallach ar chomhlachtaí seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil

Tá dlíthe nua le teacht i bhfeidhm i gCeanada trína gcuirfear iachall ar ghnólachtaí atá á rialú ag Cónaidhm Cheanada seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil. Faoi na dlíthe nua beidh an ceart ag fostaí ar bith i gcomhlacht mór a bheith ag oibriú trí cheachtar den dá theanga oifigiúla atá sa tír – an Béarla agus an Fhraincis.

Ar na comhlachtaí a bheidh faoi scáth na reachtaíochta nua teanga, beidh bainc, aerlínte agus aerfoirt, seirbhísí poist, comhlachtaí iarnróid, comhlachtaí fóin agus idirlín, agus an státseirbhís, i measc comhlachtaí eile.

Beidh na rialacha i bhfeidhm in áiteanna i gCeanada a mheastar a mbeadh éileamh áirithe ar sheirbhísí i bhFraincis iontu, bunaithe ar staitisticí daonáirimh. I measc na n-áiteanna sin tá cúige New Brunswick ar fad agus ceantair áirithe i gcúigí Ontario, Manitoba, Nova Scotia, agus Alberta. Ní bheidh ar chomhlachtaí a bhfuil níos lú ná 100 fostaí ag obair dóibh cloí leis na rialacha nua teanga.

Tugtar an ceart sa reachtaíocht nua don phobal cumarsáid a dhéanamh leis na comhlachtaí atá faoina scáth i bhFraincis agus seirbhísí a fháil uathu sa teanga sin. Beidh an ceart freisin ag gach fostaí a bheith ag oibriú trí Fhraincis agus beidh an ceart acu go ndéanfaí maoirseacht ar a gcuid oibre trí Fhraincis.

Más mian leo comhfhreagras agus cáipéisíocht a fháil óna bhfostóirí sa teanga sin, beidh an ceart sin acu freisin.

Sa chás go bhfuil 100 fostaí ag comhlacht in aon cheantar sainithe amháin, nó 500 fostaí ann ar fud Cheanada, beidh ceangal orthu coistí a bhunú le cur chun cinn na Fraincise san ionad oibre a chothú. Beidh ar na coistí seo cruinniú le chéile ar a laghad faoi dhó sa bhliain agus tuarascáil a scríobh faoina gcuid oibre gach trí bliana.

Idir an dá linn, rialaíodh i gcúirt uachtarach Cheanada an tseachtain seo go gcaithfidh Leifteanant-Gobharnóir chúige New Brunswick a bheith dátheangach. Fuair breithiúna na cúirte uachtaraí go mbaineann na rialacha a leagtar amach i gCairt New Brunswick maidir leis na teangacha oifigiúla leis an oifig is sinsearaí sa chúige.

Ní bheidh tionchar ag cinneadh na cúirte ar an Leifteanant-Gobharnóir reatha, ach fágann sé go gcaithfidh an chéad duine eile a cheapfar sa ról a bheith líofa sa Bhéarla agus sa Fhraincis araon. Is é an Leifteanant-Gobharnóir ceannaire an chúige agus Fear Ionaid an Rí (Seárlas III) in New Brunswick.

Fág freagra ar 'Dlí nua teanga i gCeanada a chuirfidh iallach ar chomhlachtaí seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil'