Céard go díreach atá i gceist le huachtaránacht an AE agus cén tairbhe a bheidh ann don tír seo?

Níl an tábhacht chéanna ag baint le huachtaránacht na Comhairle anois agus a bhíodh roimh Chonradh Liospóin

Céard go díreach atá i gceist le huachtaránacht an AE agus cén tairbhe a bheidh ann don tír seo?

Beagnach 500 cruinniú ar fad, cruinniú mullaigh idir ceannairí Eorpacha agus 30,000 toscaire ar fad. Sin a chiallaíonn uachtaránacht na hEorpa in uimhreacha loma.

Tá rudaí eile i gceist chomh maith.

Slándáil níos déine ná mar a bhí sa tír riamh cheana agus cúrsaí tráchta ina gcíor thuathail sna háiteacha ina mbeidh cruinnithe á reáchtáil. Agus sean-chríochfort a bhí dúnta in Aerfort Bhaile Átha Cliath le cur ag obair in athuair den chéad uair ó na 1970idí le freastal ar an méid daoine a bheidh ag teacht chugainn as seo go ceann leathbhliana.

Tá tús curtha le huachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach ón gCéadaoin agus de réir cosúlachta tá an obair ullmhúcháin ar bun le beagnach dhá bhliain. Ach céard go díreach atá i gceist leis agus cén tairbhe a bheidh ann don tír seo?

Níl an tábhacht chéanna ag baint le huachtaránacht na Comhairle anois agus a bhíodh roimh Chonradh Liospóin. Rinneadh idirdhealú sa gconradh sin ar fheidhmeanna na n-institiúidí agus cruthaíodh ról d’uachtarán ar an gcomhairle – faoi láthair is é iar-phríomhaire na Portaingéile Antonio Costa atá sa ról sin. Bíonn an tír a bhfuil an uachtaránacht ina seilbh ag comhordú leis-sean ar reáchtáil cruinnithe.

Cé gurb é an coimisiún státseirbhís an Aontais a mholann agus a leasaíonn dlíthe agus rialacháin agus gurb í an Pharlaimint an institiúid atá ionadaíoch ar phobal na mballstát, tá cumhacht ar leith ag an gComhairle mar gur anseo a bhíonn ceannairí na mballstát ag teacht le chéile agus i mbun cinntí faoi pholasaithe an Aontais.

Mar uachtarán ar an gComhairle feidhmíonn ballstát mar chathaoirleach ach tugann sé deis freisin dóibh clár oibre dá gcuid féin a chur chun cinn, más go ciúin féin é. Bíonn cúram ar an stát atá ina bhun comhréiteach a dhéanamh idir institiúidí má bhíonn aighneas ann agus bíonn an t-uachtarán páirteach ar an gcoiste comhréitigh idir an Pharlaimint agus an Chomhairle sa gcéim dheiridh den phróiseas reachtúil san Aontas.

Ar ndóigh, mar uachtarán tá dualgas ar thír a bheith neamhspleách agus gan a ndearcadh náisiúnta féin a chur chun cinn. Ní hin le rá nach mbíonn deis agat mar chuid den phlé seo beagán de sheasamh na tíre a chur i gcion ar do chomhghleacaithe agus ceisteanna ar leith a chur chun cinn, mar a rinne an Fhrainc nuair a theastaigh uathu brú ar aghaidh leis an obair le hathfhorbairt a dhéanamh ar Notre Dame.

Bíonn deis freisin scileanna idirbheartaíochta a léiriú agus aithne a chur ar na pearsaí is mó tionchar timpeall na Bruiséile. Beidh súil á coinneáil ar airí na hÉireann agus a gcumas riaradh a dhéanamh ar na cruinnithe seo. Agus cá bhfios nuair a bheidh an obair ar fad déanta idir seo agus an Nollaig nach mbeadh deis nó dhó ann do dhaoine a bheidh sa tóir ar phost i mí Eanáir a gcumas agus a dtaithí a chur in iúl do mhuintir na Bruiséile?

Fág freagra ar 'Céard go díreach atá i gceist le huachtaránacht an AE agus cén tairbhe a bheidh ann don tír seo?'