An bhfuil síocháin ar na bacáin in iarthar na hÁise (nó sa Mheánoirthear mar a thugann Eorpaigh ar an réigiún)?
Nó an bhfuil Trump ag cur dallamullóg air féin, ag iarraidh an teip a chur i láthair mar bhua?
Is léir go deimhin nach bhfuil aon chainteanna foirmeálta ar siúl idir Meiriceá agus an Iaráin, in ainneoin mhaíomh Trump. Ach is cosúil go bhfuil an dá thaobh ag cur a gcuid moltaí faoi leith os comhair an taoibh eile.
Tá cúig phointe dhéag, deirtear, fógartha ag Meiriceá, ach is ionann agus géilleadh iomlán a bheadh ann is níl seans dá laghad go nglacfadh an Iaráin leo, ag an bpointe seo ar aon chuma.
Ach tháinig an Iaráin ar ais le cúig phointe dhéag dá gcuid féin. Arís ní ghlacfaidh Meiriceá leo, ach tús an phróisis atá sa mhalartú moltaí.
Is féidir linn a fheiceáil, ámh, cé na héilimh a bhainfeadh le haon chomhaontú amach anseo, má bhíonn ceann ann, agus cad iad na héilimh nach nglacfaí leo.
Níl ceachtar taobh ag caint, sna cáipéisí atá malartaithe, faoina n-ardéilimh iomlána, amhail athrú réimis ar thaobh amháin nó na Stáit Aontaithe a bheith ag fágáil an réigiúin go hiomlán ar an taobh eile. Ina áit sin, is dócha gurb iad na príomhréimsí ná clár núicléach na hIaráine ar thaobh amháin, agus dreasachtaí eacnamaíocha don Iaráin ar an taobh eile.
Bhí díchóimeáil láithreáin núicléacha na hIaráine ar cheann de na príomhéilimh a bhí ag na Stáit Aontaithe ina bplean 15 phointe féin. Bhí cúiteamh agus aitheantas foirmiúil éigin ar a smacht ar Chaolas Hormuz i bplean na hIaráine.
Is deacair a shamhlú go n-aontódh an Iaráin a láithreáin núicléacha a dhíchóimeáil nó glacadh le toirmeasc iomlán ar shaibhriú úráiniam mura mbeadh sí go hiomlán éagumasach ó thaobh troda de.
Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh na Stáit Aontaithe sásta cúiteamh a íoc leis an Iaráin, ná ag tabhairt ceart foirmiúil di chun cánacha a ghearradh ar an mbealach loingseoireachta ola is tábhachtaí ar domhan.
Cibé dul chun cinn a dhéanfar, má dhéantar aon dul chun cinn, deir na hIaránaigh go mbainfeadh sé leis an Liobáin agus leis an Iaráin. Agus má théann Meiriceá sa treo sin cá bhfágfar Iosrael?
Bhí Netanyahu ag súil go scriosfaí réimeas na hIaráine ar fad, is go dtitfeadh an stát as a chéile de réir mar a bheadh mionlaigh ar nós na gCoirdíneach is na nAsárach ag briseadh leis an stát. Ach níl tada den sórt sin ar na bacáin.
Mar an gcéanna sa Liobáin, tá Netanyahu ag iarraidh an pobal dúchasach a bhrú amach ón gceantar taobh thíos d’abhainn an Litani agus é a thabhairt isteach in Iosrael mar atá ar siúl ar an mBruach Thiar.
Teip fhollasach a bheadh ann dó dá gcuirfeadh Meiriceá brú air glacadh leis seo.
Tá Trump, ar ndóigh, ag lorg bealach amach as an gcogadh mar is léir nár thuig sé go mbeadh na hIaránaigh in ann an fód a sheasamh i gcónaí i ndiaidh na n-ionsaithe buamála a rinneadh ar an tír. Níor thuig sé tábhacht Chaolas Hormuz ach an oiread.
Ach tá greim doscaoilte ag an Iaráin ar an gCaolas. Fiú dá n-éireodh le saighdiúirí Mheiriceá cósta na hIaráine a ghabháil, bheadh diúracáin na hIaráine fós in ann longa sa gCaolas a bhualadh.
Teastaíonn ó Trump freisin gan dochar a dhéanamh dá chlú nó dá fhéin-íomhá mar státaire gan locht, ach níl na hIaránaigh sásta aon bhealach éasca as an gcogadh a thabhairt dó.
Go deimhin creideann na hIaránaigh go bhfuil ag éirí go maith leo sa gcogadh, agus is ar Mheiriceá atá fonn láidir stop a chur leis.
Fágann sin go gceapaim nach mbeidh aon deireadh leis na gcogadh go luath. Creidim go bhfuil fonn ar an dá thaobh margadh a dhéanamh ach go dtabharfar faoi nuair a chreidfidh na hIaránaigh nach fiú dul níos faide leis.
Idir an dá linn leanfar leis an dochar atá á dhéanamh d’eacnamaíocht na hEorpa, agus d’eacnamaíocht na hÉireann freisin. Agus is cinnte go mbeidh ar an rialtas súil a choinneáil go géar air seo mar ceapaim nach mbeidh aon dul as acu ach pacáiste tacaíochta eile – agus ceann níos suntasaí – a chur le chéile.
Bheadh sé ciallmhar don rialtas guth na hÉireann a ardú ag moladh socruithe síochána, ach ní dhéanfaidh an rialtas seo rud ar bith nach bhfuil ceadaithe roimh ré ag an Aontas Eorpach, nó ag Meiriceá.
Seán
“Níor thuig” Trump an ghuais chinniúnach a bhéarfadh air mar gur duine uaibhreach urrúsach gan mheabhair is ea é.
Chuir a chuid foinsí faisnéise féin fainic air ach níor léigh sé na tuairiscí.
Óir ní léann an fear céanna dada.
Agus thug sé an chluais bhodhar do Vance agus do chomhairleoirí eile a bhí ina aghaidh seo.
Ach TUIGEANN sé rud amháin anois, más ea;
‘Ní hionann dul isteach i dteach an deabhail agus teacht as’.
WTF
Ainmhí dainséarach is ea Trump anois ach is dainséaraí fós an madra conaigh in Iosrael atá ar éill ar éigean aige.
An gceapann tú go mba leasc le Netanyahu ‘dul núicléach’??
Nó Trump?
Nó Putin?