Tá Cúige Uladh agus Cúige Laighean cinnte go mbeidh siad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais

Roimh imirt Bhabhta 15 den chomórtas an deireadh seachtaine seo, is iad na hUltaigh is airde de na Cúigí, iad sa tríú háit ar an tábla

Tá Cúige Uladh agus Cúige Laighean cinnte go mbeidh siad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais

Is fiú súil a chaitheamh ar sheasamh na gCúigí ar thábla an URC ó tharla gan ach ceithre chluiche réamhbhabhtaí fós le n-imirt roimh na cluichí ceathrú ceannais. Bíonn áit sna babhtaí ceathrú ceannais ag na foirne a bhíonn san ochtú háit nó níos airde ar an tábla agus bíonn buntáiste an bhaile ag na ceithre fhoireann a bhíonn ar bharr an tábla tar éis Bhabhta 18 den chomórtas.

Roimh imirt Bhabhta 15 den chomórtas an deireadh seachtaine seo, is iad na hUltaigh is airde de na Cúigí, iad sa tríú háit ar an tábla. Tá Cúige Laighean sa gceathrú háit, sa seachtú háit atá Cúige Mumhan agus tá Cúige Chonnacht sa naoú háit. Ní scarann ach pointí amháin Cúige Chonnacht agus na Bulls atá sa suíomh tábhachtach sin, an t-ochtú háit. Tá Cúige Uladh agus Cúige Laighean cinnte go mbeidh siad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais. Níl le deimhniú ach go mbeidh buntáiste an bhaile acu.

Ag brath ar thorthaí na gceithre réamhbhabhta atá fós le n-imirt, tá Cúige Mumhan i mbaol titim amach as an leath uachtair den tábla agus tá seans ag Cúige Chonnacht ardú isteach ann. Tá mí-ádh ar Chúige Chonnacht gur san Afraic Theas a bheas siad ag imirt Babhta 15 den chomórtas amárach i gcoinne na Stormers agus Babhta 16 i gcoinne na Lions faoi cheann seachtaine. Ní bhíonn tada bog ag baint leis an gcamchuairt dhá chluiche a thugann chuile fhoireann san URC ar an Afraic. Caithfidh Cúige Chonnacht na deacrachtaí sin a shárú agus dul ar thóir phointí a chruinniú ar bhealach ar bith, pointe bónais úid nó cailliúint le seacht bpointe nó níos lú, má theipeann orthu an bua a fháil. Más leo na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach, ní féidir leo filleadh le pócaí folmha. Is fusa sin a rá ná a dhéanamh faraor, go háirithe agus iad i gcoinne na Stormers, foireann atá sa dara háit ar an tábla. Sea, tá coicís fhada, chrua roimh fhoireann an iarthair.

Amárach freisin, beidh na Muimhnigh as baile san Iodáil agus iad i gcoinne Benneton. Scarann cúig áit agus trí phointe dhéag na foirne seo, Cúige Mumhan chun cinn. Ach le buntáiste an bhaile agus lag-iarracht na Mumhan in go leor cluichí an séasúr seo, ní féidir talamh slán a dhéanamh de bhua do na Muimhnigh. Caithfidh Cúige Mumhan dul ar thóir an sprid a léirigh siad i gcoinne na Bulls san Afraic coicís ó shin, fiú má chaill siad le trí phointe. Ach an oiread le Cúige Chonnacht, caithfidh Cúige Mumhan brabach de chineál éicint a bhaint as an gcluiche seo.

Ach roimhe sin ar fad, is cinnte gur i mBéal Feirste anocht a bheas coimhlint an deireadh seachtaine idir Cúige Uladh (3ú áit) agus Cúige Laighean (4ú háit). Chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 7 agus ní raibh ach bearna ceithre phointe ag Cúige Laighean ag a dheireadh (24-20) ainneoin buntáiste an bhaile a bheith acu. Is cinnte go mbeidh Cúige Uladh ag iarraidh chuile leas a bhaint as imirt sa mbaile agus iad ag iarraidh ceithre phointe luachmhara a shlánú. Tá drogall orm toradh a thuar.

Beidh ócáid stairiúil ar an mBóthar Beag amárach nuair a chuirfeas foireann idirnáisiúnta mhná na hÉireann fáilte go dtí Staid Dexcom roimh fhoireann na hIodáile. Theip ar an dá fhoireann seo i mBabhta 1 de chomórtas Sé Náisiún na bliana seo an deireadh seachtaine seo caite ach is fiú a lua gur i gcoinne an dá fhoireann is láidre sa gcomórtas a bhí siad, Éire i gcoinne Shasana agus an Iodáil i gcoinne na Fraince. Ní hamháin sin ach is as baile a bhí an dá fhoireann chomh maith. Le buntáiste an bhaile agus tacaíocht an tslua i nGaillimh is deacair tada eile seachas bua baile a thuar. Má bhíonn tú timpeall na Gaillimhe, b’fhiú bualadh isteach.

Fág freagra ar 'Tá Cúige Uladh agus Cúige Laighean cinnte go mbeidh siad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais'