Casadh eile ag an rialtas ar an roithleagán ró, agus scéim eile tithíochta foilsithe – scéim a bhfuil sé mar sprioc aici cíos, atá uafásach ard cheana féin, a laghdú trí ligean d’infheisteoirí cíos a ardú.
Nuair a scríobhtar síos é, tá sé soiléir cé chomh hamaideach is atá sé.
Go bunúsach, tá an rialtas ag rá go bhfuil easpa soláthair taobh thiar den ghéarchéim. Níl dóthain tithe nó árasán ar fáil, is brúnn an t-éileamh praghsanna in airde. Is mar an gcéanna, a deir siad, an cás maidir le cíos: tá an t-éileamh níos mó ná an soláthar is brúnn an t-éileamh sin arduithe cíosa.
Tá an argóint sin fíor, cuid mhaith. Ach tá an réiteach atá á mholadh ag an rialtas bunaithe ar an riachtanas tithíochta (dar leo) a fhágáil faoin earnáil phríobháideach.
Ach an fíor go raibh na srianta beaga ar chíos a ardú sna criosanna brú cíosa ag oibriú, mar a deir an rialtas?
Bhuel, deir Lorcan Sirr, atá ina léachtóir sinsearach le tithíocht in Ollscoil Teicneolaíochta Baile Átha Cliath, nach bhfuil aon fhianaise go bhfuil drogall ar infheisteoirí mar gheall orthu. Deir sé go bhfuil an leisce chéanna ar infheisteoirí i dtíortha nach bhfuil aon srianta cíosa iontu.
Is é firinne ann scéil ná go dtógfaidh an lucht na hearnála príobháidí tithe má bhíonn brabús le déanamh orthu.
Sa Dáil bhí an Taoiseach Micheál Martin an-chorraithe faoi neamhaird an fhreasúra i dtaobh ról na hearnála príobháidí, ach déanann sé dearmad ar phointe amháin atá ríthábhachtach: ní tráchtearra í an tithíocht, ach riachtanas sóisialta don uile dhuine áit chónaithe a bheith aige nó aici.
Ní hamháin sin, ach teastaíonn ó dhaoine – agus láncheart acu – go mbeadh siad in ann saol fiúntach a bheith acu: bheith in ann casadh le cairde, dul amach oícheanta, saoire a bheith acu is mar sin de. Ní saol fiúntach é má bhíonn gach pingin caite ar bhunriachtanais an tsaoil, bia is dídean. Tá níos mó ag teastáil.
Seans maith go bhfuil a lán daoine óga a bhfuil cáilíochtaí maithe acu ag imeacht ar imirce toisc nach féidir leo áit chónaithe agus saol fiúntach a fháil sa mbaile. Cailliúint mhór don tír. Teip mhór ag an rialtas.
Is cinnte, in ainneoin a fhíochmhaire is atá caint an Taoisigh, nach ndéanfaidh beart nua seo an rialtais rud ar bith le seans a thabhairt don iliomad duine fásta atá ina gcónaí lena dtuismitheoirí teach dá gcuid féin a cheannach. Sin í teip an rialtais.
Agus is beag an cúiteamh é go bhfuil an stát ar fad le bheith ina chrios brú cíosa, nó go mbeidh srianta (ar feadh sé bliana) ar tionóntaí a dhíbirt as teach nó árasán, Mar a dúirt Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, céard is fiú na criosanna brú cíosa a leathnú amach ar fud na tíre má tá fiúntas na gcriosanna sin le baint díobh?
Ní hamháin go bhfuil cúrsaí go dona i láthair na huaire, ach beidh siad níos measa sa todhchaí.
Más é an margadh a shocraíonn cíos, céard a tharlóidh nuair a bhainfidh na háitritheoirí aois phinsin amach? Ansin beidh ar dhaoine ar ioncaim laghdaithe cíos an mhargaidh a íoc nó a bheith gan dídean. Cuirfear an-chuid daoine i dtreo an bhochtanais.
Má tá tú i dteach de chuid na Comhairle Contae tá cíosanna difreálacha i bhfeidhm, sé sin tá an cíos srianta de réir ioncam an duine. Is cuid den chóras sóisialta é sin. Níl a leithéid ar fáil sa gcóras príobháideach.
Ag deireadh thiar, murar féidir leis an earnáil phríobháideach na tithe atá ag teastáil a sholáthar, caithfidh an stát é a dhéanamh.
Ar ndóigh, is é an stát, trí na comhairlí áitiúla, a réitigh géarchéimeanna sa tír roimhe seo – sna daicheadaí, sna caogaidí, sna seascaidí, agus gach aon uair a raibh géarchéim ann. Agus go híorónta is faoi cheannas Fhianna Fáil a cuireadh an polasaí sin i bhfeidhm.
Mo léan, tá Fianna Fáil an lae inniu gafa ar fad ag idé-eolaíocht an mhargaidh, agus is sé an gnáthdhuine, fiú duine le cáilíocht mhaith, ioncam maith agus jab maith, a íocann an praghas ar theip an rialtais.
Ach ní léir go n-íocfaidh Fianna Fáil nó a comhghleacaithe rialtais, Fine Gael, aon phraghas polaitiúil ar aimhréidh an pholasaí ná ar sheafóid den chineál atá fógartha anois.
Mar léiríonn na pobalbhreitheanna, cé go bhfuil daoine míshásta le polasaí tithíochta an rialtais, tá níos mó tacaíochta acu ná mar atá ag an bhfreasúra.
A Dhia, tabhair polasaí feidhmiúil tithíochta dúinn, ach ná tabhair dúinn go fóill é!
Fág freagra ar 'Teip eile i ndán do pholasaí cíosa an rialtais'