Súil le bua maith in aghaidh na Seapáine i ndiaidh na ngaiscí in aghaidh na hAstráile

Seans go bhfuil an t-ádh ar Farrell gur i gcoinne na Seapáine a bheas a fhoireann ag imirt

Súil le bua maith in aghaidh na Seapáine i ndiaidh na ngaiscí in aghaidh na hAstráile

Tús maith leath na hoibre! Bhuel sin díreach a rinne foireann na hÉireann sa gcéad chluiche den chomórtas rugbaí nua, Chraobh na Náisiún, an Satharn seo caite agus iad i gcoinne na hAstráile i Sydney.

Ní hamháin gur éirigh leo bua a chinntiú, bhailigh siad pointe bónais freisin, toradh a chiallaíonn go bhfuil siad ar comhphointí leis an mBreatain Bheag agus Albain a d’aimsigh pointí bónais i mbabhta 1 freisin.

Sin ar fad ráite, agus in ainneoin an bhua agus an tús an-dearfach a chuir siad leis an gcomórtas, tháinig neart deacrachtaí chun solais le linn an ochtó nóiméad imeartha. Ina measc bhí lagchosaint a d’fhág bearnaí ar bhain na hAstrálaigh leas astu. Go deimhin, ba iad foireann an bhaile a d’aimsigh an chéad úd sa chluiche trí nóiméad thar éis a thús. Idir sin agus an caogadú nóiméad chláraigh na Wallabies ceithre úd eile.

D’aimsigh foireann na hÉireann cúig úd iad féin agus bhí an t-ádh glan orthu nár shlánaigh na hAstrálaigh cic éirice agus an clog caite. Chinntigh an teip sin go raibh dhá pointe le spáráil ag Éirinn ar na hAstrálaigh ag an deireadh (33-31).

Ach ní sa gcosaint amháin a léirigh na hÉireannaigh míchompord, tá sé chomh maith duit a rá nach raibh smacht ar bith acu ar a síneadh amach féin. Cheil sé sin ardán ionsaithe ar na Gaeil agus iad ag aistriú seilbh na liathróide go minic.

Ainneoin na ndeacrachtaí thuasluaite is cinnte mar sin féin go raibh Andy Farrell agus a fhoireann bhainistíochta breá sásta leis an toradh. Cuimhnigh go raibh orthu taisteal ó dheas gan seachtar nó ochtar dá gcuid imreoirí chéad rogha. Freisin, bhí seachtain iomlán aige chun díriú ar na deacrachtaí.

Seans go bhfuil an t-ádh ar Farrell freisin gur i gcoinne na Seapáine a bheas a fhoireann ag imirt inniu. Beidh sé féin agus a lucht leanta ag súil go mbeidh imirt agus cur chuige na hÉireann níos snasta inniu ná a bhí sé i mbabhta 1, go háirithe agus cluiche i gcoinne an nAll Blacks agus ag drannadh leo faoi cheann seachtaine.

Ach bhí bua maith ag na Seapánaigh iad féin i gcoinne na nIodálach (27-10) i mbabhta 1, cé nár éirigh leo pointe bónais a aimsiú. Is iad na Gaeil mór-rogha na coitiantachta sa choimhlint seo, tá siad sa tríú háit ar thábla rugbaí an domhain agus tá an tSeapáin i bhfad siar sa dara háit déag. Deich n-uaire roimhe seo a d’imir na foirne seo a céile agus níor chaill Éire ach cluiche amháin acu siúd. Sea, beidh díomá ar Éirinn mura dtugann muid cúig phointe linn ón gcluiche seo a bheas á imirt san Astráil ag 11.00 maidin inniu.

Fág freagra ar 'Súil le bua maith in aghaidh na Seapáine i ndiaidh na ngaiscí in aghaidh na hAstráile'