Ag tógáil foirne atá Schmidt ach seanchleachtadh aige ar na hÉireannaigh

Le teacht Chraobh na Náisiún tá deireadh le cluichí dúshláin an tsamhraidh, cluichí gur bheag a dtábhacht ar aon chaoi

Ag tógáil foirne atá Schmidt ach seanchleachtadh aige ar na hÉireannaigh

Tháinig deireadh le séasúr rugbaí an limistéir seo trí seachtaine ó shin agus ní bheidh tús á chur leis an gcéad séasúr eile go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair. Fós féin, níl scíth á fáil ag aon imreoir atá ar na painéil idirnáisiúnta rugbaí, go fóillín ar aon chaoi.

Bhíodh sé de nós ag foirne rugbaí an limistéir seo turas samhraidh dhá nó trí chluiche, a thabhairt ar an domhan theas. Fiú má bhí stádas idirnáisiúnta ag baint leis na cluichí seo, ní raibh an oiread sin brú ar fhoirne bua a chinntiú, seachas b’fhéidir, cáil na foirne a chosaint agus cúis mhórtais agus ghleo a thabhairt dá lucht tacaíochta.

Thugadh na cluichí sin deis freisin do bhainisteoirí taithí idirnáisiúnta a thabhairt d’imreoirí nua roimh an tástáil cheart a bhaineann le comórtais ar nós chomórtas na Sé Náisiún.

Ach le teacht Chraobh na Náisiún, comórtas nua idirnáisiúnta rugbaí ar leibhéal domhanda a bheas ag tosú sa limistéar theas inniu, tá deireadh anois le cluichí dúshláin an tsamhraidh, cluichí gur bheag a dtábhacht ar aon chaoi.

Tá leagan amach sách casta ar an gcomórtas nua seo. Ina dhá chuid a imreofar é idir sé fhoireann ón Eoraip agus sé fhoireann ón limistéar theas. Sa gcéad sraith den chomórtas, imreoidh trí fhoireann ón limistéar seo trí chluiche thar thréimhse trí seachtaine sa limistéar theas agus ansin, i mí na Samhna, imreoidh foirne ón limistéar theas trí chluiche san Eoraip. Ag deireadh na sé chluiche sin, imreoidh an fhoireann leis an líon is mó pointí ón limistéar thuaidh i gcoinne na foirne ón limistéar theas a bhfuil an líon is mó pointí acu i gcluiche ceannais a imreofar in Twickenham.

Imreoidh Éire a gcéad chluiche sa gcomórtas nua seo i gcoinne na hAstráile i Sydney ag a 11.00 maidin inniu.

Is deacair toradh na coimhlinte seo a thuar. Tá gortú ag gabháil do go leor imreoirí chéad rogha, Caelin Doris, Tommy O’Brien, Andrew Porter, Mack Hansen agus Jack Crowley ina measc. Is ag na hAstrálaigh atá buntáiste an bhaile cé gur ag tógáil foirne don chéad Chorn Domhanda eile, comórtas a bheas á imirt san Astráil, atá Joe Schmidt, an príomhchóitseálaí, faoi láthair. Is fiú a lua nach bhfuil mórán dearfach le tuairisciú maidir le rugbaí idirnáisiúnta na hAstráile faoi láthair. Níor bhuaigh siad ach faoi dhó sna deich gcluiche deiridh a d’imir siad.

D’imir an dá fhoireann seo i gcoinne a chéile deich n-uaire ó 2011 agus bhuaigh Éire seacht gcluiche acu. Imríodh an ceann is deireanaí in Áth Cliath in 2025. Thug foireann an hÉireann an lá leo leis an scór 22-19. Mar a dúirt mé, is ag tógáil foirne atá Schmidt.

Ag an am céanna tá seanchleachtadh ag Schmidt ar na hÉireannaigh agus ar stíl imeartha Andy Farrell. Is cinnte go mbeidh plean aige le stop a chur lenár sodar. Beidh géarghá le tacaíocht ghlórach ó na mílte Éireannach atá ag cur fúthu i Sydney faoi láthair.

 

Fág freagra ar 'Ag tógáil foirne atá Schmidt ach seanchleachtadh aige ar na hÉireannaigh'