Rath a bhfeachtais ina údar misnigh ag tuismitheoirí Gael óg atá ag feitheamh ar aistriú croí

I mí Eanáir na bliana seo, fuair Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, beirt Ghaeilgeoirí as Béal Feirste amach go raibh aistriú croí de dhíth ar a mac 14 mí

Rath a bhfeachtais ina údar misnigh ag tuismitheoirí Gael óg atá ag feitheamh ar aistriú croí

Tá ag éirí le feachtas ar na meáin shóisialta daoine a spreagadh lena n-ainm a chur ar Chlár Deontóirí Orgán ó thuaidh agus an scéal á scaipeadh faoi pháiste 20 mí as Béal Feirste atá ag feitheamh ar aistriú croí.

I mí Eanáir na bliana seo, fuair beirt Ghaeilgeoirí as Baile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste amach go raibh aistriú croí de dhíth ar a mac Dáithí Mac Gabhann agus gan é ach 14 mí.

Tá Siondróm Hipeapláiseach Croí, galar croí neamhchoitianta, ar Dháithí, a d’fhág nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart sa bhroinn.

Tugadh faoin chéad chéim d’obráid trí chuid a measadh a leigheasfadh fadhb croí Dháithí agus é ceithre lá ar an saol agus rinneadh an dara cuid den obráid nuair a bhí sé ceithre mhí d’aois.

Bhí tuismitheoirí Dháithí ag dréim go dtabharfaí faoin tríú céim den obráid nuair a bheadh sé idir 2-5 bliana d’aois ach fuarthas amach idir an dá linn nach bhféadfaí leanúint leis an obráid a bhí beartaithe dó toisc poll a bheith ina chomhla thríchuspach.

Tá Dáithí, atá á thógáil le Gaeilge,  ar an liosta feithimh d’aistriú croí ó shin agus é i measc 200 duine atá ag feitheamh ar orgáin sa tuaisceart. Anuraidh, fuair 14 duine ó thuaidh bás agus iad ag feitheamh ar orgán.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt athair Dháithí, Máirtín Mac Gabhann, gur ardú meanma é an tacaíocht atá tugtha ag na céadta daoine don fheachtas ar líne ‘Is Deontóir Mé’ a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh le clárú leis an Chlár Deontóirí Orgán.

“Chinn muid go raibh muid sásta go leor ár scéal a insint le go dtiocfadh linn níos mó daoine a mhealladh chuig an chlár deontóirí orgán. Sa choicís a d’imigh thart, chláraigh cuid mhór daoine leis an liosta agus mothaíonn muid go bhfuil an feachtas ag dul go hiontach.

“An rud is fearr faoi ná go bhfuil tuismitheoirí ag teacht chugainn le rá linn gur léigh siad faoi Dháithí agus gur chláraigh siad a bpáistí mar dheontóirí i ndiaidh dóibh a bheith ag léamh faoi na buntáistí a bhaineann leis,” a dúirt Máirtín Mac Gabhann.

Faoi láthair, tá 43% de phobal an tuaiscirt ar an Chlár Deontóirí Orgán.

“Cé go bhfuil líon na ndaoine atá ag clárú mar dheontóirí ag ardú agus cé go bhfuil muid sásta faoi sin, mar thuismitheoirí páiste atá ag fanacht ar orgán, síleann muid go bhfuil an figiúr sin [43%] i bhfad ró-íseal.

“Níl muid ag iarraidh go mbeidh Daithí, nó duine ar bith eile, i measc an 14 duine a fhaigheann bás ag fanacht ar orgán,” a dúirt Máirtín Mac Gabhann.

Dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh “comhrá a thosú” faoi cibé an bhfuil nó nach bhfuil an córas deontóra orgán ag feidhmiú mar is ceart.

“Tá muid ag iarraidh ar shaineolaithe teacht le chéile agus an córas deonaithe orgán a phlé. Má tá 14 duine sa bhliain ag fáil bháis, mothaíonn muid nach bhfuil sé ag feidhmiú mar is ceart,” arsa Mac Gabhann.

Cé go bhfuil Clár Deontóirí ann ó thuaidh agus cárta deontóra ar fáil ó dheas a thugann le fios gur mian le duine a bheith ina dheontóir orgán, nuair atá an duine sin básaithe is faoin teaghlach a fhágtar é an cinneadh deireanach a dhéanamh faoi dheonú a orgáin.

Molann carthanachtaí ó thuaidh agus ó dheas atá ag plé le deonú orgán do dhaoine ar mhian leo a gcuid orgán a dheonú labhairt lena muintir faoin scéal.

Fág freagra ar 'Rath a bhfeachtais ina údar misnigh ag tuismitheoirí Gael óg atá ag feitheamh ar aistriú croí'