An Bíobla agus Cúrsaí Aimsire

'Mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ansin gan an talamh a mhaothú, gan fás agus eascar a chur ann, ionas go dtugann sé síol don síoladóir agus arán le hithe….'

An Bíobla agus Cúrsaí Aimsire

Mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ansin gan an talamh a mhaothú, gan fás agus eascar a chur ann, ionas go dtugann sé síol don síoladóir agus arán le hithe….

Sin thuas an chéad abairt den sliocht as Leabhar Ísáia fáidh a bhí mar an chéad léacht ag an Aifreann an Domhnach seo caite, an cúigiú Domhnach déag den bhliain (de réir na hEaglaise).

Nárbh aoibhinn do lucht an Bhíobla go bhféadfadh an oiread sin muiníne a bheith acu as an aimsir agus as an aeráid!

B’fhéidir gur rith an smaoineamh sin leis an bpobal a bhí ag freastal ar Aifreann a 11 an mhaidin Domhnaigh úd agus an lá ina bhrothall is teaspach cheana féin. Taobh istigh den séipéal ársa gleoite i gCois Fharraige, a tógadh os cionn 100 bliain ó shin, bhí na doirse uilig ar oscailt agus bhí faoiseamh éigin ar fáil ag an ngrúpa mór daoine a bhí i láthair.

Chuile dhuine gléasta don aimsir agus muid ag súil le lá breá samhraidh eile, mar an rud is annamh is iontach agus sin cinnte.

Ní amhail leis an leath thoir den tír a bhí ag maireachtáil le beirfean teasa le tamall, is beag den ghrian a bhí feicthe san iarthar go dtí Déardaoin na seachtaine a bhí díreach caite. Bhí an oiread sin báistí caite aige le mí anuas go raibh an mhóin ina puiteach ar an bportach.

Ach bhí an dea-aimsir ann anois. Bheadh iománaithe na Gaillimhe ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann an chéad Domhnach eile agus bhí an Corn Domhanda faoi lán seoil. Bhí go leor cúiseanna ann le dea-ghiúmar a chur ar dhaoine.

Seanmóir bhreá ghonta a thug an sagart agus drochsheans go raibh aon dhuine ag clamhsán faoi sin, ach an oiread.

Sa salm a lean an chéad léacht dúradh, “….tá na móinéir líonta de thréada. Tá na gleannta faoi bhrat arbhair….”

Tuigeann muid uilig gur meafair atá sa méid seo d’obair Dé. Ach bhí lucht an Bhíobla in ann na tagairtí seo a úsáid toisc go raibh taithí acu seo a bhí ag éisteacht leis nó á léamh ar thimthriall an nádúir agus ar na séasúir.

Ní hé go rabhadar slán ó bhuairt agus ó thubaistí. Bhí galair ar leic an dorais. B’fhéidir go raibh slad agus sléacht ag tarlú timpeall orthu, b’fhéidir go rabhadar faoi chois ag ceannairí míthrócaireacha, ach ba rudaí seasta síoraí a bhí sa gcur agus sa bhfómhar ina saol.

Má tá go leor ann inniu nach gcreideann i nDia, tá go leor ann freisin nach gcreideann go bhfuil na ceithre shéasúr ann a thuilleadh. Geimhrí fliucha agus samhraí tirime te atá in ndán dúinn agus gan aon séasúr idir eatarthu, a deirtear.

Beagán thar uair an chloig i ndiaidh an Aifrinn, ba í an aimsir a bhí mar ábhar ag roinnt mhaith de na príomhscéalta ar nuacht a haon ar stáisiúin raidió na tíre. Bhí foláireamh buí d’aimsir the eisithe ag Met Éireann do 10 gcinn de chontaetha do na laethanta amach romhainn agus é ráite go sáródh an teocht 27 céim Celsius in áiteanna. Tugadh le fios go raibh srianta i bhfeidhm ag Uisce Éireann i gcónaí ar 25 cinn de na córais uisce in áiteanna éagsúla timpeall na tíre. Sa Spáinn, deimhníodh go bhfuair ar a laghad 13 duine bás sa loscadh foraoisí i gceantar Almeria i ndeisceart na tíre.

An lá roimhe sin, bhí scéal ar nuacht an mBBC go raibh sé ráite ag rialtas Uganda go raibh 16 duine ar a laghad básaithe le roinnt seachtainí anuas de shiocair an ocrais i réigiún Karamoja in iarthuaisceart na tíre sin. Tá na mílte teaghlach fágtha gan bhia ansin mar gur theip ar na barraí toisc nár thit aon bháisteach (nó fíorbheagán di) ó cuireadh iad san Aibreán.

Sa mBreatain, bhíodar ag dul i ngleic leis an tríú tonn teasa i mbliana agus an chontúirt ann go mbeadh falscaithe in áiteanna.

Tuairiscíodh an tseachtain seo ar an suíomh POLITICO gur meastar gur bhásaigh 14,000 duine sa mbreis mar thoradh ar an teocht ard a bhuail sé cinn de thíortha na hEorpa idir an 18 Meitheamh agus an chéad lá d’Iúil i mbliana. D’fhéadfaí cur leis na scéalta sin agus scéalta mar iad atá cloiste go rialta againn le blianta beaga anuas.

Bhí go leor daoine tagtha go Cois Fharraige an Domhnach seo caite, ach faoina trí a chlog is beag duine a bhí le feiceáil ag siúl na mbealaí, agus toisc go raibh sé ina lán mara ní raibh an oiread sin spáis ar chuid de thránna an cheantair ach amháin dóibh siúd a bhí ag iarraidh dul san uisce.

Níos deireanaí an lá sin, thug Met Éireann le fios go raibh uasteocht de 27.4 céim Celsius taifeadta ag a stáisiún ag Ceann Mhása i gCarna, an séú teocht is airde a tomhaiseadh sa tír an lá sin.

Bhí tagairtí go leor den chur agus den fhómhar sa Soiscéal de réir Naomh Matha a léadh ag an Aifreann an Domhnaigh. Deir Matha linn go raibh na sluaite a bhailigh cois farraige le héisteacht le hÍosa chomh mór sin go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur fágadh an slua ar an gcladach ag éisteach leis.

An parabal faoin síoladóir a chuaigh amach ag cur an tsíl a d’inis sé dóibh. Ag deireadh an pharabail, dúirt Íosa leis na sluaite : ‘An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!

Mura bhfuil cuid againn ag éisteacht le focal Íosa Críost sa lá atá inniu ann, is dóigh nach bhfuil aon rogha ann ach éisteacht leo siúd atá ag labhairt faoin ngéarchéim aeráide atá buailte linn.

Fág freagra ar 'An Bíobla agus Cúrsaí Aimsire'