Tá mé ‘ar chúrsa’ (agus ní galfchúrsa é) – athrú réabhlóideach i saol an oideachais in Éirinn

Tharla athrú bunúsach sa chóras oideachais in Éirinn le bunú na mBord Oideachais

Tá mé ‘ar chúrsa’ (agus ní galfchúrsa é) – athrú réabhlóideach i saol an oideachais in Éirinn

An lá cheana bhíomar ag cuimhneamh siar ar na hathruithe móra a tharla i saol na hÉireann nuair a tháinig an saoroideachas dara leibhéal i bhfeidhm i ndeireadh na seascaidí.

Bhí mé féin ag freastal ar scoil aíochta ag an am agus ní mórán difríocht a rinne sé dár leithéidí. Ach is cuimhneach liom gur tháinig borradh mór ar an líon scoláirí lae a tháinig isteach ón tuath ag an scoil, go leor acu ag baint úsáid as na busanna móra buí a chuir an córas saorthaistil ar fáil. Ba réabhlóideach an t-athrú a bhí ann cé nár thuig muide é ag an am.

Dúirt fear as Gaeltacht Dhún na nGall liom tamall ó shin, gur chiallaigh an t-athrú mór seo, go raibh ar a chumas freastal ar scoil dara leibhéal i gCloch Cheannfhaola.

‘Agus an amhlaidh nach ngabhfá ag aon scoil dara leibhéal murach gur tháinig an saoroideachas isteach?’ a d’fhiafraigh mé féin le hiontas.

‘Ní raibh seans dá laghad ann,’ dúirt sé.

‘Bhí teaghlach mór againn ann, ní raibh aon charr againn ar ndóigh, agus ní raibh aon scoil i ngar dúinn.’

I rith a shaoil, bhain an fear seo chuile chineál gradaim amach – céimeanna ollscoile, postanna maithe, gradaim náisiúnta. A bhuíochas sin uile don saoroideachas.

Agus sa chomhrá an lá cheana, bhí fear inár gcomhluadar a raibh baint aige le hoideachas ceardscoile i nGaillimh ar feadh na mblianta.

Ba chuimhneach leis siúd, agus é ag freastal ar an mbunscoil, go ndéarfaí leo go gcaithfidís luí isteach ar an staidéar agus toradh fiúntach a fháil sa scrúdú nó ‘siar ag an ‘tech’ a bheas sibh ag dul!’

Ní raibh aon dabht ann ach gur céim mhór ar gcúl a bheadh ann, dá mbeadh orthu siúl isteach sa cheardscoil áitiúil.

Go dtí 2013, ritheadh na ceardscoileanna- na ‘techs’ – faoi chóras na gCoistí Gairmoideachais – a bhí faoi smacht na Comhairle Contae. Ach tharla athrú bunúsach le bunú na mBord Oideachais. Feasta bheadh na ‘techs’ agus na cúrsaí ‘FÁS’ faoi stiúir na mBord nua Oideachais, 16 acu.

Níor thug mé suntas dá laghad don chóras nua ag an am sin toisc go raibh mé féin agus gach ar bhain liom réidh le cúrsaí oideachais.

Is cuimhin liom nuair a tháinig comharsa béal dorais chugam – bhí sí díreach tar éis dul ar scor ón obair – cúpla bliain ó shin agus í ag fógairt faoi chúrsaí oideachais nó traenála a bhí ar fáil i gcoláiste éicint, agus nach raibh aon chostas ag baint leo. Ag díriú ar an ngalfchúrsa a bhí go leor dá comhghleacaithe ag an am, tá mé cinnte.

Choinnigh sí uirthi agus rinne cúrsa dhá bhliain i gcoláiste éicint i dtuaisceart na cathrach. Thug sé sin dóthain cáilíochtaí di go raibh ar a cumas clárú sa gColáiste Ealaíne agus Deartha (IADT) i nDún Laoghaire agus chríochnaigh sí cúrsa céime ann.

Ansin fuair sí amach go raibh cúrsa eile ar bun in Institiúid Breisoideachais Bhré – nach raibh an fhad sin uainn, agus chláraigh sí ansin. Chuaigh mé chuig a taispeántas deireadh bliana le gairid agus bhain mé an-sásamh as an taispeántas seodra agus deileadh adhmaid a rinne sí.

Ach nuair a chaith mé súil ar chlár an choláiste (tugtar ‘BIFE’ air) b’ansin a thuig mé cén oidhreacht atá fágtha ag na sean-VEC’s agus cén t-athrú réabhlóideach atá tarlaithe i saol an oideachais in Éirinn.

Tá 15 catagóir cúrsaí ar fáil sa choláiste – gach ceann acu deartha sa gcaoi is gur féidir leis an mac léinn dul chun cinn a dhéanamh sa chóras oideachais tríú leibhéal, no i ngairm éigin.

An raibh a fhios agat, mar shampla, gur féidir cúrsaí a dhéanamh san Innealtóireacht Fuaime, Staidéar Capall, Forbairt Bogearraí Ríomhaireachta, Smideadh, Innealtóireacht Réamhollscoile, Bainistíocht Gnó, Cúram Sláinte, Síceolaíocht, Léiriú Teilifíse agus Dearadh Cluichí 3D? Níl ansin ach blaiseadh beag den mhéid atá ar fáil sa gcoláiste.

Tugann mionbheathaisnéis cuid de na mic léinn a tháinig tríd an gcóras léiriú ar an dul chun cinn a rinne siad. Cuid mhaith acu le hainmneacha eachtrannacha, agus cuid acu a thosaigh amach gan mórán Béarla acu. Chuirfeadh sé mearbhall ort na gradaim agus an stádas atá acu anois – dearthóirí grafacha, mic léinn ailtireachta, déantóirí agus dearthóirí troscáin, innealtóirí fuaime, ceoltóirí gairmiúla, speisialtóirí ríomhaireachta agus go leor, leor eile.

Agus ar luaigh mé na deiseanna atá ann le seal a chaitheamh ar thréimhse staidéir Erasmus? Chaith go leor de na mic léinn tréimhsí idir trí seachtaine agus trí mhí thar lear ag staidéar i dtír Eorpach.

Is é an Ciste Sóisialta Eorpach an fhoinse mhór airgid san fhorbairt seo i saol an oideachais san Eoraip. Tugann Rialtas na hÉireann airgeadú do na coláiste trí chomh-airgeadú a dhéanamh leis an gciste sin. Íocann an Ciste €10 billiún gach bliain i dtíortha an Aontais. Faoin mbliain 2022, bhí seacht mbilliún euro faighte ag an tír seo ó tháinig muid isteach san Aontas Eorpach.

De bharr na hinfheistíochta Stáit agus Eorpaí, tá cuid mhór de na cúrsaí sa choláiste ar fáil saor in aisce. Ní gá ach beagán a íoc le clárú agus le haghaidh ábhar éagsúil don chúrsa. Fiú agus é sin ráite, tiocfaidh an coláiste agus an córas i gcabhair ort má bhíonn deacrachtaí airgid agat, nó mura n-éiríonn leat na buncháilíochtaí oideachais a fháil le freastal ar do chúrsa. Déanann siad a míle dícheall cuidiú leat freastal ar an gcoláiste.

Blianta ó shin, is cuimhin liom go mbíodh m’athair ag tabhairt scoláirí ón gceardscoil i mBealach a’Doirín go dtí An Ghaeltacht – An Spidéal go háirithe, agus ag an am, ba é sin an t-aon deis a bhí ag go leor acu dul amach as an mbaile nó fiú amháin tamall a chaitheamh cois farraige. Conradh na Gaeilge, sílim, a bhronnadh na scoláireachtaí.

Ag léamh na mbeathaisnéisí i gclár an choláiste BIFE, tugaim faoi deara gur bhain go leor acu sásamh as tamall a chaitheamh ag staidéar i mBarcelona, nó i Málaga, agus chuir sé go mór leis an oiliúint a fuaireadar ar an gcúrsa.

Is dócha nach dtuigfeadh aon duine acu an bhagairt, mura ndéanfaidís a gcuid staidéir i gceart, ‘go gcuirfí siar ag an tech’ iad.

Fág freagra ar 'Tá mé ‘ar chúrsa’ (agus ní galfchúrsa é) – athrú réabhlóideach i saol an oideachais in Éirinn'