D’imir sé peil, sacar agus rugbaí ach is leis na miotóga atá cáil bainte amach ag Kieran Molloy

Tá an fear óg as Conamara ina sheaimpín Eorpach agus craobh an IBF buaite aige i mBéal Feirste an tseachtain seo caite

D’imir sé peil, sacar agus rugbaí ach is leis na miotóga atá cáil bainte amach ag Kieran Molloy

Bhí sé amach go maith san oíche in Airéine Bhéal Feirste ar Ché na Banríona oíche Aoine na seachtaine seo caite nuair a chroch an réiteoir lámh Kieran Molloy san aer ag fógairt go mba eisean Seaimpín Mharcmheáchan Dornálaíochta na hEorpa.

Cé go mba é sin an chéad uair ag Molloy troid 10 mbabhta a sheasamh, ní raibh sé tuirsithe chomh mór agus ba cheart dó a bheith mar go raibh a fhios aige go raibh bua éasca faighte aige ar Xavier Kohlen na hÍsiltíre. 100-90, 99-91, 98-92 de réir na moltóirí. Rinne sé beagán pramsála nó gur síneadh chuige an bheilt a théann lena ghradam.

Sular fheistigh sé air an bheilt, d’ardaigh sé níos gaire dá chuid súl í agus labhair i nguth íseal. “Nach mór an spórt tú,” a dúirt sé, amhail is dá mba le páiste a bhí sé ag caint.

Agus níor bhréag beilt a thabhairt uirthi. Agus í fáiscthe air aige bhí sí nach mór ag dul óna bhrollach go colpaí ar dhornálaí na Rátha atá i ngar d’Uachtar Ard i gContae na Gaillimhe.

Agus triúr buachaillí sa teach, Stevie, Colm agus Kieran, bhíodh an uile chineál spóirt á gcleachtadh ar shráid tigh Mholloy agus sna páirceanna ina thimpeall. Bhuaigh Kieran bonn óir ag babhtaí ceannais náisiúnta na gCluichí Pobail, d’imir sé Peil Ghaelach faoi aois le Cill Aithnín agus rugbaí agus sacar le Uachtar Ard. Ach ós rud é go raibh forás ag teacht ar a dheartháireacha agus go raibh a athair Stephen mar chóitseálaí ansiúd, lean Kieran iadsan isteach i gCumann Dornálaíochta Uachtar Ard.

Ní fada gur tugadh faoi deara go raibh fíormhianach dornálaíochta iontu agus tugadh Kieran isteach i Scéim Arfheidhmíochta an IABA nuair nach raibh sé mórán le deich mbliana d’aois.

Bhuaigh Colm Craobh na hÉireann in 2010 agus i Márta na bliana dár gcionn rinne an gaisce arís. In imeacht coicíse bhí an dara seaimpín faoi chaolach an tí ar an Ráth nuair a thug an deartháir ab óige Craobh dá chuid féin leis.

Ón lá sin amach ní raibh ó Kieran Molloy ach na miotóga a chur ar a lámha agus fanacht go mbuailfí an clog.

Bhuaigh sé 11 Craobhacha de chuid na hÉireann i rannóg na mbuachaillí óga. Nuair a tháinig sé in aois fir bhuaigh 3 cinn de na Craobhach Náisiúnta Sinsearacha sa Scothaicme.

Ba in 2018 a thug sé an ceann ba thúisce acu sin leis agus choinnigh sé greim ar an gcraobh an bhliain dár gcionn. Tar éis do Aidan Walsh an ceann is fearr a fháil air in 2020, bhain Molloy díoltas amach an bhliain dár gcionn. I Valladolid na Spáinne bhuaigh sé bonn cré-umha ag Craobhacha Aontas na hEorpa 2018.

Faoin am a raibh sé 23, bhí 221 babhta troda déanta aige mar dhornálaí amaitéarach agus 201 acu sin buaite aige.

Bhí Molloy anois ag an tráth sin de shaol an dornálaí nuair a thagann sé i gceist go raibh seans ann gairm bheatha a bhaint as an spórt – bhí a chomhghleacaithe agus é féin ag plé go lánaimseartha leis ar aon nós, iad ag brath ar liúntais Stát a bhféadfadh deireadh a theacht leo as aon teip amháin.

Anuas air sin bhí an spórt lenar bhain sé á riaradh ag eagraíocht a bhí sáite i ngéarchéim ag an am de bharr easaontais inmheánacha, gnóthaí an IABA á bplé go hoscailte i nDáil Éireann, ní áirím sna meáin.

Bhain easaontas amháin le socrú a rinne an IABA gan dornálaithe a chur san iomaíocht i gCraobhacha an Domhain a bhí le bheith ar siúl i mBéalgrád ag deireadh 2021 – cuimhnigh go raibh Kieran ina sheaimpín. Ba ag na craobhacha sin a bronnadh duais airgid mar aon le boinn – $100,000; $50,000 agus $25,000, ar brath ar a ndath.

Le himeacht ama, tháinig athrú intinne ar an IABA, ach nuair a foilsíodh ainmneacha na dtrodaithe as a roghnófaí foireann na hÉireann ní raibh Molloy ná Gaillimheach eile, Gabriel Dossen (trom-mheáchan) ar an liosta, ainneoin go mba iadsan na craobhairí náisiúnta.

Shocraigh fear na Rátha go raibh a dhóthain den phraiseach feicthe aige agus chuaigh ag plé leis an ngairm go proifisiúnta. Shínigh sé conradh le Top Rank sna Stáit Aontaithe agus le Conlan Boxing – comhlacht a bhí díreach bunaithe ag Michael Conlon as Béal Feirste a bhuaigh Craobhacha an Domhain agus na hEorpa mar aon le bonn Oilimpeach agus a bhí fós ag dornálaíocht ag an am.

Nuair a thugann dornálaithe de mhianach Molloy faoin spórt go gairmiúil, is gnách go gcinntíonn siad siúd a bhíonn ina gceannas nach gcuirtear sa mbearna bhaoil iad láithreach bonn. De réir a chéile a fhaigheann siad oiliúint ar a bhfuil ag teastáil anois uathu sa gcuid seo dá gceard.

Trí bhabhta, 3 nóiméad an ceann, a chleacht Molly mar amaitéarach – babhta amháin lena chois sin a bhí sa gcéad bhabhta gairmiúil a throid sé nuair a bhuaigh sé ar an Spáinneach Damian Esquisabel i nGlaschú i dtús 2022.

Bhí a dhá oiread sna babhtaí eile a rinne sé ina raibh fanta den bhliain sin nuair a bhuaigh sé i Frankfurt na Gearmáine agus faoi dhó i mBéal Feirste.

Ar a thalamh féin, i Leisureland i mBóthar na Trá na Gaillimhe, a chuir sé Fernando Mosquera as an gColóim go talamh in Aibreán 2023.

Mheas a thraenálaithe go raibh sé in am a dhul sa tóir ar bhabhtaí níos dhúshlánaí anois. Bhí Sam O’Maison seacht mbliana níos sine ná Molloy, 17 babhta gairmiúil buaite aige, ach bhí sé curtha ar a thóin sular chríochnaigh an chéad bhabhta ag húc leis an deasóg – ceann de na buillí is fearr atá ag fear Chonamara, atá ciotógach é féin.

Seacht dtroid eile a bhí buaite aige nuair a chrom sé idir na rópaí agus é ag tabhairt aghaidh ar Xavier Kohlen i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. Anois agus eisean curtha i leataobh, beidh an comhlacht atá ag cur Kieran chun cinn faoi láthair, MF Pro, ag déanamh a gcríonnachta féachaint cén cor is feiliúnaí dóibh beirt.

Is iondúil, de na ranna ar fad, gur sa marcmheáchain a bhíonn an iomaíocht is géire. Ba ann ba mhinice a throid leithéidí Sugar Ray Leonard, Emile Griffith, Oscar de la Hoya, Floyd Mayweather, Roberto Duran, Thomas Hearns agus Marvin Hagler.

Is é Kieran Molloy anois seaimpín IBF na hEorpa sa roinn sin. Éireannach eile, Lewis Crocker, an Seaimpín Domhanda atá acu agus Paddy Donavan as Luimneach atá áirithe mar uimhir 3. Faoi dhó a throid an bheirt sin a chéile i mBéal Feirste anuraidh nó gur bhuaigh Crocker ar a thalamh féin.

Céard mar sin atá i ndán do Molloy anois?

Scéal do lá eile an méid sin. Idir an dá linn beidh a bhfuil fanta den ghabhar á róstadh sa gcuid sin de thuaisceart Chonamara atá cois Coiribe agus freisin i gCeantar na nOileán. Ba amach as Inis Treabhair a tháinig sin-seanathair Kieran Molloy, Stiofán Dharach Ó Maoilia.

Tharlódh go bhféadfadh muintir Ros Muc iad féin a bheith ag éileamh. Nach bhfuil Gairfean beagnach chomh gar don oileán sin agus atá Leitir Calaidh?

Fág freagra ar 'D’imir sé peil, sacar agus rugbaí ach is leis na miotóga atá cáil bainte amach ag Kieran Molloy'