Tá líne ó dhán leis an bhfile Gaeilge Biddy Jenkinson le bheith ar phas na hÉireann, a ndearnadh uasdátú ar a dhearadh le deireanas. Is í Jenkinson an t-aon fhile Gaeilge a bheidh ar an gcáipéis nua, i measc triúr filí Béarla.
Beidh líne as an dán ‘Scéal do Bhainise’, a scríobhadh in 2002, ar leathanach a cúig den phas nua, an chéad leathanach a mbeifear in ann víosaí a bhualadh air. “an bhachlóg shéidte, an síol a chuireann cos i gcré” an sliocht a roghnaíodh don cháipéis, an séú líne sa dara véarsa den dán.
Dúirt Jenkinson le Tuairisc gur “mór” léi dán dá cuid a bheith ar na bpas nua agus gur scríobh sí an dán an chéad lá dá “cara croí”, nach maireann.
“Is mór liom dán liom a bheith ar an bpas. Scríobhas an dán do Mháire Uí Mhaicín, cara croí atá ar shlí na fírinne. B’ealaíontóir í, agus is í a ghlac na pictiúir sa bhailiúchán Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge,” a dúirt sí.
Leagadh béim ar na séasúir san athdhearadh atá déanta ar phas na hÉireann, agus tá filíocht Jenkinson ar an leathanach a bhaineann leis an earrach. Tá filíocht eile ann le Nidhi Zah/Aria Eipe don samhradh; le Eavan Boland don fhómhar; agus leis an bhfile Ultaise Thomas Beggs don gheimhreadh.
Is ón dán ‘And our eyes are on Europe’ a thagann línte Nidhi Zah/Aria Eipe:
‘Lie with me now Ireland,
A promise deep in bloom,
Weaving in with all this green
Beneath a nascent moon’
Tógadh na línte deireanacha den dán ‘The Moment’ le Eavan Boland don leathanach ‘fómhar’”
‘Stars rise,
Moths flutter,
Apples sweeten in the dark’
Agus líne de chuid Thomas Beggs, atá ar aon leathanach le híomhá de spideog, a roghnaíodh don gheimhreadh:
‘The robin-redpole Autumn’s bird, how sad his lonely trill’.
Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha “go dtugann an dearadh nua sealbhóirí pas ar thuras tríd an mbliain Éireannach” agus go ndéantar ceiliúradh ann ar na gnáthóga, fiadhúlra, agus “rithimí séasúracha” atá tar éis “tionchar a imirt ar an saol san oileán” leis na glúnta.
Dearadh an pas nua tar éis próiseas comhairliúcháin poiblí inar roghnaíodh ainmhithe, éin, agus plandaí do na leathanaigh. Ghlac os cionn 15,000 duine páirt sa phróiseas leis na téamaí, na speicis agus na híomhánna a roghnú.
Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur chinntigh an próiseas comhairliúcháin poiblí go dtugtar léargas sa cháipéis nuadheartha ar an “Éirinn a aithníonn daoine agus a gcuireann siad luach uirthi ina ngnáthshaol”.
Ba é an cú faoil, mianach madraí a póraíodh i Sasana sa 19ú haois ach a shamhlaítear go mór le hÉirinn, an rogha ba mhó a bhí ag an bpobal as na hainmhithe a luadh sa phróiseas comhairliúcháin.
“Roghnaigh an pobal [an cú faoil] mar cheann de na siombailí is láidre d’oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha na hÉireann. Seasann sé don chaomhnóireacht, don dílseacht, agus don neart – tréithe a fheileann do cháipéis trína gcosnaítear féiniúlacht na saoránach Éireannach ar fud an domhain,” a dúirt an Roinn.
I measc na n-ainmhithe eile atá le feiceáil ar an bpas nua tá an fia rua, an t-iora rua, an sionnach, an giorria, an puifín, an bheach mheala agus capaillín Chonamara.
Tá féileacáin, rónta, smugairlí róin, broic, meantáin ghorma, ulchabháin, míolta móra, crotaigh, cruidíní, agus ainmhithe eile nach iad ar leathanaigh sa phas nua chomh maith.
Tá íomhánna den ealaín réamhstaire a rinneadh ag Brú na Bóinne ann in éineacht le snaidhmeanna Ceilteacha agus ealaín eile a shamhlaítear leis an tír seo.
Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur cuireadh ainmhithe dúchais agus ainmhithe imirceacha agus neamhdhúchais san áireamh agus an pas á dhearadh mar go bhfuil an imirce ag croí scéal na hÉireann.
“Ó na fáinleoga a fhilleann san earrach, go dtí na speicis a tháinig ar ais amhail an cúr rua, agus teacht speicis dála na gráinneoga. Agus na daoine atá ag tógáil a saoil anseo ó thíortha thar lear agus an diaspóra mór Éireannach atá scaipthe ar gach mór-roinn – tá an ghluaiseacht dár múnlú síoraí,” a dúirt an Roinn.
Tá an dearadh nua ar gach pas a eisíodh ó 26 Meitheamh 2026.
Fág freagra ar 'Filíocht de chuid Biddy Jenkinson ar phas nua na hÉireann'