In Inis Caoin dom tráthnóna i mí Iúil

Ní raibh aon chosúlachtaí an ‘Stony Grey Soil of Monaghan’ ar Mhuineachán nuair a mé cuairt ann

In Inis Caoin dom tráthnóna i mí Iúil

Níor thuig mé tábhacht theideal na féile nó gur thug mé cuairt ar Inis Caoin an tseachtain seo caite. Tráthnóna i mí Iúil a bhí ann ceart go leor. Ach teideal dáin leis an bhfile Patrick Kavanagh atá ann – ‘Inniskeen Road: July Evening’ agus ar ndóigh is é Inis Caoin i gContae Mhuineacháin a bhaile dúchais.

Cuireadh ón mbainisteoir nua contae, Robert Burns, a tháinig chugam cúpla seachtain ó shin a thug ann mé. I nDún Laoghaire/Ráth an Dúin a bhí Robert ag obair sular ceapadh sa bpost mór i gcontae Mhuineacháin é.

Bhí smaoineamh ag borradh ina cheann ar feadh i bhfad faoi leabhar a chur le chéile bunaithe ar chuimhní daoine óna gcuid laethanta scoile. Siúl na gcos an bealach ba choitianta i measc a bhformhór. Agus ar ndóigh nuair a bhí Robert ag obair sna bólaí seo i ndeisceart chontae Átha Cliath, bhí sé luaite go mór le forbairt na mbealaí rothaíochta agus laghdú ar dheiseanna tiomána. Chuir go leor daoine píosaí chuige le haghaidh an leabhair Ríthe agus Banríonacha an Bhóthair. Scríobh mé féin píosa agus níor smaoinigh mé air an dara huair.

Ansin nuair a fuair mé cuireadh mo phíosa a léamh i mbaile dúchais an fhile Kavanagh, thapaigh mé an deis cuairt a thabhairt ar an mbaile agus súp a bhaint as an ócáid.

Ní raibh aon chosúlachtaí ‘Stony Grey Soil of Monaghan’ ar a chontae an oíche ar thiomáin mé ann le mo dheirfiúr. Lá fada brothallach i mí Iúil a bhí ann agus dathanna an tsamhraidh agus an fhómhair le chéile sna garrantaí agus ar an thírdhreach trí chéile.

Nuair a shroicheamar Inis Caoin, b’álainn an radharc a bhí romhainn – sráidbhaile beag den seansaol, cearnóg bheag ina lár, caifé, teach ósta, séipéal nó dhó agus cuma dhea-choinnithe agus slachtmhar ar gach ceann díobh.

Toisc go raibh beagán ama le spáráil againn roimh an ócáid, chuaigh mé ag cuartú leidí agus fianaise a bhain leis an bhfile. Tá lárionad nó músaem tiomnaithe dó sa seanséipéal i lár an bhaile. Ní raibh i bhfad agam le súil a chaitheamh timpeall ann agus cinnte, beidh mé ag tabhairt athchuairt ann le ‘turas’ Kavanagh a dhéanamh thart ar an mbaile.

Is cosúil go dtugann an turas oifigiúil sin an cuairteoir fhad leis an teach feirme a cheannaigh a mháthair agus a raibh súil aici go socródh sé síos ann ag feirmeoireacht agus ag tógáil clainne. Ach ní raibh aon mhaith ansin. Bhí sé ag iarraidh a bheith ag scríobh agus ag léamh leabhar agus ba bheag suim a bhí aige sa talamh, seachas mar ábhar filíochta.

Thóg se tamaillín orm an uaigh a aimsiú. Cé go bhfuil riar maith comharthaí ag taispeáint an bhealaigh don chuairteoir, seans go raibh mé ag súil le leac nó rud éigin ardnósach, rud a bheadh tuillte ag file dá stádas.

Ba í uaigh na ndeirfiúracha a thug mé faoi deara ar dtús. Chonaic mé an t-ainm ‘Kavanagh’ ag seasamh amach go soiléir ar an leac. Bhí an uaigh sin sórt clúdaithe le bláthanna beaga bándearga, cineál nach bhfaca mé cheana ach chuala mé gur cuireadh d’aon turas mar sin iad. Ansin chonaic mé an uaigh eile in aice láimhe.

Bhí sí chomh simplí sin gur beag nach bhfaca mé ar an gcéad amharc í. Clúdaithe le sórt créafóg atá sé agus leacracha leagtha síos cosúil le ‘clocha céimnithe’. Is ar éigean go mbeifeá in ann ainm an fhile a léamh agus na cúpla focal as dán thíos faoi.

Bhí dearmad déanta agam go raibh conspóid éigin faoin uaigh i bhfad siar agus níor tugadh aon eolas eile dom seachas go raibh sé ‘conspóideach’. Cúis eile le cuairt cheart a thabhairt arís ar an mbaile.

Bhí na daoine ag bailiú san ionad ina raibh an ‘Léamh’ agus an fáiltiú le bheith ann. Ach chonaic mé ar dtús go raibh abhainn bheag taobh leis agus siúlóid leagtha amach ar an mbruach. Bhí dream beag ag spraoi san abhainn – nach tráthnóna mí Iúil a bhí ann, agus thug mé suntas do na gléasanna fuaime a bhí feistithe anseo is ansiúd ina bhféadfadh an cuairteoir éisteacht le filíocht Patrick Kavanagh ach hanla a chasadh orthu.

Bhí slua deas i láthair agus chuir Robert Burns in aithne dá chéile muid – bhí fear eile a raibh píosa scríofa aige faoi dhul ar scoil i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí  ag léamh i dtosach. Ansin léigh mise mo phíosa faoi Bhealach a’Doirín agus na cuimhní a bhí agam faoi dhuilleoga feoite, sioc agus sneachta. Ba dheacair iad sin a shamhlú agus an teas ag brú isteach orainn ag a sé a chlog tráthnóna.

Bhí fear eile i measc na gcainteoirí agus ní raibh a fhios agam go raibh seisean é féin fáiscthe as ceantar Inis Caoin – Terence O’Rourke atá anois ina chathaoirleach ar Bhord RTÉ. Bheannaigh mé dhó agus ghuigh mé gach rath air ina phost (réasúnta) nua. Is fánach an áit…

Chuala mé go leor scéalta faoi Phatrick Kavanagh agus tá thuilleadh le clos agam. Dúradh go raibh a fhios ag a mhúinteoir gur buachaill an-mheabhrach a bhí ann agus é ag dul ar scoil. Ag fágáil na bunscoile dó ag aois a 13, agus go deimhin ag fágáil na scoile ar fad a bhí sé an lá sin, dúirt sise leis go ndéanfadh sé go maith sa saol. Ach bhí aiféala uirthi nach bhféadfadh sé leanacht ar aghaidh leis an scolaíocht.

Bhí an t-aiféala céanna ar Hilda Moriarty an bhean a bhí mar inspioráid ag Kavanagh nuair a scríobh sé ‘Raglan Road’. Phós sise Donogh O’Malley, an tAire Oideachais a rinne an fógra gan choinne i 1966 go dtabharfaí isteach saoroideachas dara leibhéal, i 1967. D’fhan an bheirt acu mór le Kavanagh agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath.

Roimh an mbeart stairiúil sin a rinne Donogh O’Malley, dúirt Hilda lena fear céile Donogh, go mb’iontach an scríbhneoir é Patrick Kavanagh ach gur tragóid a bhí ann go gcaithfeadh sé éirí as an oideachas ag aois a 13 bliain. ‘Cuimhnigh céard a bheadh bainte amach aige dá mbeadh sé in ann dul níos faide leis an oideachas?’ dúirt sí leis.

Tá Donogh O’Malley féin á chomóradh na laethanta seo i Luimneach agus in áiteacha eile agus seasca bliain caite ó rinne sé an fógra. Ocht mí dhéag ina dhiaidh sin, Márta 1968, bhásaigh sé in aois a 47 bliain.

Ionad Patrick Kavanagh, A91 KT20

Fág freagra ar 'In Inis Caoin dom tráthnóna i mí Iúil'