Cúis cheiliúrtha ag Gaelscoileanna san Aviva agus coirn tugtha abhaile go Gaillimh agus Dún na nGall

Bhí Gaelscoil Mhic Amhlaigh ó Ghaillimh agus Gaelscoil Cois Feabhail ó Dhún na nGall i measc na mbuaiteoirí ag craobhchomórtais cúigear an taobh na mbunscoileanna a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath i rith na seachtaine. Pictiúir: Sportsfile

Cúis cheiliúrtha ag Gaelscoileanna san Aviva agus coirn tugtha abhaile go Gaillimh agus Dún na nGall

Bhí lá mór ag daltaí bunscoile lán-Ghaeilge i Staid Aviva i rith na seachtaine agus craobhacha náisiúnta sacair buaite ag Gaelscoileanna ó Ghaillimh agus ó Dhún na nGall.

Thug Gaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach agus Gaelscoil Cois Feabhail i mBun an Phobail leo péire de na craobhacha a bhí le buachan mar chuid de chraobhchomórtais cúigear an taobh na mbunscoileanna, a bhí á reáchtáil ag Cumann Sacair na hÉireann.

Thug buachaillí Ghaelscoil Mhic Amhlaigh an chéad áit leo sa roinn ‘C’ do scoileanna móra. Bhuaigh an fhoireann gach ceann de na trí chluiche a bhí acu agus an ceann is fearr faighte acu ar St Laurence NS ó na Clocha Liatha (1-0), Scoil Mhuire Dhún na Mainistreach (4-2) agus Scoil Íosagáin ó Bhun Cranncha (3-2).

Ba é Cuán Mac Gearailt a roghnaíodh mar imreoir an chomórtais sa rannóg ‘C’ agus dhá chúl scóráilte aige ina mbua ar Scoil Íosagáin sa gcluiche deireanach.

An corn bronnta ar bhuachaillí Ghaelscoil Mhic Amhlaigh ag an Aire Stáit Charlie McConalogue

Tháinig Gaelscoil Cois Feabhail sa gcéad áit i roinn ‘C’ na gcailíní, an roinn do scoileanna beaga. Chaill an fhoireann an chéad chluiche a bhí acu i gcoinne Scoil Náisiúnta Lainn Chille (1-2) ach ar ais leo chun an ceann is fearr a fháil ar Scoil Náisiúnta na Cille Bige ó chontae na Mí (5-3) agus Scoil Náisiúnta an Chluainín ó Thiobraid Árann (2-0).

Ba í Grace Nic Congail a roghnaíodh mar imreoir an chomórtais agus cúl aimsithe aici sa mbua sin ar an gCluainín chun cur leis na trí cinn a d’aimsigh sí in aghaidh na Cille Bige.

Foireann agus múinteoirí Ghaelscoil Cois Feabhail

Bhí buachaillí Ghaelscoil Cois Feabhail ag imirt i roinn ‘C’ na mbuachaillí chomh maith agus an ceann is fearr faighte acusan ar Scoil Cholmáin Tuairíní ó Ghaeltacht na Gaillimhe (5-3) i gcluiche idir dhá scoil lán-Ghaeilge. Tháinig buachaillí scoil Tuairíní sa dara háit sa gcomórtas, a bhuaigh Scoil Náisiúnta na Teanga ó chontae na hIarmhí.

Bhí Gaelscoil Adhamhnáin ó Leitir Ceanainn ag glacadh páirt i gcomórtas ‘B’ na mbuachaillí chomh maith tar éis dóibh craobh Uladh do na scoileanna meánmhéide a bhaint. Scoil Náisiúnta Cholmcille a thug leo an chreach sa roinn sin.

Foireann Ghaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceaninn

 

Buachaillí Ghaelscoil Cois Feabhail

 

Maitiú Ó’hEarcáin (Gaelscoil Cois Feabhail) agus Dylan O’Neill (Scoil Cholmáin Tuairíní)

 

Cúl á cheiliúradh ag Callum Mac Leannacháin agus Seán Mac Lochlainn ó Ghaelscoil Cois Feabhail

 

Foireann bhuacach Ghaelscoil Mhic Amhlaigh

 

Mathis Vaux (Gaelscoil Mhic Amhlaigh) agus Sam McCarthy (Scoil Mhuire).

 

Cuán Mac Gearailt ó Ghaelscoil Mhic Amhlaigh lena ghradam d’imreoir an chomórtais

 

Jack De Brún (Gaelscoil Mhic Amhlaigh) agus Ronan McLuaghlin (Scoil Mhuire)

 

Grace Nic Congail (Gaelscoil Cois Feabhail) agus Alanna Slattery (Scoil Náisiúnta an Chluainín)

 

Roghaníodh Grace mar imreoir an chomórtais

 

Luke MacDonncha (Scoil Cholmáin Tuairíní) agus Jack Mac an Ghoill (Gaelscoil Cois Feabhail) 

 

Callum Mac Leannacháin (Gaelscoil Cois Feabhail) ag ceiliúradh agus cúl scóráilte aige

Fág freagra ar 'Cúis cheiliúrtha ag Gaelscoileanna san Aviva agus coirn tugtha abhaile go Gaillimh agus Dún na nGall'