Pictiúir de bhaile beag a scaip amach sna garrantaí glasa. ‘Cuireann Gaillimh buarach (buairín) ar dhaoine atá leagtha ar dhul chun cinn a dhéanamh ina ngairmeacha saoil,’ a deir Tomás Ó Cionnaith ón gcomhlacht díolachán leabhar Kennys Bookshop i nGaillimh. Idir mhagadh agus dáiríre a bhí seisean; focla moltacha a bhí iontu – cuireann an chathair ceangal croí ar dhaoine a bhfuil sodar fúthu sa saol.
Ag cur síos ar thaispeántas i nGailearaí Ealaíne Uí Chionnaith i Lios Bán, a bhaineann leis an tseanGhaillimh a bhí Ó Cionnaith. Beidh an taispeántas seo ar bun ar feadh mhí seo an Aibreáin.
Tá féar glas agus páirceanna feilme na mblianta a caitheadh le feiceáil sna pictiúir seo; tithe, tarra agus stroighin atá iontu anois. Ach, a deir Tomás Ó Cionnaith, tá croí agus anam sa gcathair fós. “Tá sé feicthe agam,” a deir sé “go bhfaigheann Gaillimh greim ar chroí agus ar anam go leor daoine a thagann anseo – cuid acu atá leagtha ar dhul chun cinn ina ngairm – agus go bhfanann siad, fiú agus go mbeadh ardú stádais ag dul dóibh in áit eile.”
Glacann Ó Cionnaith leis go spreagfaidh an taispeántas pictiúr seo cuimhní cinn, agus caitheamh i ndiaidh an tsaoil atá imithe. Ach ar bhealach eile, a deir sé, coinníonn na pictiúir an saol a bhí ann beo.
Taispeántar i gceann acu Ospidéal na hOllscoile – Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe mar a thugtaí air – agus obair thógála ar bun ansin i 1953. Garrantaí glasa atá le feiceáil timpeall air, garrantaí a bhí ina gcuid den cheantar tuaithe san am. Tá na garrantaí sin slogtha anois ag príomhchathair an iarthair agus 85,000 daonra inti.
Ach tá macasamhail nua-aoiseach de chás na Gaillimhe feiceálach in áiteacha eile chomh maith, tá Port Laoise ar cheann acu.
Tá Port Laoise gaibhte chun cinn ar Bhaile Átha Luain mar phríomhbhaile mór cheantar lár na tíre; 24,000 atá ansin anois agus méadóidh sé go 30,000 faoi cheann beagán blianta. Is ann atá an céatadán is líonmhaire daoine faoi 18 sa tír anois. Fostaíocht agus fuinteacht atá ina mbunúdar leis an mborradh atá faoin mbaile mór. Tugann an stáisiún traenach i bPort Laoise léargas ar an trácht agus an méadú daonra.
Beagnach 40 traein atá ar fáil amach as Port Laoise go Baile Átha Cliath chuile lá. Bíonn plódú sa stáisiún ag a seacht ar maidin. Áirítear go dtéann 6,000 ar na traenacha as Port Laoise go dtí an phríomhchathair go laethúil. Tá an baile mór plódaithe agus tuilleadh ag teacht.
Sé cinn de bhunscoileanna atá i bPort Laoise faoi láthair, Gaelscoil ar cheann acu. Ach tá siad ag cur thar maoil. Nuair a labhair an Comhairleoir Paddy Buggy ag cruinniú de Chomhairle Baile Phort Laoise le gairid rinne sé gearán a mheabhraigh dom téarma a chuala mé sna Stáit Aontaithe go minic – ‘busáil’, focal conspóideach. “Tá sé as bealach ar fad, agus mínádúrtha, go bhfuil an oiread sin gasúr as Port Laoise dá ‘mbusáil’ amach as an mbaile mór,” dar leis an gComhairleoir Cuddy. Tugtar amach iad chomh fada leis an bhFraoch Mór, Baile an Ruáin, Ráth an Uisce agus an Baile Fionn. “Níleadar ag fáil eolais ar a gcomharsanacht féin i bPort Laoise agus níl eolas dá chur acu ar na daoine óga ina dtimpeall,” a deir Buggy. “Teastaíonn dhá scoil bhreise ar an mbaile seo.”
Amuigh san mBaile Fionn, áit a bhfuil cuid den ‘bhusáil’ ag dul, tá ochtar múinteoirí sa mbunscoil tuaithe ansin anois. Dúirt fear liom a bhí ag dul chun na scoile ansin leathchéad bliain ó shin go raibh an Máistir Matt Ó Riain in ann gach a raibh ann a thabhairt i gciorcal timpeall air féin. Ní raibh ann ach beirt mhúinteoirí.
Ciallaíonn praghas tithe, agus míshuaimhneas na cathrach, go bhfuil daoine anois freisin ag aistriú as Baile Átha Cliath, agus ag cur fúthu i bPort Laoise. Tá an stroighin agus an tarra ag leá amach ar na páirceanna glasa, go háirithe i dtreo an tSráidbhaile. Páirceanna breátha atá á n-ídiú. An bhfuil bealach as? Scaití labhraítear – os íseal, ar fhoirgnimh níos airde, a thógáil.
An bhfuil sé in am pictiúir a thógáil i bPort Laoise?
Seán
Foirgnimh níos airde a thógáil an réiteach ar an amaidí busála sin, gan dabht.
Tuige nach ndéantar é sin, nach in é a dhéantar i ngach tír eile?
Nó ar réiteach Éireannach eile é sin, leathnú amach go híor na spéire?
Roy Ó Gliasáín
Deirtear go bhfuil baint ag maireachtáil i bhfoirgnimh arda le rátaí breithe níos ísle mar gheall ar bhrú eacnamaíoch, spás maireachtála teoranta (níos lú seomraí leapa!) agus tús áite a thabhairt d’oideachas agus do ghairmeacha beatha thar bhreith leanaí. Mar sin b’fhéidir nach iad foirgnimh arda an réiteach leis na scoileanna tuaithe atá luaite san alt a shábháil. Teastaíonn meascán d’fhoirgnimh cinnte dar liom, ach is fearr le lánúineach tithe scoite nó leathscoite a bheith acu le páistí a thógáil