DIALANN TUAIRISC: An piseoga iad na hilvitimíní agus an teanga mharbh í an Ghaeilge?

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: An piseoga iad na hilvitimíní agus an teanga mharbh í an Ghaeilge?

 An piseoga iad na hilvitimíní?

Scaití airím nach bhfuil sna hilvitimíní agus forlíonta cothaithe eile, ar nós próibhitheacha, ola ae troisc, ach piseoga. An mbíodh do mháthair ag cur iachaill ort ola ae troisc a ól agus tú i do ghasúr? Ar mhaithe leat, ar ndóigh!

Ar cuimhin leat seasamh ar chathaoir sa chistineach agus tú i ngreim ar do shrón is an ola á slogadh siar agat? Tá ról na máthar á imirt anois agam féin agus mé ag cur iachall ar an gcéad ghlúin eile an íobairt a dhéanamh. Ar a laghad sa lá atá inniu ann, tá capsúil ar fáil agus ní fhaigheann tú a blas agus í ag dul siar.

Ach meas tú an bhfuil sé ag teastáil ar chor ar bith? Céard atá chomh hiontach sin faoi ola óiméige ar aon chaoi?

Is fiú na milliúin euro earnáil na bhforlíonta cothaithe agus is deacair a rá an bhfuil freastalaí an tsiopa folláine ag insint na fírinne duit nó an é go bhfuil sé ag obair ar choimisiún.

Luach €179 milliún a bhí ar earnáil na vitimíní agus forlíonta cothaithe in Éirinn sa mbliain 2024 agus meastar go mbeidh luach €258 milliúin uirthi faoin mbliain 2029.

An ionann é agus a bheith ag caitheamh gráinnín salainn thar do ghualainn, nó an bhfuil fiúntas éigin sna vitimíní seo uilig?

Tháinig muid go deireadh na gcrúscaí vitimíní roinnt seachtainí ó shin agus ní raibh aon deifir orm tuilleadh a cheannacht. Bhí mé ag cuimhneamh gur dóigh go mbeadh an ghrian amuigh lá ar bith anois agus an dteastaíonn siad dháiríre i rith an tsamhraidh?

Ceann de na deacrachtaí atá agam ná go bhfuil mé beagáinín piseogach. Nach fearr duit crois Bhríde agus uisce beannaithe a bheith in aice le doras an tí agat ar fhaitíos na bhfaitíos?

Ní túisce na vitimíní agus na Bio-Kults a bheith imithe ná gur bhuail galar éigin chuile dhuine sa teach. Slaghdán samhraidh, is dóigh, fiabhras, tinneas boilg, tinneas cinn, lagar, lagmhisneach, meabhrán agus scornach thinn.

Léigh mé faoin long chrúsála i mBordeaux agus 1,700 duine coinnithe ar bord ann ag an bhFrainc mar gheall ar víreas an tseachtain seo caite. An bhféadfadh gur éalaigh gráinnín den víreas anall chomh fada linne in iarthar na hÉireann?

Bheadh orm céimeanna éigeandála a thógáil.

Amach liom go dtí an siopa le buidéal Dettol a cheannacht go beo. Piseog eile, is dóigh, agus bhí mé rómhall, bhí an tsióg istigh.

Fuair mé amach go bhfuil €7 ar bhuidéal mór Dettol anois, dála an scéil. Thart ar an bpraghas céanna in aghaidh an mhillilítir agus prosecco. B’fhéidir gurb é an prosecco ba cheart a bheith ceannaithe agam ina áit.

Cheannaigh mé arís an stoc vitimíní. Tá na baictéir mhaithe, na vitimíní ilchineálacha, na omegas agus gach uile ní á shlogadh go gealach arís. Dia idir sinn agus an anachain.

An teanga mharbh í an Ghaeilge?

Aon uair go mbíonn an cogadh in aghaidh na Gaeilge in airde déine, fógraíonn namhaid na teanga ‘Irish is a dead language’.

Bhíodh lucht na Gaeilge riamh idir dhá chomhairle faoi cé acu ar cheart nó nár cheart aon fhreagra a thabhairt ar dhream atá chomh gangaideach aineolach sin go mbainfidís sásamh as a leithéid a fhógairt.

Níl iontu ach mionlach beag bídeach a shantaíonn aird, a deirtí.

Ach cé chomh beag is atá an mionlach a chreideann gur teanga mharbh í an Ghaeilge?

Is féidir linn figiúr a chur orthu anois, a bhuíochas le mórshuirbhé nua Fhoras na Gaeilge faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na teanga.

26% de dhaoine ó dheas agus 25% ó thuaidh a chreideann gur ráiteas cruinn é a rá gur teanga mharbh í an Ghaeilge’.

Duine as gach ceathrar, mar sin, thuaidh agus theas, atá sa champa ‘Irish is a dead language’, cé go mb’fhéidir nach ndéarfadh go leor acu go poiblí é agus gur dócha nach mbainfidís ar fad sásamh as é a rá.

Ar an dtaobh eile den scéal dúirt 48% de dhaoine ó dheas go raibh sé  ‘an-tábhachtach’ nó ‘réasúnta tábhachtach’ go mbeadh an Ghaeilge agat chun go mbeifeá ‘fíor-Ghaelach’.

An céatadán céanna daoine – 48% – a dúirt nach raibh an Ghaeilge an-tábhachtach nó nach raibh sí tábhachtach ar chor ar bith fad is a bhain sé le bheith fíor-Ghaelach.

Deir údar na tuarascála breátha gur ‘díol spéise’ chomh maith dream eile. Sin iad an 67% ó dheas agus an 59% ó thuaidh a chreideann gur cuma leis an bpobal “bealach amháin nó eile faoin teanga”.

Ach ní haon cheann de na dreamanna sin go léir is mó a bheadh ag déanamh scime do Dialann Tuairisc, ach dream eile ar fad.

An dream, a ndúirt an t-iaruachtarán Micheál D Ó hUigínn fúthu breis is 25 bliain ó shin “nach bhfuil an Ghaeilge leathmharbh a dóthain dóibh”.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: An piseoga iad na hilvitimíní agus an teanga mharbh í an Ghaeilge?'

  • Páid Ó Donnchú

    Fad is nach bhfuil sé nó sí fostaithe mar dhochtúir in Ionad Éigeandála is cuma liom má deir duine eicínt gur teanga marbh í an Ghaeilge.

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Píosa an-suimiúil… cad is ciall le “Tá an tSióg Istigh”? Grma :-)