De réir na scéalaíochta oifigiúla tá Éire faoi bhagairt ag an Rúis. Agus i bhfianaise na bagartha seo ní mór dúinn cur go mór lenár gcaiteachas ar chúrsaí cosanta, fiú más ionann sin agus gearradh siar ar chaiteachas leasa shóisialaigh.
Cuirtear an Rúis féin inár láthair mar stát deamhanta, atá dírithe go hiomlán ar cheannas impiriúil a bhaint amach ar a comharsana, agus dá bhrí sin ag caitheamh a súile éadmhara inár dtreo.
Ní mhíníonn éinne ámh cén t-ábhar spéise a bheadh ag an Rúis sa tír seo. Mar stát neodrach ní bheadh muid páirteach in aon chogadh idir NATO agus an Rúis. An mbeadh?
Ní mhíníonn éinne ach an oiread cén spéis a bheadh ag an Rúis sa bPolainn, sa nGearmáin, i gCríoch Lochlann nó eile. Níl aon mhaoin nádúrtha ann, mar atá sa Rúis. Tá geilleagar na Gearmáine ag meath, agus geilleagar na hEorpa leis. Cén buntáiste a bheadh ann don Rúis ceannas na dtíortha sin a bhaint amach?
Dúil an impiriúlachais, dar le lucht na scéalaíochta.
Tá míniú eile ar an scéal, ámh, agus b’fhéidir gur chóir dúinn breathnú ar an scéal seo ó dhearcadh na Rúiseach – dearcadh nach bhfuil bunaithe ar dhamnú ciníoch, ach dearcadh a mhíníonn cén leas atá i gceist go fírinneach ag an Rúis.
Sé Gerry Adams, iar-uachtarán Shinn Féin, a dúirt gur chóir iarracht a dhéanamh breathnú ar choimhlint trí shúile an namhad le tuiscint cheart a fháil ar an gcoimhlint agus cén chaoi lena réiteach.
Agus tá dearcadh na Rúise bunaithe ar an stair. Rinneadh ionradh ar an Rúis ón iarthar sé huaire i rith na gcéadta bliain, ceithre uaire ó 1812 amháin: Na Ridirí Teotanacha i 1242, ar chuir Alexander Nevsky stop leo; na Polannaigh a ghabh Moscó i 1610 i ndiaidh bhás Ivan an Uafáis; Napoleon in 1812; ionradh Shasana is na Fraince ar an gCrimé in 1854; idirghabháil roinnt stát ón iarthar, ina measc Sasana, an Fhrainc, an Ghearmáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Pholainn, le linn chogadh cathartha na Rúise i ndiaidh Réabhlóid 1917; agus ionradh na Naitsithe i 1941.
D’éirigh leis an Rúis teacht slán as gach ionradh, ach maireann an chuimhne in intinn na Rúiseach.
Nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile i 1991 thug NATO agus an tIarthar gealltanas nach leathnódh NATO soir. Níor sheas NATO leis an ngealltanas sin, ámh, agus glacadh leis an bPolainn agus leis na poblachtaí Baltacha ar an teorainn leis an Rúis mar bhaill den eagraíocht.
Spreag na feall sin míshuaimhneas sa Rúis.
Ansin d’fhógair Meiriceá go mbeadh an Úcráin ina ball de NATO freisin. Cháin Putin an ráiteas sin go láidir in 2007, agus thug fiú Henry Kissinger foláireamh go mbeadh freagra míleata ag an Rúis ar aon iarracht an Úcráin a thabhairt isteach i NATO.
Níor thug Meiriceá ná NATO aon aird air sin, ach spreag sin frithréabhlóid in 2014 inar díbríodh an tUachtarán Yanukovich, a toghadh i dtoghchán oscailte ionraic, as oifig go foréigneach.
Dar leis na Rúisigh léirigh na heachtraí seo mí-ionracas an iarthair.
Maidir le Zelensky, nuair a toghadh ar dtús é chuir an Rúis fáilte roimhe, mar toghadh é agus é caint ar chlár síochána leis an Rúis é. Ach agus é faoi bhrú ó antoiscigh an iarthair, dhein Zelensky dearmad ar an gclár sin.
Is fiú a lua freisin, maidir le titim an Aontais Shóivéadaigh nár ritheadh aon reifreann faoi i measc mhuintir an Aontais. A mhalairt: i Márta 1991 vótáil 77.85% ar son cloí leis an Aontas. Ghlac 80% de na naoi bpoblacht as 15 a d’eagraigh an reifreann páirt sa vótáil.
Ina ainneoin sin, gan sainordú ón bpobal, bhrúigh Yeltsin ar aghaidh agus rinne sé an tAontas a dhíscor mí Nollag na bliana sin.
San Úcráin bhí 71.48% ar son an Aontais, agus móramh i ngach oblast ach amháin Lviv, Ternopil is Ivano-Franzisk in iarthar na tíre, bunionaid an fhaisisteachais san Úcráin. (Timpeall 80% in aghaidh an Aontais).
Bhí móramh beag ina choinne freisin i gCív ach bhí an móramh ar son an Aontais gach áit eile.
I bhfianaise na staire agus i bhfianaise na ngealltanas nár seasadh leo, ní haon ionadh go bhfuil an Rúis meáite tús áite do shlándáil na tíre.
Cinnte, ní thiocfaidh aon réiteach síochána nach ndearbhaíonn slándáil na Rúise.
Ach tá cumhachtaí na hEorpa ag tabhairt an chluas bhodhar d’aon chaint faoi shíocháin ach iad ag cothú teannais faoin mbagairt Rúiseach seo.
Maidir le hÉirinn, is léir nach bhfuil aon spéis ag an Rúis an tír seo a ionsaí – go háirithe má fhilleann muid ar neodracht fhírinneach. Ach má tá muid ceangailte le pleananna cogaidh NATO, b’fhéidir gur scéal eile a bheadh ansin.
Fág freagra ar 'An bhfuil aon bhagairt don tír seo ón Rúis i ndáiríre?'