B’fhiú go mór foighne an údair chun iontais abhainn na Dothra a chur os ár gcomhair

Bainfidh an léitheoir lán na súl as na híomhánna glé glinne d’ainmhithe, d’éanlaith, agus d’fheithidí sa saothar álainn dátheangach seo

Wild Waterways: A celebration of Life on an Irish River

Robert O’Leary
Foilsithe ag Merrion Press

Bíonn na buanna céanna ag go leor cineálacha grianghrafadóirí – súil mhaith, méar sciobtha, tuiscint ar an solas, agus an cumas scéal an ‘mhíle focal’ sin a chur in aon íomhá amháin.

A fhad is a bhaineann sé le grianghrafadóirí dúlra, áfach, is tábhachtaí i bhfad bua na foighne – agus is léir gur bua é sin atá ag an ngrianghrafadóir Robert O’Leary atá tar éis saothar álainn dátheangach a chur amach le deireanas, Wild Waterways: A celebration of Life on an Irish River.

Tá an leabhar nua, a d’fhoilsigh Merrion Press, roinnte ina cheithre chuid – Earrach, Samhradh, Fómhar, agus Geimhreadh. Insítear ann scéal na Dothra, an abhainn i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, de réir mar a chonaic O’Leary trí lionsa a cheamara é i gcaitheamh bliana.

Bainfidh an léitheoir lán na súl as na híomhánna glé glinne de na hainmhithe, den éanlaith, agus de na feithidí a thaithíonn bruach na Dothra ó cheann ceann na bliana. Caithfidh gur chaith O’Leary uaireanta fada an chloig, i soineann agus i ndoineann, cois abhann ag fanacht ar an soicind ceart lena phictiúir áille a thógáil: glasóg liath ag beathú a héinín, sionnach ag líochán a coileáin, agus corcán coille ag baint síolta de bhláth na gcrann.

Mar gheall ar an méid spáis a chuirtear ar leataobh do na grianghraif iontacha agus a laghad spáis atá fágtha don téacs sa leabhar is beag eolas nua atá ar fáil ann faoi na ainmhithe a fheictear ann don té a mbeadh cur amach aige ar dhúile Dé cheana féin.

Ar an láimh eile, don té atá dall ar iontaisí an nádúir tá dóthain fíricí agus eolais sa leabhar, i nGaeilge agus i mBéarla, a chuirfeadh bunús maith faoin bhfoghlaim. Tugtar ainmneacha coitianta na n-ainmhithe i mBéarla agus i nGaeilge, an t-ainm Laidine, agus breaceolas faoi na dathanna, a méid, agus na gníomhartha is mó a bhíonn ar siúl acu.

Tá an Ghaeilge atá sa leabhar dea-scríofa, soléite agus gan an oiread sin den bhéarlagair chasta ann a bhíonn i leabhair eile faoin nádúr. Don té ar spéis leis tuilleadh eolais a fháil ar na hainmhithe atá le fáil sa leabhar, tá liosta deas gairid ag deireadh an leabhair de leabhair agus suíomhanna idirlín a chuirfidh ar bhóthar a leasa é.

Is í an nádúraí aitheanta Éanna Ní Lamhna a scríobh brollach an leabhair ina bhfuil teachtaireacht ghruama faoi staid reatha na bithéagsúlachta in Éirinn. Deir sí go bhfuil laghdú 56% tagtha ar líon na bplandaí dúchais sa tír seo le leathchéad bliain anuas agus nach bhfuil na héin ná na hainmhithe mórán níos fearr as.

Tá léas dóchais sa mhéid a deir sí mar sin féin agus í ag maíomh as na spásanna breátha fairsinge glasa atá san ardchathair sa lá atá inniu ann agus an bhithéagsúlacht mhór atá le fáil iontu. Áiríonn sí i measc na spásanna ‘glasa’ seo abhainn mhór ghorm na Dothra mar cheann de na tearmainn is mó atá ag an nádúr i mBaile Átha Cliath.

Cé gur bunaithe ar ghrianghraif a tógadh cois Dothra atá an leabhar seo, cuirfidh duine ar bith a thaithíonn aon cheann de na huiscebhealaí timpeall na tíre spéis ann mar ní mór atá eatarthu ó thaobh fiadhúlra de.

Fág freagra ar 'B’fhiú go mór foighne an údair chun iontais abhainn na Dothra a chur os ár gcomhair'

  • Cluain Sceach

    Ta cónaí orm cois Dothra agus is breá liom clos fén leabhar so. Béad á cheannach gan dabht.

  • Tor an Bhacaigh

    Mise ar aon fhocal le Cluain Sceach faoi seo.