Caithfear athrú – fuascailt ag teastáil ó phlá an fhoréigin in aghaidh na mban agus cailíní

Ba í Amy Doherty ar deineadh ionsaí uirthi ina teach i nDoire seachtain ó shin, an 30ú bean a maraíodh i dTuaisceart Éireann ó 2020

Caithfear athrú – fuascailt ag teastáil ó phlá an fhoréigin in aghaidh na mban agus cailíní

Caithfear cultúr nua a chruthú, arsa an sagart ag Aifreann éagnairce Amy Doherty Déardaoin. Fuascailt ó phlá an fhoréigin in aghaidh na mban agus cailíní a bhí á éileamh aige, dianriachtanas nach bhféadfadh éinne a shéanadh. Fuair Amy bás in ospidéal tamall gearr tar éis ionsaí a rinneadh uirthi ina teach i nDoire seachtain ó shin. Ba í an 30ú bean í a maraíodh i dTuaisceart Éireann ó 2020.

Bhí garda onóra d’altraí as ospidéal Alt na Geabhlainne agus cúramóirí baile, iar-chomhghleacaithe le Amy ar an tsochraid, iadsan fearacht móramh an phobail diongbháilte gur gá a dhul i ngleic, faoi phráinn, le fuath ban. Bhí an cheist faoi chaibidil i ngach ceard i bhfianaise mharú Ellie Flanagan in Inis Ceithleann an mhí seo, marú Amy, ciontú an té a dhúnmharaigh Natalie McNally agus dhá chás eile a luadh sna cúirteanna le déanaí.

Chaith an Feidhmeannas in Stormont uaireanta an chloig ag plé an scéil ag a gcruinniú Déardaoin. Bhí roinnt airí ag caint ar chruinniú mullaigh den earnáil phoiblí agus d’eagraíochtaí deonacha chun an feachtas in éadan na drochíde ar mhná agus chailíní a neartú. Ardaíodh an cheist in Westminster mar ar admhaigh an Státrúnaí Hilary Benn gurb é Tuaisceart Éireann an réigiún is contúirtí do mhná sa Ríocht Aontaithe. Is maith atá a fhios ag mná abhus é sin.

Má thuig an Státrúnaí cé chomh tromchúiseach is atá an scéal b’fhéidir go dtiocfaidh sé i gcabhair ar an PSNI; cogar i gcluas an tSeansailéara. Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher, gurbh údar mór imní é ach bhí fainic aige nach mbeadh dóthain acmhainní ag an tseirbhís póilíneachta chun an obair riachtanach a dhéanamh. Dúirt póilín sinsearach eile go raibh ganntanas foirne ag goilliúint orthu.

Cuid den ghréasán nó de na míreanna mearaí is ea riar na córa idir cúirteanna agus póilíneacht; molann mná a d’fhulaing drochíde na n-oifigeach ón PSNI a bhíonn ag déileáil le foréigean baile cé nach bhfuil a ndóthain acu ann. Tá roinnt breithiúna agus giúistísí atá dian ar chiontóirí mar is cóir. Bhí tráth áfach nuair nár gearradh pionós sách dian ar chiontóirí gnéis; thug sin deis do mhí-úsáideoirí chun ionsaithe ní ba mheasa a dhéanamh. Tá tábhacht le pionós coisctheach a bheadh ina dhíspreagadh.

Thairis sin is é dualgas gach éinne dícheall a dhéanamh an cultúr a athrú i bhfad sula mbeadh gá le póilíní nó cúirt. Is gnó don tsochaí ar fad é an cancar seo. Ní rud teibí í sochaí – sin gach duine againn. Sin iad na máithreacha, na haithreacha, na deartháireacha, na deirfiúracha, a dhéanann leithscéal do dhuine muinteartha. Caithfear a bheith soiléir sa teaghlach go bhfuil gach cineál foréigin ó bhriathar go gníomh do-ghlactha agus nach gceilfear é. Ní mór obair a dhéanamh sna scoileanna freisin, sna clubanna spóirt agus in gach cumann agus ionad oibre.

Ní strainséirí iad na daoine a ionsaíonn mná go hiondúil. As an 30 bean a maraíodh sa Tuaisceart ó 2020 is ina dtithe féin a maraíodh 21 acu. I gcás 21 ar a laghad bhí fear céile, páirtnéir, iarpháirtnéir, mac, garmhac agus deartháir i measc na gciontóirí nó orthu sin atá cúisithe ach na cásanna fós sa tsiúl.

Cruthúnas é gur chuid bhunúsach den fhadhb í an drochíde baile. Maítear go bhfuil baint ag oidhreacht na dtrioblóidí leis, gur éirigh daoine chomh cleachtaithe sin ar an bhforéigean (agus an drochíde baile faoi cheilt le linn an coimhlinte) gur thóg sé rófhada a dhul i ngleic leis.

Ní féidir a cheilt anois, tá géarchéim le sárú.

Fág freagra ar 'Caithfear athrú – fuascailt ag teastáil ó phlá an fhoréigin in aghaidh na mban agus cailíní'

  • Pádraig

    ‘Cancar’ mar adeir tú.
    An bhfuilimíd mar chine ‘daonna’ ag éirí níos brúidiúla in aghaidh an lae? Nuair atá “spéirling ifreannda sa spéir” nó ” deamhain ag cacadh tine” (Seán Ó Ríordáin) os comhair ár súl ar an teilifís gach lá?
    Ach cuimhnímis ar ár gcomh-chréatúirí atá ag fulaingt leis.