Tá sé deimhnithe inniu go bhfuil aistriú croí faighte ag Dáithí Mac Gabhann, Gael óg naoi mbliana d’aois as Béal Feirste a bhfuarthas amach go raibh aistriú croí de dhíobháil air in 2018 nuair a bhí sé 14 mí d’aois.
I dteachtaireacht a scaipeadh ar na meáin shóisialta ar maidin dúradh go raibh an “fanacht is faide” ag aon pháiste ar domhan le haistriú croí a fháil “thart” agus go bhfuil Dáithí ag teacht chuige féin go maith anois.
In 2023 ainmníodh dlí nua faoi dheonú orgán i ndiaidh Dháithí Mhic Gabhann.
Bhí tuismitheoirí Dháithí, beirt chainteoirí Gaeilge, i mbun feachtais le roinnt blianta chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.
De réir ‘Dlí Dháithí’, bíonn gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.
Sa teachtaireacht a scaip muintir Dháithí inniu dúradh go raibh
“buanna móra faighte aige go dtí seo ach go raibh sé “ag tús a thurais” agus “bóthar fada roimhe go fóill”.
Dúradh sa teachtaireacht gurb é an deonú orgáin “an bronntanas is fearr” gur féidir le duine ar bith a thabhairt do dhuine ar bith eile.
Agus dúradh go raibh a thuismitheoirí, “thar a bheith buíoch” de dheontóir Dháithí agus a dteaghlach as ucht cinneadh a dhéanamh croí a thabhairt do Dháithí ag am an-deacair “nach féidir fiú a shamhlú” agus nach raibh a dhath le gnóthú acu féin as.
“Chun meas a léiriú orthu agus ar mhaithe lena bpríobháideachas, ní bheidh muid ag rá aon rud eile ag an phointe seo,” a dúirt siad.
Bhí Dáithí 14 mí nuair a fuair Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, beirt Ghaeilgeoirí as Béal Feirste, amach go raibh Siondróm Hipeapláiseach Croí air, a d’fhág nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart sa bhroinn.
Cuireadh Dáithí, ar an liosta feithimh in 2018 chun aistriú croí a fháil agus chuir a thuismitheoirí tús le feachtas chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.
Tá tuismitheoirí Dháithí i mbun feachtais le blianta anuas chun aird a tharraingt ar chás a mic agus cás na ndaoine eile atá ar an liosta feithimh ar dheonú orgáin sa Tuaisceart.
Fág freagra ar 'Aistriú croí faighte ar deireadh thiar thall ag an Ghaeilgeoir óg Dáithí Mac Gabhann'