Tá ‘buicéad stáin na spéire’ mo mhealladh ó bhí mé i mo spásaire óg i bPláinéadlann Ard Mhacha

Chuir aistear Artemis II ár gcolúnaí ag smaoineamh agus é den tuairim go bhfuil an spástaiscéalaíocht sa dúchas againn in Éirinn

Tá ‘buicéad stáin na spéire’ mo mhealladh ó bhí mé i mo spásaire óg i bPláinéadlann Ard Mhacha

Agus mé i mo thachrán óg sna 1970idí, ba ghnách le mo mháthair muid a thabhairt as Béal Feirste go dtí an Phláinéadlann in Ard Mhacha. Ní raibh an áit díreach chomh forbartha agus atá sí anois; ní raibh iomrá ar bith ar na seónna iontacha spáis atá anois acu agus, má bhíonn tú sa cheantar, is mór is fiú cuairt a thabhairt uirthi.

Ach, an t-am sin, bhí macasamhail de spáschapsúl Mhearcair acu, creidim, an capsúl a d’úsáid NASA sna chéad iarrachtaí spáseitilte a rinne siad. Bhí an ceann in Ard Mhacha déanta as adhmad is eile agus is ar éigean gur las solas ann, más buan mo chuimhne. Ach níor chuir sin srian ar bith le samhlaíocht spásaire óig as Béal Feirste suí istigh ansin, seal tamaill, agus ligean air féin go raibh sé os cionn na cruinne, ag taisteal leis sa réaltra.

(Insíonn Tom Wolfe scéal iontach Thionscnamh Mhearcair ina leabhar The Right Stuff nó amharc ar an scannán den aimn chéanna atá thar barr fosta.)

Smaointigh mé ar an ghasúr óg sin an lá faoi dheireadh agus mé ag amharc ar bheoshruth NASA (YouTube) agus lucht Artemis II ar a mbealach chun na gealaí. Bhí fairsinge sa bhreis acusan ina gcapsúl, rud riachtanach ó tharla go raibh siad ceathrar ann.  Chuir an rud ar fad iontas agus éad orm. A Thiarna, nár bhreá a bheith leo ar an chéad mhisean foireannaithe chun na gealaí le breis agus 50 bliain?

Baineann laetha luatha NASA le ré luath na teilifíse gan amhras, na híomhánna briste dubh agus bán sin a tháinig ón spás agus ó chlár na gealaí; focla cáiliúla Neil Armstrong ag teacht chugainn amach ó na cianta statacha.

Buanú gnáis a bhí ann fosta an t-aistear ar fad a fheiceáil ar YouTube agus ní ar ardán craoltóireachta traidisiúnta, ar nós NBC nó an BBC, mar shampla. Mór an gar YouTube a bheith ag NASA ar na saolta seo, iad in ann an misean ar fad a chraoladh – ó lainseáil, go haistear, go pilleadh – ar a gconlán féin agus pobal na cruinne in ann breathnú ar an eachtra ar fad de réir mar is mian leo.

(Tá seo á scríobh agus an fhoireann go díreach i ndiaidh an ghealach a bhaint amach agus toiseacht a philleadh abhaile.)

Agus a leithéid d’eachtra atá ann agus ceann is féidir linn a dhéanamh i nGaeilge: “Satailít ag an Domhan í an Ghealach, í ag dul thart air gach 27.3 lá … Fithis éalárnach atá ag an Ghealach, í 221,330 míle uainn nuair is cóngaraí a bhíonn sí dúinn, agus 252,548 míle uainn nuair is faide amach í.”

Ón eolaí póca de chuid an Ghúim ar Réaltaí agus Pláinéid an sliocht beag sin. An bhfeiceann tú sin? Tá an Ghaeilge inchurtha ag an spástaiscéalaíocht!

Ar ndóigh, bhí baint mhór ag Éireannaigh leis an chéad mhisean chun na gealaí. Ba é John F. Kennedy, duine dár sliocht féin, a thug an óráid cháiliúil sin sa bhliain 1962 inar fhógair sé go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe fear chun na gealaí agus é a thabhairt slán ar ais. Seal gairid ina dhiaidh sin, i 1969, a shiúil Neil Armstrong – fear de shliocht Albanach/Éireannach – ar chlár na gealaí.

An bhfeiceann tú an sracadh atá ionainn ach an deis a fháil?

Ró-rómánsúil ar fad a deir tú. Níl neart agam air. Tá an spástaiscéalaíocht sa dúchas againn agus filiúnta. Mar a dúirt an Searcach:

Níl aon ní, aon ní, a stór,
níos suaimhní ná clapsholas smólaigh
i gCaiseal na gCorr,
ná radharc níos aoibhne
ná buicéad stáin na spéire ag sileadh
solais ar Inis Bó Finne.

Tá “buicéad stáin na spéire” mo mhealladh i gcónaí agus mé in ann an turas a fheiceáil ón tseomra suí, nóiméad ar nóiméad. Ní spásaire mé gan amhras ach tolgaire.

Fág freagra ar 'Tá ‘buicéad stáin na spéire’ mo mhealladh ó bhí mé i mo spásaire óg i bPláinéadlann Ard Mhacha'