Nár bhocht an ní mura mbeadh an crotach glórach le cloisteáil feasta ar thránna, bánta agus sléibhte na hÉireann

Ar chloisint an bhéaloidis ar fad dúinn faoin gcrotach ba cheart go spreagfaí muid le cuidiú leis an dream atá ag iarraidh é a choinneáil beo in Éirinn

Nár bhocht an ní mura mbeadh an crotach glórach le cloisteáil feasta ar thránna, bánta agus sléibhte na hÉireann

Tá éan eile i gcontúirt a dhul in éag in Éirinn. Sin é an crotach. Sa tuarascáil bhliantúil atá foilsithe ag Clár Caomhnaithe an Chrotaigh, deir siad gur tháinig laghdú 96% ar an líon crotach a lig sicíní amach sa tír seo le cúpla bliain anuas. Is marfach an buille é.

Bhí aithne agus eolas ar an gcrotach in Éirinn leis na cianta. Seo é an t-éan ar dhúirt Raiftearaí faoi go raibh sé i Leathbhaile nuair a bhí sé ag moladh na háite sin. Dúirt sé go raibh “an colm, an creabhar, an crotach is an naoscach ann”. Bhí “crotach, naoscach agus péire lachan” i bhféasta de réir amhráin eile a chum sé.

Luaigh Pádraig Mac Piarais an crotach sa dán ‘Bean tSléibhe ag Caoineadh a Mic’. Ar sise:

‘Do labhair an naosc binn is an crotach glórach/Ag faisnéis dom gur éag mo stórach.’

Ainmníodh áiteacha as an gcrotach, go mór mór san iarthar. Ba mhinic i gcaint na ndaoine an t-éan céanna. Is deacair a theacht i ngan fhios air siúd ach oiread leis an gcrotach, a deirtí faoi dhuine airdeallach.

Bhí sé de cháil i gcónaí ar an gcrotach go raibh sé an-deacair a theacht ar a nead. Bunaíodh scéal béaloidis air sin in Oileán Mhanann.

Nuair a thug Naomh Pádraig cuairt ar an oileán den chéad uair chuala sé scread ghéar an chrotaigh ag faisnéis go raibh mionnán gabhair tite le fána aille.

Bheannaigh sé an crotach agus an mionnán agus ón lá sin i leith ní bhfuair aon duine nead crotaigh ar an oileán. Ní fhaca aon duine minseach ag breith mionnáin ach an oiread.

Tugadh faoi deara in Éirinn freisin, ar ndóigh, gur mhaith ón gcrotach imeacht de sciotán ón áit a mbeadh a nead nuair a thagadh duine an treo. Cumadh scéal béaloidis faoi sin sa tír seo.

Críost a thug an bua don chrotach, a dúradh. De réir an scéil chuaigh Íosa isteach in uaimh agus thit sé ina chodladh. Bhí a naimhde ar a thóir. Nuair a bhí siad in aice na huaimhe thosaigh an crotach ag scréachaíl, dhúisigh sé Íosa agus bhí sé in ann éalú.

Bhí Íosa chomh buíoch den chrotach gur mhúin sé dó/di leis an nead a dhéanamh in áit nach mbeifí in ann a theacht uirthi go héasca.

D’insítí scéal béaloidis eile fós ar an múnla céanna faoi lá a raibh Íosa ag siúl na trá agus é ar a theicheadh óna naimhde. Bhí sé ag fágáil lorg a chos ina dhiaidh sa ngaineamh rud a bhí ag tabhairt treorach dá naimhde. Ach tháinig an crotach an bealach gur thosaigh sé féin ag siúl sa ngaineamh agus ag cur lorg cos Chríost ó aithne.

Is fada siar sa stair a creideadh gur tuar báistí a bhí i nglór nó i bhfeadaíl an chrotaigh. Ag scríobh dó sa mbliain 1625 dúirt Ó Súilleabháin Béara go mbeadh a fhios ag duine a chloisfeadh glaoch caointeach an chrotaigh go raibh báisteach ar an mbealach.

Chreideadh muintir Thír Chonaill an rud céanna nuair a chloisidís an crotach san oíche. Dá mbeadh na crotaigh ag glaoch agus ag déanamh ar na sléibhte ba chomhartha soiléir é nach mbeadh sé i bhfad go séidfeadh sé ina ghála, a deireadh muintir Mhaigh Eo.

Ceapadh freisin dá n-éireodh ealta crotach san oirthear agus eitilt i dtreo an iarthair gur aimsir sheaca a thiocfadh as.

Ar chloisint an bhéaloidis seo ar fad dúinn ba cheart go spreagfaí muid le cuidiú leis an dream atá ag iarraidh an crotach a choinneáil beo in Éirinn.

Ní obair éasca í. Tá na crotaigh faoi bhagairt ag athruithe ar chúrsaí feirmeoireachta, ag ceimiceáin, ag siúlóirí sléibhe, ag an sionnach, ag an minc agus ag an snag breac.

Nár bhocht an ní nach mbeadh an naosc binn ná an crotach glórach le cloisteáil feasta ar thránna, ar bhánta ná ar shléibhte na hÉireann.

Fág freagra ar 'Nár bhocht an ní mura mbeadh an crotach glórach le cloisteáil feasta ar thránna, bánta agus sléibhte na hÉireann'

  • Pól Ó Braoin

    Trua uilig a bheas ann má imíonn an crotach. Go raibh maith agat faoi mheabhrú dúinn go bhfuil an t-éan uasal sin i gcontúirt.

  • Tomás Ó Dubhda

    Nárbh uafásach an ní, muis. Tá an dúlra beagnách scriosta sa tír seo le leathchéad bliain anuas, tá sé thar am dúinn rud éicinnt a dhéanamh faoi, seachas suí ar ár dtóin. Maith thú a Sheosaimh, go bfhága Dia an tsláinte agat.